AR NA SAOLTA SEO/FACHTNA
Seanad Éireann: tá gá le leasú ó bhonn
Fachtna Ó Drisceoil Fachtna Ó Drisceoil Fachtna Ó Drisceoil

Tá Fachtna Ó Drisceoil den tuairim gur gá athruithe radacacha a dhéanamh ar an Seanad chun é a dhéanamh níos daonlathaí.

Íomhá
An Seanad

Feargal Quinn, Mary Henry, David Norris, Shane Ross, Joe O’Toole agus Brendan Ryan. Táim cinnte go n-aithníonn tú ar a laghad roinnt de na seanadóirí cumasacha sin. Thogh céimithe Ollscoil na hÉireann agus Choláiste na Tríonóide iad. Tugann toghlaigh na n-ollscoileanna deis do sheisear ó lasmuigh de chóras na bpáirtithe guth a bheith acu san Oireachtas (Parlaimint na hÉireann).

Tá an 54 suíochán eile faoi smacht na bpáirtithe, áfach. Roghnaíonn Teachtaí Dála agus Comhairleoirí Contae 43 acu. Ar chuala tú riamh trácht ar na seanadóirí Peter Callanan, Paul Coghlan nó Camillus Glynn? Ceapann an Taoiseach aon duine dhéag eile - daoine iomráiteacha (mar dhea), leithéidí Frank Chambers agus Ann Leonard, ina measc. Iartheachtaí Dála nó polaiteoirí a bhfuil súil acu ar shuíochán Dála is ea fórmhór an dá ghrúpa deiridh.

Deirtear ó am go ham gur chóir deireadh a chur leis an Seanad, nach bhfuil ann ach fóram cainte. Ach uaireanta léiríonn an Seanad a luach, agus de ghnáth is iad na seanadóirí neamhspleácha a bhíonn i gceist. Mar shampla, níos luaithe i mbliana ba é an Seanadóir Shane Ross a thug faoi deara fabht bunúsach sa reachtaíocht chun cosc a chur ar phobalbhreitheanna sna laethanta roimh thoghchán. Cuireadh an plean seafóideach sin go tóin poill mar thoradh ar ghéarchúis Ross.

Arís agus arís eile, is iad seanadóirí na nOllscoilleanna a thugann na hóráidí is eolaí agus is deisbhéalaí, ní hamháin sa Seanad ach i dtithe an Oireachtais trí chéile. Is é a locht a laghad. Mar sin, is é atá ag teastáil, seachas fáil réidh leis an Seanad, ná córas a chuirfeadh deireadh le smacht na bpáirtithe polaitiúla ar an Teach Uachtarach agus a chuideodh le níos mó daoine cumasacha ar nós sheanadóirí na nOllscoileanna suíochán a bhaint amach.

Easpa daonlathais

Tá fadhb bhunúsach eile le roghnú na Seanadóirí: níl sé daonlathach. Níl sé daonlathach gur féidir leis an Taoiseach aon duine dhéag dá chuid lucht tacaíochta féin a cheapadh. Níl sé daonlathach gur féidir le cúpla céad polaitieoir an chuid is mó de na baill sa Teach Uachtarach a thoghadh. Níl sé daonlathach fiú nach bhfuil vóta ach ag céimithe na nOllscoileanna seanbhunaithe don sé shuíochán dheireanacha, in ainneoin an moladh atá tugtha agam do na seanadóirí a thoghann siad.

Tá fúm anseo córas nua a mholadh don Seanad. Córas na dToghlach Sainspéise a thabharfaidh mé air. I gcomhair thoghchán na Dála ní mór do gach vótóir clarú chun vótáil sa toghcheantar ina bhfuil cónaí air. Faoin gcóras atá á mholadh anseo, bheadh ar gach vótóir clarú le toghlach sainspéise i gcomhair thoghchán an tSeanaid. Bheadh réimse toghlach ann, mar shampla Toghlach na Gaeilge agus na Gaeltachta, Toghlach na gCeardchumann, Toghlach na mBan, an Toghlach Deonach agus Pobail agus mar sin de. Roghnódh na vótóirí féin an toghlach ar mhian leo clarú leis.

