An t-ilchultúrachas - sin an chéad rud a thug mé faoi deara agus mé i mBoston. Chuir sé iontas orm meascán chomh mór sin daoine a bheith ag maireachtáil le chéile in aon áit amháin - daoine geala, daoine dubha, lucht na Spáinnise agus an dream ón Áis. Thairis sin ní dhearna mé mórán machnaimh ar cheist na gciní, cé go raibh na cúrsaí seo go mór i mbéal an phobail agus mé ag fágáil “the old country”, mar a thugtar ar Éirinn anseo.
Tharla eachtra oíche amháin, áfach, agus mé ag obair mar fhear dorais ag scrúdú cártaí aitheantais. Mar is eol do gach mac máthar anois, de bharr mhí-iompar iníonacha George W. Bush, níl cead ag duine ól anseo muna bhfuil sé os cionn bliain is fiche. Tá na húdárais lándáiríre faoin riail seo agus cuirtear i bhfeidhm go tréan í.
An oíche áirithe seo tháinig ceathrar suas chuig doras an tí tábhairne: beirt bhan meánaosta agus a n-iníonacha. Stop mé iad agus dúirt nach mbeadh cead isteach ag na cailíní muna raibh na cártaí aitheantais cuí acu. Dar ndóigh ní raibh agus dhiúltaigh mé iad a scaoileadh isteach.
Ag an bpointe sin thosaigh na mná do mo mhaslú go fíochmhar agus dúirt, “You ain’t lettin’ us in cause we’re black”. Ansin chas siad agus d’imigh siad. Tharla rud suimiúil ansin: d’fhan na cailíní ar feadh nóiméid agus dúirt siad liom gan aon aird a thabhairt ar an méid a bhí ráite ag na máithreacha. D’fhág siadsan slán agam ansin go gealgháireach.
Deighilt
Léirigh an eachtra seo an deighilt mhór idir meon na glúine a d’fhás aníos sna seascaidí agus sna seachtóidí agus an ghlúin níos óige. Cheistigh mé cúpla duine tar éis na heachtra le feicéail ar tharla aon rud suntasach i mBoston féin a mhíneodh treise racht feirge na mban meanaósta.
Míníodh dom gur dócha nach raibh na cailíní óga thíos leis an gciníochas oiread agus a bhí glúin a máithreacha agus luadh eachtra amháin arís agus arís eile: an chonspóid a bhí ann faoi “school busing”.
Is éard a tharla ná gur chuir an Breitheamh W. Arthur Garrity Jr. iachall ar na húdárais scoile i 1974 gasúir ó Roxbury (geiteo de chuid na ndaoine dubha) a thógáil go South Boston High School ("Southie” - geiteo Éireannach) mar chuid d’fheachtas le cothromaíocht cine a bhaint amach sna scoileanna poiblí. Dhiúltaigh muintir Southie don rialú seo agus thosaigh siad ag tógáil a gcuid páistí amach ón scoil phoiblí agus á gcur isteach sna scoileanna príobháideacha Caitliceacha. Bhí sé ina chogadh dearg sa cheantar agus bhí aird na tíre dírithe ar Bhoston ar feadh tamaill.
D’fhág na heachtraí seo i 1974 rian láidir ar an gcathair atá fós le brath, cé nach bhfuil sé chomh suntasach anois is a bhí. Mar a léirigh an eachtra ag an doras, áfach, níl mórán ag teastáil leis an tseanéagóir a athmhúscailt, i gcás glúine áirithe ar aon nós.
Chuir an eachtra seo ag machnamh mé faoi na círéibeacha cine a tharla i Cincinnati níos luaithe i mbliana agus an trioblóid i gcathracha thuaisceart Shasana tamall ó shin. Caithfear an cheist a chur: céard atá i ndán do Bhaile Átha Cliath amach anseo?
Gan amhras, má ghlactar le líon mór eachtrannach sa tír beidh trioblóid againn sa todhchaí. Tharla sé gach áit ar glacadh le roinnt mhaith eachtrannach, mar sin tuige nach dtarlódh sé in Éirinn? Muna nglacaimid leis na hinimircigh, áfach, ní bheimid ag comhlíonadh ár ndualgais sa domhan, dualgas atá orainn de bharr go bhfuil rath eacnamaíoch ar an tír faoi láthair. Cuimhnímis freisin ar an gcaoi a raibh ar mhuintir na hÉireann imeacht thar sáile nuair a bhí cúrsaí go dona sa tír.
Is cinnte go mbeidh ceisteanna ag baint le ciní agus le ciníochas d’ár gcrá go ceann i bhfad in Éirinn agus go mbeidh siad mar chnámh spairne, díreach mar atá anseo sna Stáit Aontaithe.
Tá Daithí Ó Loideáin tar éis céim a bhaint amach sa Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Is Bleá Cliathach é a bhfuil ceangal aige le Ros Comáin.