Sé mhí ó shin bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an bua ag an bhfreasúra in olltoghchán na míosa seo san Astráil. Tá athrú tagtha ar an scéal le roinnt míonna anuas, áfach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
Beidh olltoghchán san Astráil ar an deichiú lá den mhí seo. Beidh toghchán ann do chuile shuíochán i dTeach na nIonadaithe agus do thuairim is leath na suíochán sa Seanad.
Cé ag a mbeidh an ceann is fearr? Sé mhí ó shin bheadh an freagra an-éasca - ag an Lucht Oibre, an páirtí is mó sa bhfreasúra. Bhí an bua acu in dhá thoghchán stáit - in Queensland agus in Iarthar na hAstráile - ag tús na bliana agus ba léir go raibh an comhrialtas coimeádach idir na Liobrálaigh agus an Páirtí Náisiúnta i gcruachás. Tá cuid de thacaíocht an rialtais goidte ag an bpáirtí ciníoch One Nation le blianta beaga anuas agus ba chosúil go raibh tionchar aige sin ar na toghcháin stáit.
Ach i mí Lúnasa tharla eachtra an Tampa, nuair a dhiúltaigh an rialtas cead a theacht i dtír do 460 duine a bhí ag lorg dídine san Astráil. Tháinig méadú mór ar thacaíocht an rialtais dá bharr agus nuair a fógraíodh an toghchán shíl cuid mhaith daoine gur ag an bPríomh-Aire Liobrálach John Howard a bheadh an lá. Ach sna pobalbhreitheanna is deireanaí tá an dá dhream gob ar ghob agus seans maith ag Kim Beazley, ceannaire an Lucht Oibre.
Tá an freasúra ag cur béime ar fhostaíocht, oideachas agus sláinte agus ar mhaolú a dhéanamh ar an gcáin earraí agus seirbhísí. Ní thaitníonn an cháin seo le riar maith den phobal ná le lucht gnó. Tá an rialtas ag cur béime ar a gcumas ceannaireachta, ar a dtaithí i mbun rialtais (ó 1996) agus ar an gcaoi ar sheas siad an fód in aghaidh na dteifeach mar is léir go bhfuil vótaí ansin dóibh.
Toghchán daonlathach
=======
Is toghchán daonlathach a bheas sa toghchán seo. Is cuma cén áit ar domhan a bhfuil muintir na hAstráile, tá sé de cheart ag chuile shaoránach vóta a chaitheamh. Ní fhéadfaí an rud céanna a rá faoi Éirinn. Tá cosc ar 22% de shaoránaigh na hÉireann (atá thar lear) vóta a chaitheamh i dtoghcháin Dála agus ar 96% de shaoránaigh na tíre vóta a chaitheamh i dtoghcháin Seanaid. Ach ní stopann sin rialtas na hÉireann ón mbréag “Ireland is a parliamentary democracy” a leathadh ar fud an domhain ar an Idirlíon. Is galar gan náire í an bhréagadóireacht.
I measc na dtoghlach san Astráil tá Kalgoorlie in Iarthar na hAstráile a bhfuil 2.3 milliún ciliméadar cearnach ann - tuairim is 27 méid na hÉireann. Ceaptar gurb é sin an toghlach is mó ar domhan. Ar an gceann is lú tá Wentworth in oirthear Sydney, áit a bhfuil Bondi Beach. Níl ann ach 27 ciliméadar cearnach, ar cóimhéid le hInis Mór.
Is léir gur ag an gcomhrialtas nó ag an Lucht Oibre a bheas an lá sa teach íochtarach. Ach beidh ar an rialtas comhoibriú le pé dream a mbeidh cóimheá na cumhachta acu sa Seanad le reachtaíocht a chur i bhfeidhm. Is ag an an bPáirtí Daonlathach go traidisiúnta a bhí sé ó bunaíodh iad sna seachtóidí. Ach tá daoine ag rá go bhfuil seans ag One Nation an babhta seo. Go dtarrthaí Dia sinn!