De bharr phróiseas na síochána, measann Tony Birtill go mbeidh sé níos fusa ag Éireannaigh sa Bhreatain comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach 1916 agus ar eachtraí tábhachtacha eile i stair na hÉireann.
Bhí áthas orainne i gConradh na Gaeilge i Learpholl i mí Dheireadh Fómhair nuair a fuair muid cead pleanála ó Pháirc Náisiúnta Snowdonia do leacht cuimhneacháin i bhFrongoch, Gwynedd sa Bhreatain Bheag.
Seo an áit ina raibh 1,800 Éireannach i ngéibheann tar éis Éirí Amach na Cásca i 1916. “Ollscoil na Réabhlóide” a tugadh air mar gur thapaigh an IRB an deis atheagrú a dhéanamh ar an eagraíocht taobh istigh den champa, atá suite ceithre mhíle ó Bala. Bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge sa champa fosta - “Craobh na Sróine Deirge” an t-ainm a bhí air, mar sin an Gaeilge atá ar Frongoch. D’fhoghlaim a lán príosúnach a gcuid Gaeilge istigh sa champa, traidisiún ar lean príosúnaigh eile leis ina dhiaidh sin.
Níl mórán le feiceáil i bhFrongoch anois: scoil agus leathdhosaen teach. Tá oifig an phoist (agus an siopa a bhí mar chuid di) dúnta le tamall anuas, ach cúig bliana ó shin nuair a thug mé féin agus coiste na craoibhe cuairt ar an áit, cheannaigh mé cóip den leabhar Frongoch, University of Revolution le Séan O’Mahony. Bhí suim ag “Jones an Phoist”, an siopadóir, sa champa agus bhí sé sásta a stampa oifigiúil “Frongoch Post Office” a chur ar chlúdach an leabhair a cheannaigh mé. Faoin chuntar bhí neart litreacha, cártaí poist agus grianghraif a chuir Éireannaigh chuige thar na blianta. Daoine a raibh gaolta acu sa champa a bhí iontu den chuid is mó agus ba léir go raibh suim ag a lán acu, idir Éireannaigh agus Bhreatnaigh, sa tréimhse sin d’ár stair.
Bhí an t-ádh orainn go raibh eagraíocht chultúrtha darb ainm Cantref gníomhach sa cheantar agus le cúpla bliain anuas tá muid ag comhoibriú leosan agus leis an chomhairleoir áitiúil Elwyn Edwards (Plaid Cymru) sa scéim chun leacht cuimhneacháin cuí a thógáil. Ós rud é go bhfuil Frongoch suite sa Pháirc Náisiúnta (agus mar gheall ar easpa airgid!), ní bheidh an leacht cuimhneacháin rómhór - cloch ceithre troithe ar airde a bheas i gceist agus na focail seo le feiceáil uirthi: “Bhí 1,800 Éireannach i ngéibheann anseo tar éis Éirí Amach na Cásca, Baile Átha Cliath 1916”. Beidh na focail seo le feiceáil i mBreatnais agus i mBéarla fosta.
A leagan féin den stair
=======
Ní maoithneachas atá i gceist leis an leacht seo. Tá sé riachtanach mar go mbíonn an dream a bhíonn i gcumhacht go han-mhaith ag cur a leagan féin den stair os comhair an tsaoil i slite difriúla. I Learpholl, cuir i gcás, is é an chéad rud a fheiceann tú nuair a fhágann tú an príomhstáisiún ná dealbh den Ghinearál William Earle ó arm Shasana, clogad air, claíomh ina lámh aige agus a chos ar sciath Afracach. De réir na hinscríbhinne, throid sé sa tSúdáin in 1885 agus mharaigh daoine a bhí ag iarraidh a bheith saor ón impireacht.
Gach áit a raibh an impireacht (Baile Átha Cliath, mar shampla) fágadh dealbha agus leachta cuimhneacháin chun a thaispeáint do na daoine ísle cé a bhí i gceannas orthu. Agus tar éis tamaill, creideann cuid de na daoine an bholscaireacht seo. Mar sin, i mo thuairim féin, tá sé tábhachtach an chuid eile den scéal a thaispeáint: go raibh daoine ann in áiteanna mar an tSúdáin agus Éire ag streachailt ar son saoirse agus daonlathais in aghaidh na himpireachta ba mhó agus ba láidre ar an domhan.
Le tríocha bliain anuas tá an leagan den stair atá á chur chun cinn ag na hathbhreithniúchóirí ag caitheamh drochmheasa ar ghaiscígh 1916. Síceapataigh a bhí iontu, daoine gan mórán tacaíochta in Éirinn ná i measc na nÉireannach i Sasana. “The British vestiges of the IRB made little contribution to the Easter Rising, though under Séan McDermott’s instructions the Scottish executive sent a few men to Belfast who spent Easter searching for a rising,” a deir an tOllamh David Fitzpatrick ó Chóláiste na Tríonóide sa leabhar The Irish in Britain 1815-1939 (eagarthóirí: Roger Swift agus Sheridan Gilley).
Ach cad é faoi James Connolly agus Liam Mellowes, agus Conraitheoirí as Learpholl, leithéidí Phiaras Béaslaí? Tá liosta de na príosúnaigh a bhí i bhFrongoch sa leabhar a scríobh Sean O’Mahony, daoine as Learpholl ina measc - na deartháireacha Neil agus John Kerr, agus John, Patrick agus George King, mar shampla. Tá nia na Kings ina bhall d’ár gcraobh anseo i Learpholl sa lá atá inniu ann, agus beidh sé i láthair nuair a dhéanfaidh muid an leacht cuimhneacháin a nochtadh an bhliain seo chugainn.
Leis an phróiseas síochána, b’fhéidir go mbeidh Éireannaigh i Sasana a bhfuil ceangal acu le 1916 níos sásta labhairt amach faoi, gan imní a bheith orthu faoi aird an Bhrainse Speisialta nó MI5 a tharraingt orthu féin.
Mar gheall ar an dílárú sa Ríocht Aontaithe, tá tionól i gCardiff anois (agus consal ó Rialtas na hÉireann sa chathair chéanna). Is léir ón chuidiú a fuair muid ó na Breatnaigh i gceantar Frongoch go bhfuil níos mó féinmhuiníne ag muintir na tíre sin anois agus, gan amhras, beidh níos mó comhoibrithe idir na hÉireannaigh agus na Breatnaigh as seo amach.