AR NA SAOLTA SEO
Na haontachtaithe ina gcadhain aonair
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Féachann Tony Birtill ar phobalmheas a foilsíodh sa nuachtán The Guardian le deanaí faoi Thuaisceart Éireann.

Íomhá
John Mitchel
Íomhá
An feisire Tony Benn

Níor chuir torthaí an phobalmheasa a rinne The Guardian (an nuachtán Sasanach) ar na mallaibh iontas orm (www.guardian.co.uk/Northern_Ireland).

De réir shuirbhe an Guardian/ICM tá 41% de mhuintir na Breataine i bhfábhar Éire aontaithe agus níl ach 26% sásta go bhfanódh Tuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe.

Fosta, níl trua ar bith acu do na haontachtaithe. Maidir leis na fadhbanna atá ag baint leis an phróiseas síochána faoi láthair, cuireann 3% acu locht ar na haontachtaithe, 5% ar na poblachtánaigh, ach cuireann 64% an locht ar an dá phobal sin.

Sin gonc mór do na hUltaigh a chreideann gur Briotanaigh iad - is léir nach gcreideann na fíor-Bhriotanaigh an rud céanna. Agus cén fáth a gcreidfeadh? Do dhaoine anseo i Sasana, blas Éireannach a bhíonn ar chuid cainte na n-aontachtaithe a chloiseann siad ag caint ar an teilifís nó ar an raidió. Agus nuair a fheiceann na gnáth-Shasanaigh an tOrd Oráisteach ag iarraidh siúl trí áiteanna conspóideacha, ní thuigeann siad cad é atá ag dul ar aghaidh. Cé go bhfuil Oráistí i Learpholl agus i nGlaschú, is áiteanna ar leith iad sin. Tá ceangal láidir idir grúpaí faisisteacha agus na dílseoirí, ar ndóigh (cf. www.s-light.demon.co.uk), ach cé go mbíonn siad foréignach agus glórach, níl mórán acu ann. Leis na trioblóidí atá ag an Pháirtí Coimeádach sa lá atá inniu ann, níl mórán ama ag seanchairde na n-aontachtaithe sa pháirtí sin le cuidiú a thabhairt dóibh.

De réir pobalmheasa in Éirinn i 1999, tá 86% do na daoine i bhfábhar Éire aontaithe, in ainneoin an vóta i bhfábhar Chomhaontú Aoine an Chéasta i mí na Bealtaine 1998. Sin thart faoin mhéid céanna a vótáil do Shinn Féin san olltoghchán i 1918. Ar ndóigh, ní raibh Rialtas Shasana sásta le hÉire neamhspleách agus dhiúltaigh siad glacadh leis an vótáil dhaonlathach sin. Tá muid uilig ag íoc as an chinneadh neamhdhaonlathach sin ó shin. Agus muid ag druidim le 2018, tá sé suimiúil go bhfuil na Sasanaigh agus na hÉireannaigh ar aon tuairim sa chás seo agus go bhfuil na haontachtaithe ina n-aonar.

Cúpla feachtas

Tá sé suimiúil fosta go bhfuil cúpla feachtas ag The Guardian a bhfuil baint acu le ceist an daonlathais in Éirinn. I mí na Nollag 2000, bhí eagarfhocal sa nuachtán ag rá go mba chóir go mbeadh reifreann sa Ríocht Aontaithe ar cheist an mhonarcachais. D’admhaigh siad go bhfuil sé in aghaidh an dlí - The Treason Felony Act 1848 - an cheist seo a phlé agus nuair a scríobh an t-eagarthóir, Alan Rushbinder, chuig an Ardaighne, Lord Williams of Mostyn, ag iarraidh comhairle chuir Mostyn in iúl dó nach raibh sé sásta “to take action which sanctions in advance conduct which may be criminal”. Príosúnacht saoil an pionós atá ann de réir an dlí seo má bhíonn tú ag argóint ar son an phoblachtánachais sa Ríocht Aontaithe.

Tugadh isteach an dlí seo an chéad lá riamh chun stad a chur leis an daonlathas in Éirinn. Nuair a ghabh na Sasanaigh John Mitchell i mí Aibreáin 1848, d’athraigh siad an dlí go speisialta chun é a chur ina thost go deo. Fuair sé ceithre bliana déag ionnarbtha sa Tasmáin mar phionós, cé gur éalaigh sé tar éis trí bliana go dtí na Stáit Aontaithe. Tháinig John Mitchell ar ais go hÉirinn in 1874 agus toghadh é mar fheisire poblachtánach i dTiobraid Árann ach ní raibh cead isteach aige go Westminster, fiú nuair a atoghadh é in 1875.

Sa lá atá inniu ann tá triúr feisirí poblachtánacha sa chruachás céanna agus bhí sé spéisiúil píosa as dialann Tony Benn MP a léamh sa Guardian ar na mallaibh faoi na deacrachtaí a bhí aige leis an mhóid dílseachta don bhanríon i 1964.

Tá feachtas eile ag an Guardian in aghaidh The Act of Settlement 1701. Deir an t-acht sin go gcaithfidh an monarc a bheith ina Phrotastúnach agus níl cead aige/aici Caitliceach a phósadh fiú. De réir The Guardian tá an dlí seo in aghaidh Acht Chearta Daonna an Aontais Eorpaigh, ach arís tá imní orthu an argóint seo a chur chun cinn de thairbhe an Treason Felony Act 1848.

Is léir go bhfuil éasclínte sa chóras rialtais i Sasana agus ní ar na hÉireannaigh atá an locht go bhfuil sé sin amhlaidh!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.