Bheadh méid áirithe suíochán ag gach toghlach bunaithe ar an méid vótóirí a bheadh cláraithe leis. Thabharfadh Toghlach na Gaeilge agus na Gaeltachta deis do dhaoine cumasacha, leithéidí Liam Uí Chuinneagáin, Phádraig Uí Chuanacháin agus Mháirín Nic Eoin, suíochán a bhaint amach. (Níl a fhios agam an mbeadh spéis ag éinne acu siúd ina leithéid - níl iontu ach samplaí.) Bheadh an rud céanna fíor faoi na toghlaigh shainspéise eile. Smaoinigh, mar shampla, ar na daoine breátha atá ag obair in eagraíochtaí pobail agus deonacha.

Chun go mbeadh an córas níos daonlathaí fós, bheadh saghas toghcháin ann chun na toghlaigh féin a roghnú nuair a bheadh an córas á bhunú ar dtús. D’fhéadfadh grúpa ar bith, nó cúpla grúpa le chéile, toghlach a mholadh don phobal. Chláródh an pobal don toghlach ar mhaith leo a bheith páirteach ann, ach bheadh an dara agus an tríú rogha acu agus mar sin de. I gcomhair gach cuóta - abair 30,000 vótóir - a chláródh le toghlach ar leith, bheadh suíochán Seanaid le toghadh ón toghlach sin. Muna n-éireodh le toghlach cuóta amháin a bhaint amach, chuirfí as an áireamh é agus dháilfí na vótóirí de réir a dara rogha. Leanfadh an córas clarúcháin ar aghaidh de réir phrionsabail na vótála cionmhara go dtí go mbeadh na toghlaigh ar fad roghnaithe. Má tá cuma chasta ar an gcóras seo, cuimhnigh nach dtarlódh an chuid sin den phróiseas ach amháin nuair a bheadh an córas á bhunú i dtús báire.

Dreamanna imeallacha

Ach fós féin bheadh dreamanna imeallacha nach n-éireodh leo ionadaíocht a bhaint amach faoin gcóras seo. Ní raibh duine a raibh cónaí air ar oileán riamh ina bhall den Oireachtas, agus chuile sheans nach n-éireodh le Comhdháil na nOileán a chur ina luí ar 30,000 vótóir clarú i gcomhair Thoghlach na nOileán. Chuile sheans freisin go dteipfeadh ar an Lucht Taistil cuóta a bhaint amach. D’fhéadfaí b’fhéidir cúig shuíochán a chur i leataobh le haghaidh dreamanna nach bhfuil ionadaíocht ar bith eile acu san Oireachtas. Ní bheadh barántas ag dream ar bith ar cheann de na suíocháin seo agus níor ghá gurbh iad an cúig dream céanna a bheadh i gceist i ndiaidh gach toghcháin. Chun na ceapacháin a choiméad amach as an gcóras polaitiúil oiread agus ab fhéidir, is é an tUachtarán seachas an Taoiseach a roghnódh an cúigear seanadóir breise sin.

Tá Coiste Uile-Pháirtí Oireachtais i mbun athbhreithnithe ar Bhunreacht na hÉireann le ceithre bliana anuas. Má tá aon mhórathrú le déanamh ar an mBunreacht, caithfear deireadh a chur le córas mídhaonlathach an tSeanaid. Ach ní bheinn ródhóchasach go molfaidh na páirtithe polaitiúla córas a chuirfeadh deireadh lena smacht féin ar an Teach Uachtarach.

Is as Baile Átha Cliath é Fachtna Ó Drisceoil. Is saoririseoir agus craoltóir é. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis ag dubhros@iolfree.ie.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.