AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
An droichead
Barra Ó Donnabháin Barra Ó Donnabháin Barra Ó Donnabháin

Bheadh Barra Ó Donnabháin san Ionad Trádála Domhanda nuair a d’ionsaigh na sceimhlitheoirí é, murach gur cuireadh moill air. Déanann sé cur síos anseo ar an lá uafásach sin, an 11 Meán Fómhair.

Íomhá
Íomhá
Osama bin Laden
Íomhá
Andrew Brunn

Tuairim is leathuair tar éis a trí shroiseamar Sráid 59 agus thiomáineamar linn trasna an droichid i dtreo Queens. Dídeanaithe ag teitheadh ón ár. Ó dheas uainn bhí deatach ag éirí ina scamaill ón mbearnas mar a raibh dhá thúr ollmhóra an Ionaid Trádála Domhanda seacht n-uaire níos luaithe. Boladh míchumhra athghéar san aer; gliogram cos ar chlocha duirlinge an droichid; sioscadh cainte anois is arís; fodhuine ag gol. Bhí daoine cneasta, cabhrach cé go raibh fuadar fúthu. Chualas bean á rá nach gcaithfeadh sí sála arda choíche arís. Níl sála arda go maith chun reatha. Bhí an saol ag athrú. Bhí Queens romhainn amach agus bheadh an saol níos sábháilte thall ansan. D’fhágamar an seansaol agus an tsoineantacht i Manhattan.

De chinniúint a bhíos féin i Manhattan. Dob amhlaidh a tháinig an tAthair Pádraig Ó Fiannachta ar cuairt chugainn. Bhí seacht mbliana déag ar fhichead ann ó bhí sé i Nua-Eabhrac cheana. Bhí sé ar ais in Éirinn nuair a tógadh na Túir. Ó bhí lá saor aige dúirt mé leis nárbh fhearr rud a dhéanfaimis ná turas a thabhairt ar na Túir chéanna agus ar Eaglais Naomh Pól taobh leo. Tá leachtanna cuimhneacháin do Thomas Addis Emmet agus William J. MacNeven sa reilig sin, díreach faoi scáth na dTúr. Is cuimhin liom a rá leis freisin go raibh sráideanna Nua-Eabhrac i bhfad níos sábháilte na laethanta seo. Go maithe Dia dom é!

Moill

Thug Pádraig tamall ag léamh a phortúis ar maidin agus cuireadh moill orainn. Mar gheall air sin stopadh an traein ag Sráid 14 nuair a bhuail an chéad eitleán an Túr Tuaisceartach. Nuair a d’éirigh linn teacht aníos ón stáisiún bhí an scrios déanta ag an dara heitleán. Dá mbeimis uair nó fiú leathuair níos luaithe, seans nach mbeinn ag scríobh an phíosa seo. Moladh gach aon duine an t-ádh mar a gheobhaidh.

Ach cé go rabhas féin agus Pádraig sábháilte bhí m’iníon ag obair i bhfoirgneamh an-ghar do “Thalamh Zéro”. Bhaineas triail as fón póca ach toisc gur scriosadh roinnt aeróg agus de bhrí go raibh cúpla milliún eile ag iarraidh scairt a chur ar a muintir féin, ba shaothar in aisce dom é. Sa deireadh thiar thángamar ar fhón poiblí agus d’éirigh liom labhairt le mo bhean chéile, Delia. Bhí sise ag obair i lár na cathrach agus dúirt sí go raibh Máire slán agus ag siúl aníos ina treo. Bhogamar féin chun siúil chomh maith agus thángamar go léir le chéile san oifig mar a raibh Delia ag obair. Ba mhór an faoiseamh dom an bheirt acu a fheiscint. Nuair a chuir na póilíní as an bhfoirgneamh sin sinn thugamar ár n-aghaidh ar an droichead agus sábháilteacht.

San áit a mbíodh an tIonad Trádála Domhanda, tá carn casta stroighne is cruach. Tá barr fíorach so-aitheanta Nua-Eabhrac athraithe go deo. D’fhág an t-ár ár n-intinn trangláilte buartha. Dá mba thimpiste é b’fhéidir go bhféadfaimis ciall de shórt éigin a bhaint as, ach níorbh ea. Is léir anois go bhfuil dream nó dreamanna amuigh ansan a bhfuil fuath marfach acu dúinn, daoine gur cuma leo bás nó beatha sa troid i gcoinne na n-ainchreidmheach. Deir na húdaráis gur radacaigh Ioslamacha faoi cheannas Bin Ladin a bhí taobh thiar de na hionsaithe. An cheist is mó atá á plé ar chláracha teilifíse faoi láthair ná cad a chorraigh an fuath marfach san i gcroí Bin Laden.

Ní lia duine ná tuairim ar cad ba chóir a dhéanamh. Tuigeann Washington anois go bhfuil géarghá le comhoibriú idirnáisiúnta má tá siad chun deireadh a chur le sceimhlitheoireacht dhomhanda. Go dtí seo bhíodar ag druidim sa treo eile, ag trácht go haontaobhach ar dhídean núicléach a thógáil timpeall orainn féin. Chuir na hionsaithe inmheánacha seo deireadh leis sin. Tá cogadh síoraí fógartha ag George W. Bush ar na sceimhlitheoirí agus orthusan a thugann dídean dóibh. Tá an tír ar fad taobh thiar de. Is ag Dia amháin atá fhios cad tá romhainn. Ach pléifimid na cúrsaí sin lá eile. I láthair na huaire tá mairbh fós le caoineadh.

Lucht múchta tine

Ar an Máirt chinniúnach san agus na mílte ag teitheadh lena n-anam ón dá Thúr anuas, bhí Lucht Múchta Tine Nua-Eabhrac ag dul suas i gcoinne an tráchta. Ní orthu féin a bhíodar ag smaoineamh ach ar na hainniseoirí ar na hurláir uachtaracha. Ní raibh breis is 300 díobh le teacht amach arís. I measc na gcuradh seo bhí John Tierney, mac ár gcairde Seán agus Helen Tierney, agus Andrew Brunn, mac mo sheancharad Andy Brunn. Tá John fós ar iarraidh. Fuarthas corp Andrew agus fear dóiteáin eile agus bean ghortaithe eatarthu. Ní raibh máchail orthu. Tachtadh iad nuair a shúigh na tinte an t-aer as an log staighre ina rabhadar. Brat Dé go raibh á gcumhdach. “Níl grá ag aon duine níos mó ná seo: go dtabharfaidh sé a anam ar son a chairde.”

Murach John agus Andrew agus a gcomrádaithe sna seirbhisí éigeandála agus tarrthála, déarfainn go mbeadh aon spré dhóchais a bhí agam sa chine daonna múchta go deo faoi seo. Ach chuir na laochra neamhleithleacha seo comaoin mhór orainn go léir. Mar gheall ar a n-íobairt, tá sé de dhualgas orainn anois cabhrú lena chéile agus domhan nua cothrom carthanach síochánta a chruthú do shliocht ár sleachta. Go mbeannaí Dia Meiriceá!

Is as Iarthar Chorcaí ó dhúchas é Barra Ó Donnabháin. Tá cónaí air i Nua-Eabhrac anois, áit a bhfuil sé ag obair mar innealtóir. Tá sé ag scríobh colún Gaeilge go seachtainiúil don Irish Echo le deich mbliana anuas.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.