Féachann Robert McMillen ar cheist na póilíneachta sna sé chontae, ceist atá ina cnámh spairne go fóill idir na páirtithe polaitíochta éagsúla.
Smaoinigh air: oll-liathróid tine ag luascadh fríd shráideanna Thrá Lí oíche na Rósanna. Nó pléascadh ifreanda, le bladhairí agus srapnal, ag stróiceadh fríd an aer ag dó agus ag scrios a raibh i láthair ag Rásaí na Gaillimhe. Smaoinigh ar an tocht agus ar an fhearg a bhí ort ag breathnú ar thórraimh íobartaigh bhuama na hÓmaí méadaithe faoi dheich.
Da bpléascfadh an buama tine a d’fhág dílseoirí i mBaile an Chaistil ag deireadh mhí Lúnasa, bheadh ár dochreidte ann. Is ceann de na féilte is seanbhunaithe in Éirinn é an Auld Lammas Fair (ciallaíonn Lammas “Loaf Mass"), ócáid mhór clainne do Chaitlicigh agus do Phrotastúnaigh. Ach tá clú an Chaitliceachais ar Bhaile an Chaistil agus sin an fáth gur toghadh é don léirscrios seo. Tchí Dia na daoine a bheartaigh an eachtra seo.
Ach níl san iarracht seo na céadta a mharú ach céim eile i bhfeachtas leanúnach foréigin in éadan na gCaitliceach ó thuaidh atá ag dul ar aghaidh, le níos mó ná 200 ionsaí buama píopa, peitril nó péinte ar thithe gnáth-Chaitliceach, le bliain anuas. Le tamall de mhíonna, tá ionsaí amháin ag tarlú gach lá. Creidtear go forleathan gurb iad an UDA/UFF atá taobh thiar de bhunús na n-ionsaithe seo faoin ainm Cosantóirí na Láimhe Deirge (Red Hand Defenders).
Smaoinigh air: 10-15,000 ball den IRA ag siúl síos Sráid Uí Chonaill fána mbratacha ómóis do laochra agus gníomhartha Óglaigh na hÉireann. Ní thig leat? Ar an 26 Lúnasa, mháirseáil 10-15,000 den UDA/UFF síos Bóthar na Seanchille, gléasta in éide paraimíleata, balaclavas orthu.
“Tá an cogadh thart,” a dúirt siad, ach an cogadh idir an UVF agus an UDA a bhí i gceist acu. An mbeadh a gcuid fuinnimh uilig de dhíth le slad a dhéanamh ar an phobal náisiúnaíoch?
Smaoinigh air: 10-15,000 ball den UDA ag máirseáil fríd Bhaile Bhláinséir nó Áth Luain nó Luimneach - nó, i gcead do Mhargaret Thatcher, tá Béal Feirste chomh hÉireannach le Baile Munna nó Killiney féin - agus gan an Taoiseach a dhath a rá. Ní thig leat?
Reid ina thost
Níor mheas Státrúnaí an Tuaiscirt John Reid gur thuill an mórthaispeántas paraimíliteach ráiteas uaidh. Níor phléasc polaiteoirí aontachtacha le fearg ollmhór agus an smuitín seo á thabhairt don daonlathas ag grúpa a áiríonn dúnmharfóirí, lucht díolta drugaí, drong na caimiléireachta agus biogóidí seicteacha ina measc.
Smaoinigh air: taispeántas nirt ghrúpa sceimhlitheoirí agus an Garda Síochána ag breathnú air amhail is gur paráid Lá na Féile Pádraig a bhí ann. Ní thig leat? Sin mar bhí an RUC le linn na bagartha seo, mar sin a bhí ann - foláireamh do Chaitlicigh agus do Rialtais na hÉireann agus na Breataine go raibh an tsíocháin faoi chomaoin ag an UDA agus nach bhféadfadh nó nach dtiocfadh leis an RUC cur ina éadan.
Ar an Luan, 28 Lúnasa, bhuail toscaireacht ón SDLP le Príomh-Chonstábla an RUC, Sir Ronnie Flanagan. Ba é seo an chéad chruinniú a bhí ag an SDLP ó ghlac siad leis an Phlean Gníomhaithe don Phóilíneacht. Den chéad uair, bhí tacaíocht á tabhairt ag páirtí polaitíochta náisiúnaíoch don phéasfhórsa áitiúil.
Bhuail Alex Atwood agus baill eile an pháirtí leis an RUC le sos cogaidh an UDA a phlé. Fuair siad dearbhuithe ó Sir Ronnie go raibh sos cogaidh an UDA á mheas “ar bhonn laethúil”, agus d’imigh an toscaireacht léi sona sásta.
Is ansin, áfach, atá ceann de mhórfhadhbanna an SDLP. Den chéad uair, fuair Sinn Féin níos mó votaí ná an SDLP i dtoghchán Westminster. Tá maíte ag Gerry Adams gur ghlac an SDLP an cinneadh glacadh leis an Phlean Gníomhaithe don Phóilíneacht le “fíoruisce glas” (focail s’agamsa) a chur idir iad agus Sinn Féin. Mura dtig le páirtí Hume agus Mallon a thaispeáint go soiléir gur féidir leo athruithe bunúsacha in iompar an RUC a bhaint amach on taobh istigh, tréigfidh an pobal náisiúnaíoch iad - go háirithe an t-aos óg sin atá ag cruthú todhchaí rathúil do Shinn Féin. Mura dtig leo beart a dhéanamh de réir a mbriathair, is é bosca bruscair na staire atá i ndán dóibh.
Tá an SDLP ag iarraidh rudaí a bhaint amach taobh istigh den Bhord Póilíneachta - ina measc, deireadh le húsáid piléar plaisteach, cód eiticí do bhaill an phéasfhórsa úir, straitéis oideachais, traenála agus forbartha, córas measúnaithe d’achan oifigeach agus athruithe i gcuma agus i maisiú stáisiún péas.
Tá difear an domhain idir an béarlagair sin agus béarlagair Shinn Féin sa fhreagra a thug siad don Phlean Gníomhaithe don Phóilíneacht. An rud atá uathu ná Tuarascáil Patten ina iomláine - an comhghéilleadh bunúsach a bheadh inghlactha ag náisiúnaithe. Phléasc Peter Mandelson an comhghéilleadh sin lena Acht Póilíneachta. Is é an toradh atá air sin ná go bhfuil seanscoilt an 20ú haois idir poblachtánaigh agus náisiúnaithe athmhúscailte, ach le difear mór amháin: is iad na poblachtánaigh atá in uachtar ó thaobh thacaíocht an phobail de. Tá Sinn Féin ag dul chun tosaigh fad is atá an SDLP ag dul in aois.
Cad é faoin Fhronta Pan-Náisiúnaíoch? Tá bearna idir an SDLP agus Sinn Féin, tá Bertie Ahern ag obair lámh ar láimh le Tony Blair (agus é ag breathnú ar an chéad olltoghchán eile ó dheas), tá rialtas úr i Meiriceá nach bhfuil chomh tógtha sin fá cheist na hÉireann, ainneoin go raibh siad níos gníomhaí go dtí seo ná mar bhí daoine ag dúil leis (ach ní chuideoidh cás “Thriúr Bogota” le nascanna rathúla le Washington a chothú do Shinn Féin).
Tá an mana “ní neart go cur le chéile” caite ar leataobh agus luach a saothair á lorg ag na páirtithe - cumhacht pholaitiúil. Ó thaobh na náisiúnaithe de, beidh sin ag brath ar cé a bheas ábalta - i measc rudaí eile - an líon is mó athruithe san RUC a bhaint amach.
Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen.