AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Ar a sháimhín só
Balor Balor Balor

Bhí Balor ar saoire an mhí seo caite agus tá spin rud beag níos fearr air dá bharr.

Íomhá

Racht ar bith ar Bhalor an mhí seo. Tá sé i ndiaidh sos sóúil samhraidh a ghlacadh i lios ar leith i lár tíre agus is suaisí go mór a shúil nimhe dá bharr. Ba mhaith le Balor na Búidhe a bhuíochas a chur in iúl dá chairde uilig a sheol cártaí poist chuige agus iad féin ar a laethanta saoire sa bhaile agus thar lear i rith an tsamhraidh. Idir mórtas agus mosán atá fear na súile nimhe faoi na cártaí céanna, áfach. Cinn bholscaireachta de chuid ‘www. Beo Ar Éigean’ amháin a fuair sé, cinn saor in aisce a fhágann Leamh Ó Cuinneagáin ar foluain san aer suaite ina dhiaidh gach áit a dtéann sé, gach aon cheann acu ar aon dearadh: portráid Bhaloir féin ar chlé agus léarscáil an domhain ar dheis, mar is cuí.

Taobh amuigh den dóiteacht atá air cionn is nár iarradh a chead a phictiúr a chur ar na cártaí, tá sé ciaptha gur seanphortráid dá chuid a bhfuil stáraithe an domhain ag gácáil air. “Glacadh an pictiúr sin sula ndeachaigh mé isteach le crochadh éadain a fháil,” a deir sé. “Is áille go mór ná sin anois mé. Ní raibh crochadh de dhíth áit ar bith eile seachas ar mo ghnúisín aoibhinn. Dúirt na dochtúirí liom go raibh gach rud eile crochta i gceart,” a mhaíonn Balor na hUmhlaíochta Uirísle.

Agus é ar a sháimhín mar atá, ba mhaith le Balor a thacaíocht a thabhairt dá raibh le rá ag Máire Ní Chlochráin, an tAire Stáit i Roinn na hÉalainge, Oighearaoise, Galltachta agus Oinniún, i dtaca le cúrsaí óil. Agus í ag caint le grúpa staonairí ar na mallaibh (ina dáilcheantar féin, dar ndóigh), cháin sí óltóirí na hÉireann go trom as an mhéid alcóil a chaitheann siad siar agus as an drochéifeacht a bhíonn ag an diúgaireacht seo orthu féin agus ar an tír i gcoitinne.

“Sin duine atá ar aon intinn liom féin,” a mhaíonn Balor na Barrshamhla Báine. “Tá a fhios ag an saol mór, agus ag Máire Ní Chlochráin níos fearr ná duine ar bith, nach cóir bheith ag ól agus ag tiomáint. Nár mhill sí ceann de na gúnaí liathchorcra áille sin (na cinn a chaitheann sí os comhair na gceamaraí i nDáil Éireann) nuair a dhoirt sí a pionta agus í ag casadh coirnéil? Tá muid thar a bheith buíoch den Aire as aird mhuintir na hÉireann a tharraingt ar an chontúirt seo.”

Déanann Balor comhghairdeachas le Cumann Cleasaithe Lúbaireachta na nGael agus le hArd-Rúnaí an Chumainn, Liam Ó Maolmhicí, as na cluichí breise ar fad a chuir siad ar fáil dúinn i mbliana. Chuidigh siad go mór leis an samhradh fuar, fliuch, feannaideach a dhéanamh suimiúil. “Cleasaithe cruthanta cearta iad,” a deir Balor na Glinnsúile Nimhe. “Agus is breá liom an stíl atá acu. Cuma sa tsioc leo fá thuairimí daoine ná fá chosa tuirseacha na n-imreoirí. Níor leor leo na cluichí breise a bhí socraithe roimh ré. Mheall siad réiteoir i ndiaidh réiteora le cluiche i ndiaidh cluiche a chríochnú le comhscór - athimirt i ndiaidh athimeartha agus milliúin i ndiaidh milliún punt ag dul isteach i gciste Ard-Chomhairle Chumann na gCleasaithe Lúbaireachta, le go mbeidh sé d’acmhainn acu bosca corparáideach a fháil ar cíos.”

Déanann Balor cásamh agus comhbhrón lena iar-sheanchara, Cathal Ó hÍthá, iar-ArdRí Éireann agus iarchaiteoir charbhait Charvez, agus é anois ina dhídeanaí. Is iomaí iar-sheanchara ar chuir Cathal fáilte roimhe sa teach mór sin lámh le Donnycarney. “’Sé mo Laoch, mo Ghillín Mearaí,” a chaoineann Balor. Is é an chomhairle a chuireann Balor ar Chathal ná an chomhairle chéanna a chuir Cathal ar mhuintir na hÉireann, agus é ina ArdRí:

Teannaigí bhur gcriosannaí agus teannaigí iad go docht. Bígí caol os comhair an tsaoil - rud uasal é bheith bocht. Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian, Nó níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.