AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Turas eachtrúil Bhrains Cowen
Balor Balor Balor

Caitheann Balor a shúil nimhe ar imeachtaí in Éirinn agus thar lear le tamall anuas.

Íomhá
Íomhá
Farmleigh, teach aíochta an rialtais

Tá Balor, ar nós achan duine eile sibhialta ar chlár an domhain, fá smúit agus scamall an mhí seo, ag na huafáis a bhain do mhuintir bhocht Mheiriceá. Bhí sé dodhéanta fiú leamhgháire a bhaint as a ghnúis mhaorga mhairgiúil ‘fhad is a bhí na cláracha gáifeacha teilifíse agus na pictiúir léanmhara ag teacht amach, ceann i ndiaidh a chéile.

Tháinig loinnir bheag bhídeach ina shúil nimhe, áfach, nuair a chonaic sé a sheanchara, Brains Cowen, Aire Gnóthaí Bleachtaireachta na hÉireann, agus é ina sheasamh gualainn le gualainn le Yasser Marrowfat. “Bhí Marrowfat faoi ionsaí ag cúpla míle tuairisceoir ó gach tír ar domhan, micreafóin dá sá isteach ina aghaidh, agus iad ag iarraidh a fháil amach an raibh aon bhaint aige leis an tragóid i Meiriceá,” a deir Balor na Súile Glinne Nimhe. “Bhí Marrofat ag séanadh achan sórt. Shéan sé go raibh sé fuathúil ar Mheiriceá; shéan sé go raibh aithne aige ar aon duine a bhí fuathúil ar Mheiriceá; shéan sé go raibh a fhios aige cá raibh Meiriceá. Bhí sé sásta a shéanadh gurbh eisean Yasser Marrowfat. Le gach croitheadh dá cheann chroith ceann Bhrains fosta; an dá chloigeann, an ceann gruagach agus an ceann tuáilleach, ag dul anonn agus anall, mar a bheadh luascadán, iad beirt ar aon bhuille,” dar leis an Chioclóp Scéalach.

Agus cad é a bhí ag dul fríd intinn Bhrains nuair a bhí na tuairisceoirí ag caint ar dhiúracáin Cruise ag taisteal aniar? Ní dhéanfadh sé gearán riamh arís nach bhfuair sé seans taisteal thar lear. Dá n-éireodh leis suaimhneas bheár Theach na Dála a bhaint amach ní fhágfadh sé a stól ann riamh arís; d’íocfadh sé a chuid billí in am; ní chaithfeadh sé seile ar bith eile i bpionta John Bruton, agus fear na léine goirme ar shiúl ag teach an asail; ní chuirfeadh sé uisce coisricthe riamh arís fríd uisce beatha na gcuairteoirí aduaidh; thabharfadh sé bosca scór Carrolls agus an Star agus an Sun isteach chuig Liam Lawlor an chéad uair eile a bheadh sé sa Joy - é sin ar fad, agus níos mó, dá dtabharfadh Dia slán abhaile é ó fhásach an Mheánoirthir agus dá gceapfadh Bertie é ina Aire le Cúram Leithris Chontae Uíbh Fhailí.

Bhí rud beag trua ag Balor dá sheanchara, an t-aire. “Tá eachtrannach agus seachantach ann. Agus tá eachtrach agus eachtrúil ann. B’fhearr duit foclóir a ithe sula nglacann tú le haireacht ar bith eile,” a chomhairlíonn Balor do Bhrains bocht Cowen.

Leis na himeachtaí móra tragóideacha a thit amach le tamall anuas, tá dearmad déanta ag go leor daoine ar an chuairt a thug Príomh-Aire na Síne ar thír na hÉireann an mhí seo caite. Ní hamhlaidh do Bhalor na Cuimhne Cruinne, áfach. Ba é an Síneach an chéad chuairteoir iasachta a fuair leaba agus lóistín saor in aisce i dteach aíochta úr an rialtais, Farmleigh, lámh le Páirc an Fhionnuisce. Bhí caint ar ainm na háite a athrú agus mhol daoine “Áras Fáilte”, “Brú na hÉireann” agus ainmneacha eile gan bhlas. Tá Balor s’againne den bharúil láidir nach mbíonn a dhath ar bith eile le déanamh ag na daoine sin a scríobhann isteach go rialta chuig Clár Plé Beo ar Éigean; agus ar mhaithe le rud inteacht cruthaitheach a thabhairt dóibh le déanamh iarann sé moltaí fá choinne ainm úr Farmleigh. “Tá me féin sásta an chéad mholadh a chaitheamh isteach sa charn aoiligh,” a deir Balor an Bard. “Cionn is gur Síneach a bhí mar chéad aoi sa teach aíochta, molaimse “Chew ‘n Lie” mar ainm úr ar an B’n'B.” (Chew ‘n Lie .... Chou En Lai ...??? ... Ní hea??? Á bhail! Ceart go leor!)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.