AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Ned Kelly - laoch nó cladhaire?
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Ní raibh an ceithearnach Ned Kelly ach cúig bliana is fiche nuair a crochadh é sa bhliain 1880. D’éirigh leis an-cháil a bhaint amach i rith a shaoil ghairid, áfach, agus tá trácht air go fóill san Astráil, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
Íomhá
Éide chatha de chuid Ned Kelly atá ar taispeáint i Leabharlann Stáit Victoria

Díoladh píosa miotail ag ceant i Melbourne le gairid. Píosa de sheanchéachta a bhí ann, timpeall 25 cm ar fhad agus 2.4 cileagram meáchain. Cé mhéad, meas tú? $200,000 (c. £90,000) a íocadh air. Bhí suim faoi leith ann mar chuid de stair chultúrtha na hAstráile. Ba phíosa gualainne é den éide chatha a bhí ar Ned Kelly, an ceithearnach coille ba mhó cáil sa tír, nuair a gabhadh é in Glenrowan in 1880.

Ba de bhunadh Éireannach é Ned Kelly. B’as Contae Aontroma a mháthair agus b’as Contae Thiobraid Árann a athair. Gearradh seacht mbliana príosúin thar sáile ar a athair de bharr dhá mhuc a ghoid.

Bhí achrann ag Ned i gcaitheamh a shaoil leis na póilíní i Victoria, fórsa a bhí sáite sa gcaimiléireacht. Chaith Ned, a dheartháir Dan agus beirt chomrádaí leo dhá bhliain ar a dteitheadh de bharr eachtra inar maraíodh triúr póilíní. Le linn an ama sin robáil siad dhá bhanc agus ghabh siad cúpla baile mór.

Ar deireadh thiar tháinig said go Glenrowan áit ar chaith said dhá lá ag réiteach d’ionsaí na bpóilíní. Ní ócáid róghruama a bhí sa deireadh seachtaine. Bhí sé de cháil ar an Glenrowan Inn go mbíodh uaineoil rósta den scoth le fáil ann. Chaith Ned agus a chomhluadar cuid den deireadh seachtaine ag damhsa cuadraille le bean an tí agus a hiníon agus seinneadh neart ceoil ar an gconsairtín.

Nuair a thug na póilíní ruathar faoin áit, maraíodh a thriúr comrádaí agus gabhadh Ned. Glactar leis go forleathan anois nár tugadh cothrom na Féinne dó agus é ar a thriail. Daoradh chun báis é. Shínigh 60,000 duine achainí thrócaire ach crochadh é i Melbourne i mí na Samhna, 1880. Tá díospóireacht ar siúl fós an laoch nó cladhaire a bhí ann. I suirbhé idirlín le gairid dúirt 46% den lucht freagartha gur laoch é agus dúirt 34% gur cladhaire a bhí ann.

Tá píosa amháin den scéal nach bhfuil deireadh fós leis. Bhí £50 an duine ag dul do chúigear lorgairí dúchasacha a bhí sa tóir ar Kelly. Níor íocadh an t-airgead riamh mar “ní bheadh ar a gcumas úsáid a bhaint as”. Tá cúis chúirte ar siúl le hocht mbliana ag sliocht na lorgairí ag iarraidh $84 milliún (cúiteamh agus cumas infheistíochta san áireamh).

ráfla ann nár gabhadh Kelly beag ná mór, gur mhair sé go dtí 1977, go raibh siopa hamburger aige in Alice Springs agus gur dhíol sé le hElvis é tar éis na dtuairiscí go bhfuair seisean bás. Ní chreidim féin go bhfuil focal fírinne sa scéal sin. Ach ní bheadh a fhios agat.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.