AR NA SAOLTA SEO
Ainriail ag leathnú ar fud Bhéal Feirste
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Déanann Robert McMillen cur síos ar dhrochsheachtain eile sna Sé Chontae.

Íomhá
An t-iriseoir Martin O'Hagan a dhúnmharaigh dílseoirí i mBéal Feirste Dé hAoine, 28 Meán Fómhair.

Tá sé an-deacair an colún seo a scríobh. De dheasca an spriocama atá ann don alt, bíonn i gcónaí géarchéim réidh le titim amach nó ar tí á réiteach agus mé i mbun pinn.

Inniu, tá scéala faighte agam gur maraíodh Martin O’Hagan, duine de na hiriseoirí is mó cáil ó thuaidh, scaoilte ag grúpa dílseoirí faoin teideal The Red Hand Defenders, bréagainm an LVF nó an UFF, atá ag obair as láimh a chéile ó maraíodh Billy Wright cúig bliana ó shin.

Críoch fhuilteach le seachtain ifreanda.

B’iontach an tseachtain í an tseachtain seo caite, Groundhog Day ach le suímh éagsúla - mí-úsáid phoiblí pháistí Scoil na Croise Naofa; fíochmhaireacht an fhoréigin i dtuaisceart Bhéal Feirste; buille eacnamaíochta don chomhlacht Shortts; moilleadóireacht an NIO fá stádas shos cogaidh na ndílseoirí agus, anois, dúnmharú iriseora a dhírigh solas geal ar an dlúthbhaint idir paramílitigh dílseacha agus drugaí.

Cúpla uair an chloig roimh lámhach Marty O’Hagan, tharraing Státrúnaí an Tuaiscirt, An Dr. John Reid, siar ó chinneadh a bhí déanta aige deimhniú go hoifigiúil go raibh sos cogaidh an UDA, agus a arm marfach an UFF, críochnaithe. (Sea, an John Reid a bhí ar an Late, Late Show ag inse scéalta grinn nuair a bhí na sceimhlitheoirí ag ullmhú le dul i mbun gnímh.)

Chuir Príomh-Chonstábla an RUC, Sir Ronnie Flanagan, in iúl don Státrúnaí “gur thuig an UDA an damáiste a bhí an foréigean á dhéanamh do dhaoine aonair, agus an damáiste a bhí sé á dhéanamh do phróiseas na síochána, agus gur chinn siad ar stop a chur leis an fhoréigean.”

Thug an Dr Reid “seans amháin eile” - an seans deireanach - don UDA. Seacht n-uaire an chloig níos moille, scaoil comhghuaillíocht idir an LVF agus an UFF iriseoir cróga.

Tá an lámh in uachtar ag an bhullaí, is cosúil.

Lúbthacht mhorálta

Tá titim as a chéile stádas shos cogaidh na ndílseoirí ag léiriú níos soiléire contrárthachtaí inmheánacha Chomhaontú Aoine an Chéasta. Bhí lúbthacht mhorálta i gcónaí ag baint leis an chomhaontú. Bhí saoradh luath na bpríosúnach - daoine a bhí ciontach as na dúnmharaithe ab uafásaí sa choimhlint ó thuaidh - ar cheann de na comhréitigh ba dheacra ag daoine glacadh leis.

Ach, bhí na páirtithe polaitíochta agus an dá rialtas mar a bheadh dochtúir ann - ag tabhairt cógaisí cáidheacha do na hothair, á rá “tá a fhios againn go bhfuil sé go dona, ach déanfaidh sé maith duit.”

Anois, is cosúla le placebo ná cógas ceart é an leigheas polaitiúil a tugadh dúinn i 1998, agus tá an phian ag dul in olcas.

Má dheimhníonn John Reid go bhfuil an sos cogaidh thart, tá sé maíte ag urlabhraithe dílseacha go dtabharfaidh sé sin carte blanche do dhílseoirí a rogha rud a dhéanamh, mar níl aon bhuntáiste acu a bheith ar shos cogaidh, mar dhea. Muna ndeimhníonn sé go bhfuil an sos cogaidh thart, beidh an toradh céanna i gceist!

Má bhriseann an UFF (arm marfach an UDA) suas ina smidiríní - cealla beaga de cheathrar agus cead a gcinn acu agus ainm ar leith ar achan cheann acu - cad é a dhéanfaidh an rialtas?

Agus cad é a dhéanfaidh sé leis an IRA a bhfuil daoine maraithe acu ó d’fhógair siad sos lámhaigh i 1994?

Má bhíonn an UDA - nó dream ar bith eile - “specified” ag an Aire Stáit, ní chiallaíonn sé sin go dtógfar achan bhall den ghrúpa agus go gcuirfear i bpríosún iad. Má bhíonn duine ar bith á scaoileadh saor go luath ciontach as coir éigin, agus an fhianaise ann ina éadan, tógfar é agus cuirfear i bpríosún é.

Is ar an RUC - nó ar an tseirbhís úr phóilineachta - a bheas an cúram baill an UVF, an UFF agus an IRA a chur i bpríosún. Agus leis an teannas a thiocfaidh as sin, cad é tharlóidh do mholtaí Patten?

A fhad is atá daoine ag iarraidh a theacht ar fhreagraí ar na ceisteanna seo, tá an ainriail ag leathnú ar fud Bhéal Feirste. Caithfear smacht a chur i bhfeidhm arís ach ní dócha gur féidir sin a dhéanamh leis an momentum atá imeachtaí uafásacha ag cruthú d’aonturas agus ainneoin mhian ghnáthmhuintir na Sé Chontae.

Tá polaiteoirí ag cur an mhilleáin ar an dream eile, mar a bhí Nero agus an Róimh ag dó. Tá sé truamhéalach amach is amach.

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.