AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Saoi nó daoi?
Barra Ó Donnabháin Barra Ó Donnabháin Barra Ó Donnabháin

Is ceap magaidh é George W. Bush do go leor daoine ach measann Barra Ó Donnabháin go bhfuil dul amú orthu siúd a mheasann gur daoi é an tUachtarán.

Íomhá
An tIonadaí JC Watts as Oklahoma.
Íomhá
Uachtarán Mheicsico Vicente Fox, fear atá an-chairdiúil le George W. Bush.

Cheapfeá go mbeadh George W. Bush in ann teilileideoir a úsáid faoi seo. Bhíos ag féachaint air an oíche faoi dheireadh agus bhraitheas an-mhíchompordach corrabhuaiseach é ós comhair an cheamara. Glactar leis go coitianta sna meáin nach bhfuil greim ródhaingean aige ar an mBéarla. Agus cé go bhfuair sé MBA ó Harvard, admhaíonn a mháthair, fiú, go raibh sé pas beag mall ar scoil.

Ar ndóigh bíonn sé ina cheap magaidh ag na fuirseoirí ar an teilifís chuile oíche. Téann cuid acu thar fóir leis an bhfonóid, agus dá dheasca san creideann neart daoine go bhfuil glagaire againn sa Teach Bán. Ach ná codail ar an gcluais sin! Ní haon amadán é, agus ba shaonta an mhaise do dhuine ar bith glacadh leis gurb ea. Tá fios a ghnótha aige. Mo thrua!

Cúpla lá sular ghlac sé móid na hoifige thug sé féin agus a bhean cuairt ar na Clintons. Chaith an bheirt fhear tamall ag plé cúrsaí polaitíochta go cairdiúil. “Nár ghasta an tseift í, ‘An Scáil’ a thabhairt ar Gore?” arsa George. Tamall roimh an toghchán thosaigh George ag rá nach raibh i nGore ach scáil Clinton agus dá dheasca san bhí eagla ar Gore iarraidh ar Clinton cabhrú leis sa bhfeachtas. Tá a fhios ag an saol cad a tharla. D’aontaigh Bill leis gur bheart fíorchliste é. Aithníonn cleasaí cleasaí eile.

Is polaiteoir é George. Ní saoinathaí é ach tá gliceas ann. Tá dhá rud mhóra ar aigne aige na laethanta seo: téarma eile mar uachtarán, agus móramh sa Seanad agus i dTeach na nIonadaithe ar feadh an ama. Tá straitéis aige chun na spriocanna san a bhaint amach. Má éiríonn leis, beidh coimeádaigh i mbun na gcúirteanna go ceann fiche bliain.

Is cuid de straitéis George gan mórán airde a thabhairt ar rudaí níos faide anonn ná ceithre bliana, rudaí beaga fadtréimhseacha mar “téamh domhanda,” agus gan srian dá laghad a chur ar na comhlachtaí móra. Ach thar aon rud eile tuigeann sé gur uachtarán gan móramh é agus go mbeidh vótaí sa bhreis uaidh i 2004. Ar an ábhar sin tá George agus a chuid comhairleoirí ag díriú a n-airde ar mhionlaigh áirithe, na Cúbaigh, na Meicsicigh agus na hAfra-Mheiriceánaigh, mar shampla, ag súil lena mealladh isteach sa tréad. Má éiríonn leo, tiománfaidh siad ding pholaitiúil isteach i gcroí an chomhaontais liobrálaigh.

Gníomhaireacht nua

Ní raibh Bush ach seachtain sa Teach Bán nuair a chuir sé tús le gníomhaireacht nua, “The Office of Faith-Based and Community Initiatives”. Gníomhaireacht mhaoiniúcháin atá inti le hacmhainn phoiblí a bhronnadh ar eaglaisí agus ar dhronga cráifeacha a sholáthraíonn cabhair do na boicht. An-smaoineamh, déarfá, ach de ghnáth ní shamhlófá tionscadal den sórt seo leis na Poblachtaigh choimeádacha, mar gheall ar an deighilt bhunreachtúil idir stát agus eaglais a bhíonn mar mhaide mullaigh acu ina gcuid fealsúnachta.

Ach má fhéachann tú go géar ar na daoine atá gafa sa bhfeachtas feicfidh tú ainm an Ionadaí Phoblachtaigh JC Watts ó Oklahoma i lár baill. Is Afra-Mheiriceánach é, fear atá le fada ag moladh dá leathbhádóirí aird a thabhairt ar na geiteonna. Bheadh sé éasca go leo, dar leis, Poblachtaigh mhaithe a dhéanamh de na daoine bochta ach ladhar airgid a sheoladh ina dtreo. Smaoinigh nach bhfuair Bush ach 8% de vótaí na nAfra-Mheiriceánach. D’éist Bush le JC. Rinneadh duine truachroíoch de. Ach níl ag éirí go rómhaith leis an bhfiontar seo, ámh. Níl fonn ar na heaglaisí beaga cabhair a lorg ó Washington mar gheall ar an maorlathas agus na laincisí a ghabhann le deontais ón rialtas. Fara sin, tá drochiontaoibh ag na hAfra-Mheiriceánaigh ó dhúchas as na Poblachtaigh.

Ach is scéal eile na Spáinnigh. D’iompaigh na Cúbaigh ina bPoblachtaigh de dhroim oíche nuair a chuir Reachtas Clinton an buachaill Elian Gonzales ar ais go Cúba. Tá breis is 35 milliún Latinos sa tír seo de réir dhaonáireamh na bliana 2000, agus is Meicsicigh 66% den líon sin. Tá suas le 5 mhilliún Meicsiceach anso go mídhleathach agus tá siad ag dul i líonmhaireacht in aghaidh an lae. Le tamall anuas tá George W ag moladh stádas dleathach a thabhairt dóibh. Anois níl an Chomhdháil chun a leithéid a dhéanamh ná baol air, go ceann tamaill fhada ar aon nós; rud a thuigeann George go maith. Ach nuair a dhiúltaíonn na Seanadóirí rud a dhéanamh air cuirfidh sé an milleán ar na Daonlathaigh agus beidh an craiceann agus a luach aige. Chomh maith leis sin, tá Bush an-chairdiúil le Vicente Fox, uachtarán Mheicsiceo. Seans maith go bhfaighidh na Poblachtaigh slám mór de votaí na Latinos. Ní haon dóithín é George.

Ach i ndeireadh an lae ní dóigh liom gur ar na dreamanna sin a bhraitheann todhchaí George W. i 2004, ach ar an ngeilleagar. Má thiteann an tóin as an margadh is cuma dó sa diabhal cad a dhéanann na Meicsicigh.

Is as Iarthar Chorcaí ó dhúchas é Barra Ó Donnabháin. Tá cónaí air i Nua-Eabhrac anois, áit a bhfuil sé ag obair mar innealtóir. Tá sé ag scríobh colún Gaeilge go seachtainiúil don Irish Echo le deich mbliana anuas.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.