AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
D’imigh sin is tháinig seo
Barra Ó Donnabháin Barra Ó Donnabháin Barra Ó Donnabháin

Tá an t-ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda tar éis Meiriceá a athrú ó bhonn. Feiceann Barra Ó Donnabháin comharthaí, áfach, go bhfuil acmhainn grinn na Meiricéanach á taispeáint féin arís.

Íomhá
An tUachtarán Bush i Manhattan, 14 Meán Fómhair
Íomhá
Bush agus Blair le chéile sa Teach Bán

Ní dóigh liom gur chreid an dream a d’eagraigh na hionsaithe ar an Ionad Trádála Domhanda go dtitfeadh an dá thúr. Cinnte, bhíodar ag iarraidh ár agus argain a dhéanamh ar Nua-Eabhrac agus ar Washington. Creidim nach raibh Osama bin Laden agus a chomhsceimhlitheoirí ach ag súil go gcuirfeadh na hionsaithe fearg chomh mór sin ar Mheiriceá go n-ionsódh Bush agus na “seabhaic” i Washington an Iaráic agus an Iaráin chomh maith leis an Afganastáin as éadan, ar áit na mbonn. Dá ndéanfaidís é sin bheadh an domhan Arabach le ceangal agus bheadh a Jihad ag bin Laden. Ach bhí an t-uafás chomh mór sin gur baineadh an anáil den domhan. Chuir íomhánna na dtúr ag titim alltacht ar na milliúin ar fuaid na cruinne. Ionsaí ar an tsibhialtacht féin ab ea é. Tháinig go leor de na cumhachtaí domhanda ar mhalairt intinne i dtaobh sceimhlitheoireachta ar an lá san.

Is léir go ndearna imeachtaí 11 Meán Fómhair athrú mór ar intinn George W. Bush chomh maith. Bliain roimis sin bhí sé den tuairim go bhféadfadh agus gur chóir do Mheiriceá a bealach féin a sheoladh; b’fhearr ina haonar í ná i ndrochchuideachta. Bhí sé ag magadh faoi dhaoine a mhol tacaíocht mhíleata a thabhairt do náisiúin áirithe agus saighdiúirí Meiriceánacha a fhágaint in áiteanna straitéiseacha ar fuaid an domhain. Ní raibh meas madra aige ar na Náisiúin Aontaithe. Bhí sé ar son bhuiséid chomhardaithe agus gheall sé go ngearrfadh sé siar ar líon na státseirbhíseach agus ar chaiteachas an rialtais. Bliain ó shin nuair a cheistigh iriseoir é ní raibh a fhios aige cérbh é uachtarán na Pacastáine. Tá a fhios aige anois. D’fhoghlaim sé go tapaidh.

Níor chuir sé na diúracáin chúrsála ag triall ar Bagdad. D’éist sé leis an dream modarálta agus thug sé faoi chomhaontas domhanda a chur le chéile go foighneach. Chím comhairle a athar agus lámh Colin Powell ansan. Tá a aidhmeanna á gcur chun cinn go breá stuama aige go dtí seo. Ach tá bóthar fada aimhréidh roimhe. Tá tíogar aige ar adhastar. Tá cogadh aige le treorú, comhaontos le cothú agus pobal le ceansú. Ní mhaím a chúram air.

Ag tochras ar a gceirtlín féin

Beidh sé rídheacair na tíortha sa chomhaontas a choimeád faoi smacht. Beidh gach tír díobh, ní nach ionadh, ag tochras ar a ceirtlín féin. Tóg, mar shampla, An Phacastáin agus an Ind. Is cumhachtaí núicléacha iad agus tá an Chaishmír mar chnámh spairne eatarthu. Agus níl an Phacastáin ná an Araib Shádach dothreascartha. Tá na Moslamaigh antoisceacha an-láidir sa dá thír sin agus tá lucht tacaíochta líonmhar ag bin Laden iontu araon, go háirithe i measc na n-óg. Níl ceachtar de na ceannairí thar mholadh beirte. Anois nuair a chaitheann tú Iosrael agus an Phalaistín, an Rúis agus an tSín isteach sa choire céanna tá stobhach sách spíosrach agat. Stobhach pléascach.

Má bhíonn snaidhmeanna doscaoilte ag Bush thar lear, agus beidh, beidh fadhbanna aige sa bhaile chomh maith. Tá neart daoine beagáinín trína chéile cheana féin agus tá siad ag éirí bréan de na comharthaí mearbhlacha atá ag teacht ó na húdaráis. Cé gur chuireadar an leas-uachtarán i bhfolach áit éigin, mholadar dúinn dul ar aghaidh lenár saol agus ag an am céanna d’iarradar orainn “to report anything unusual or alarming” nó “any mysterious health symptoms.” Bhí gach duine galareaglach sa tír ar an nguthán láithreach lena dhochtúir agus ní raibh na póilíní agus an FBI in ann na rabhaidh agus na haláraim go léir a láimhseáil. Daoine macánta den chuid is mó a ghlaoigh isteach ach bhí go leor den sórt eile ann freisin. Chuir scéala an antraisc scanradh ar go leor daoine. Chuir na meáin go mór leis an sceon lena dtuairisceoireacht éigrinn. Ba neamartach an mhaise dóibh scéalta a scaipeadh gan tabhairt le fios nach raibh iontu ach ráflaí. Níl cleachtadh againn fós ar an sórt seo saoil ach táimid ag foghlaim.

Sea, tá cúrsaí ag feabhsú agus tá acmhainn grinn na Meiriceánach á taispeáint féin arís. Feicim an mheidhir ag borradh aníos anso is ansúd le déanaí. Inné fuaireas ríomhphost agus foláireamh ann a chuir ar mo chosaint mé ar sheift diabhlaí eile de chuid Osama bin Laden. D’éirigh leis, de réir na teachtaireachta, na mílte crogall lánoilte ocrach a scaoileadh isteach i gcórais shéarachais na Stát Aontaithe. D’fhógair sé dóibh gach aon Mheireánach a shuífidh ar an mbabhla ar an ochtú lá fichead den mhí seo a ionsaí agus greim a bhaint as. Is maith an fhaire an fhógairt. Ní rachaidh mise in aon ghaobhar do theach an asail ar an lá san. A chairde Gael, déanaigí amhlaidh. Agus a bhin Laden, go dtóga an diabhal leis thú idir chorp agus chleiteacha, tú féin is do chuid crogall.

Deir Time na seachtaine seo go bhfuil níos mó éilimh ar Cipro ná ar Viagra faoi láthair. Bímis ag faire go géar ar an réaladh seo mar is fíric níos trombhríche ná an GNP í. Go dtí an mhí seo chugainn, nár bheire crogall gairid oraibh!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.