Is iad na Sínigh an grúpa mionlaigh is mó sna sé chontae. Mar a mhínigh duine den phobal sin do Liz Curtis, áfach, tá go leor de mhuintir Bhéal Feirste doicheallach go maith rompu.
Thosaigh Cora ag sileadh na ndeor. “Bhí mo dheirfiúr bheag ag siúl chun na scoile,” ar sise. “Ní raibh sí ach aon bhliain déag d’aois. Chaith duine éigin seile uirthi ó bhus a bhí ag gabháil thart. Bhí seile ar a gualainn.”
Níl muid ag caint faoi pháiste scoile as Scoil na Croise Naofa in Ard Eoin ag dul trí scata mór dílseoirí, ach cailín beag Síneach a chónaíodh i dTuaisceart Bhéal Feirste fosta.
“Sin deich mbliana ó shin,” a dúirt Cora. “Níor dhúirt sí tada liom go dtí ar na mallaibh.” Bhí an méid sin fulaingthe ina súile agus í ag smaoineamh faoi go mbrisfeadh sé do chroí.
Tá Cora ag obair mar oifigeach airgeadais in eagraíocht phobail i lár na cathrach. Bhuail mé léi trí chara de mo chuid darb ainm Fraoch a oibríonn ansin fosta. D’inis Fraoch dom faoi eachtra a tharla lá amháin a bhain an-phreab as achan duine san oifig.
Tá an oifig ar an bhunúrlar agus tá fuinneoga móra ann. Tá deasc Cora in aice leis na fuinneoga. Chruinnigh grúpa páistí scoile thart taobh amuigh lá. D’amharc siad isteach ar na fuinneoga agus nuair a chonaic siad Cora, chuir siad a méara in aice lena súile agus rinne siad súile cúnga astu.
“Thosaigh Cora ag caoineadh go ciúin,” arsa Fraoch. “Bhí sé millteanach ar fad. Dúirt sí liom, ‘Cad é atá siad ag iarraidh? Go n-athróinn mo chraiceann?’”
Ina dhiaidh sin, labhair Cora liom faoina saol agus faoin mhéid tarcaisne a bhíonn le fulaingt aici. Is cailín an-séimh cotúil í, agus níor mhaith léi go nglacfaí grianghraf di.
An grúpa is mó
Is iad na Sínigh an grúpa mionlaigh eitnigh is mó i dTuaisceart na hÉireann. Tá an chuid is mó acu ag obair sa lónadóireacht, tionscal a bhfuil obair an-chrua agus uaireanta fada i gceist ann. Tá cuid eile acu ina ndochtúirí; tháinig siad go hÉirinn mar mhic léinn agus ansin chuir siad fúthu anseo.
“Tháinig mo thuismitheoirí anseo thart fá fiche bliain ó shin. Bhí saol crua i Hong Cong ag an am. Bhíodh caife bia ghasta acu i dTuaisceart Bhéal Feirste. Níl Béarla acu agus an rud maith faoi sin ná nárbh fhéidir leo na maslaí a thuiscint. Tá siad éirithe as anois. Is mian leo fanacht i mBéal Feirste mar go bhfuil siad cleachtaithe leis an saol anseo. D’íoc siad a gcánacha anseo. Tá an tseirbhís sláinte saor in aisce anseo, ach níl i Hong Cong.
“D’fhan mé féin i Hong Cong ar dtús, ansin chuaigh mé go Sasana agus rinne mé céim sa chuntasóireacht. Fuair mé post i gcoláiste in oirthuaisceart Shasana. Bhí an-chiníochas ansin. Ansin tháinig mé anseo agus bhí sé mar a gcéanna.”
Thug sí sámplaí: “Glaotar leasainmneacha orainn, mar ‘Chinkie’. Cuireann siad strainceanna orthu féin linn. Déanann siad fuaimeanna mar ‘hoo ha’. Bíonn siad ag spochadh as ár dteanga. Rud eile, cuireadh graffiti ciníoch ar eaglais s’againne - is Críostaí mé, agus tá eaglais Shíneach againn. Shíl mé gur Críostaithe iad muintir Bhéal Feirste - mar dhea!”
Chuir mé ceist uirthi an raibh difear ar bith idir an “dá phobal” maidir le ciníochas. “Níl,” a d’fhreagair sí. “Tá na Protastúnaigh agus na Caitlicigh mar a gcéanna, agus is cuma cad é an méid oideachais atá acu. Maidir leis na Caitlicigh, nuair a bhíonn cos ar bolg á himirt ar dhuine, déanann an duine sin iarracht duine eile a ansmachtú.”
Ní nach ionadh, níl Cora sásta i mBéal Feirste. “Níor mhiste liom bogadh go Londain nó go dtí na Stáit Aontaithe. Ach fanfaidh mé le mo thuismitheoirí mar go bhfuil siad ag éirí sean. Rud eile, tá buachaill agam nach Síneach é agus tá teaghlach s’aige anseo.”
Na hinimircigh
Níos luaithe sa bhliain, bhí Seachtain Chaidreamh Pobail ar siúl i mBéal Feirste. Mar chuid di, eagraíodh lá eolais faoi stair na n-inimirceach sa chathair ó 1600. Bhí sraith léachtaí ann, ag tosú le cinn faoi na hAlbanaigh sa 17ú aois agus na hÚgónaigh, Protastúnaigh a tháinig ag deireadh na haoise sin ón Fhrainc, i ndiaidh don rí Caitliceach Louis XIV a gcearta a bhaint díobh.
Ansin pléadh inimircigh a tháinig níos moille, mar na Giúdaigh - bhí pobal rathúil acu ag tús an 20ú haois, ach níl ach 200 duine ann anois. Pléadh an pobal beag Indiach fosta agus na Sínigh.
Labhair Dean Lee ó Chumann Leasa na Síneach faoina phobal. Is as Hong Cong teaghlach Dean fosta agus tógadh i nGleann Ghormlaithe i dTuaisceart Bhéal Feirste é. Mhínigh sé gur tháinig tromlach den phobal Síneach ó áiteanna faoin tuath i Hong Cong, as na Críocha Nua. Meastar go bhfuil chóir a bheith 10,000 Síneach ag cur fúthu i dTuaisceart na hÉireann.
Ní raibh sé ar intinn ag Dean an ciníochas a phlé. Ach nuair a cuireadh ceist air mar gheall air, dúirt sé na rudaí céanna a bhí ráite ag Cora.
“Glaotar leasainmneacha orm sa tsráid achan seachtain,” ar seisean. “Bíonn ionsaithe fisiceacha agus creachadóireacht ann fosta, agus ciníochas institiúdach - ní smaoiníonn siad ar riachtanais phobal s’againne. Tá daoine aineolach agus tá easpa suime acu i gcultúir eile. Nó tá suim acu i gcuairteoirí - a fhad is go bhfuil siad ag dul ar ais go dtí an áit as ar tháinig siad.”