AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
An Tampa agus Oileán na Nollag
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Measann go leor daoine san Astráil gur mar gheall ar thoghchán a bheith ag teacht a dhiúltaigh rialtas na hAstráile glacadh leis na teifigh a tarrtháladh san Aigéan Indiach ar an 26 Lúnasa. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.

Íomhá
An Tampa, an long lastais a tháinig i dtarrtháil ar na teifigh, le feiceáil sa chúlra.

Bhí sé ina raic le gairid faoin long a raibh na céadta ar bord uirthi a bhí ag lorg dídine san Astráil. Ach beagán den chúlra i dtosach.

Bhí bád le 460 duine, arbh as an Afganastáin a bhformhór, san Aigéan Indiach ar a bealach ón Indinéis go dtí an Astráil. D’iarr seirbhísí tarrthála na hAstráile ar an long lastais an Tampa as an Iorua, a bhí ar a bealach ó Fremantle go Singapore dul i gcabhair orthu mar go raibh an bád ag tógáil uisce go tréan agus i mbaol báite.

Tógadh ar bord iad, agus dhírigh an captaen ar Merak, calafortsan Indinéis. Nuair a chuala na paisinéirí nua é seo, rinne siad bagairt ar an gcaptaen agus dúirt siad nach dtiocfaidís ar ais go dtí an Indinéis. Mar thoradh ar an mbagairt, dhírigh an captaen ar Oileán na Nollag, críoch de chuid na hAstráile. Ach ní cheadódh rialtas na hAstráile dóibh a theacht i dtír. Chaith siad beagnach seachtain sáinnithe ansin.

Ar deireadh, dúirt an Nua-Shéalainn go dtógfaidís tuairim is trian de na daoine le próiseáil go bhfeicfí an teifigh i ndáiríre iad. Socraíodh go dtiocfadh an chuid eile go Nauru, oileán beag san Aigéan Ciúin.

Cáineadh géar

Rinneadh cáineadh géar go hidirnáisúnta ar an Astráil de bharr an scéil. Níor chuir an Iorua fiacail ann. Ach mar a dúirt tráchtaire amháin san Astráil, má bhí ceacht le foghlaim ag an Astráil faoi chearta daonna nó faoi aon cheist eile, ní ón Iorua a bheadh sé le foghlaim, tír ar thug an oiread sin dá daonra tacaíocht do réimeas na Naitsíoch in aimsir an chogaidh.

Cuireadh i leith an rialtais gur de bharr an toghcháin a bheas ann faoi cheann mí nó dhó a diúltaíodh na teifigh. Tá tacaíocht caillte ag an rialtas le blianta beaga anuas do pháirtí nua ciníoch atá go mór in aghaidh inimirce agus na buntáistí míchothroma dar leo atá ag dúchasaigh maidir le caiteachas rialtais. Measadh go forleathan roimh an eachtra seo go rachadh sé rite leis an rialtas sa toghchán gan cuid den tacaíocht sin a mhealladh ar ais. Ba léir go raibh tacaíocht láidir ag an rialtas ón bpobal faoin scéal. Shéan an rialtas go raibh aon bhaint ag cúrsaí toghchánaíochta leis. Mar a dúirt Mandy Rice-Davies, “Shéanfadh”.

Bhí cuid den tráchtaireacht sna meáin thar a bheith suimiúil. Thagair cúpla foinse san Eoraip (agus ceann in Éirinn) do na créatúir bhochta a bhí “i sáinn san Aigéan Ciúin”. Is dóigh mura bhfuil ar a gcumas idirdhealú a dhéanamh idir an tAigéan Indiach agus an tAigéan Ciúin nach díol iontais é nach mbeadh ar a gcumas plé ró-stuama a dhéanamh ar aon cheo beagán níos casta.

Ar ndóigh bhí neart daoine ag rá go raibh an rialtas atá anois i réim san Astráil síolraithe ó chóilíneacht a bhunaigh daoine a tháinig i dtír go mídhleathach gan buíochas do na daoine a bhí anseo rompu. Nach ait an mac an saol.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.