Chinn An Bord Pleanála ag deireadh mhí an Mheithimh diúltú don chead pleanála le haghaidh líne ardvóltais 110 kV a thógáil trí iarthuaisceart Dhún na nGall, cead a bhí tugtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall do Bhord Soláthair an Leictreachais (BSL).
Bhí achomharc déanta ag Coiste Timpeallachta Ghaoth Dobhair, An Taisce agus ag an ngrúpa pobail Alternative to Poles and Pylons (ATP) in aghaidh an iarratais pleanála. Chinn an Bord Pleanála ar éisteacht phoiblí a ghairm ar an gClochán Liath ag deireadh mhí na Samhna seo caite chun an cheist a chíoradh. Mhair an éisteacht seo ceithre lá dhéag ar fad.
Tógadh raic ag tús na héisteachta toisc na himeachtaí a bheith as Béarla, ainneoin go raibh an cás á phlé sa Ghaeltacht. Diúltaíodh d’iarratais go mbeadh seirbhís chomhuaineach aistriúcháin ar fáil. Fógraíodh, áfach, ag deireadh na héisteachta go raibh cinneadh déanta ag an mBord Pleanála gur trí mheán na Gaeilge a bheadh na héisteachtaí poiblí feasta i gceantair Ghaeltachta.
Bhí dhá mhórchúis ann gur chuir an Grúpa Timpeallachta, An Taisce agus an ATP i gcoinne na scéime.
Ó thaobh na timpeallachta de, níor thuig siad cén fáth ar ghá 70 míle de phiolóin agus de chuaillí a chur in airde ó na Cruacha Dubha trí cheantair Ghaeltachta na Rosann, Ghaoth Dobhair agus Chloich Cheann Fhaola, amach go Leitir Ceanainn. Bhí líne ann cheana féin ón mBinn Bhán díreach go Leitir Ceanainn agus nach bhféadfaí líne eile a thógáil mar an gcéanna? Cén fath go raibh gá le líne ardvóltais 110 kV seachas an córas atá ann cheana féin a fhorbairt?
Baol sláinte
Bhí na piolóin, 566 acu, le dul trí na ceantair is áille sa chontae. Mhillfeadh seo áilleacht na háite, rud a scriosfadh tionscal na turasóireachta sa cheantar.
An baol sláinte a bheadh ann do dhaoine a mbeadh cónaí orthu i ngaireacht do na piolóin an dara mórchúis a bhí ann gur chuir na grúpaí i gcoinne na scéime. Labhair an Dr Roger Coghill ó Shasana i dtaobh an taighde a bhí déanta aige a léirigh go raibh rátaí arda leoicéime i measc daoine a raibh cónaí orthu in aice le piolóin ardvóltais.
Chosain BSL an scéim go tréan. Labhair saineolaithe ó Mheiriceá agus ón Eoraip ar a shon. Bheadh sé róchostasach an líne a chur faoi thalamh. Dúirt saineolaí amháin nach raibh i Slí na Gaeltachta, an cosán turasóireachta trí cheantair Ghaeltachta an chontae, ach “a miserable little wet walk”. Maidir le daoine ag teacht chun Gaeilge a fhoghlaim, dúirt saineolaí ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann nach sábhálfadh áilleacht an cheantair an Ghaeilge. Dúirt saineolaí go raibh infheistíocht i bpostanna sa chontae á cailliúnt de bharr easpa cumhachta leictrí.
Nuair a theip ar oifigigh de chuid BSL eolas cruinn a chur ar fáil faoi cá háit sa chontae a raibh gá le seirbhís ardvóltais 110 kV, chuir cigire an Bhoird Pleanála an éisteacht ar athló go dtí gur aimsíodh an t-eolas thar thréimhse deireadh seachtaine i mBaile Átha Cliath.
Dúradh ag deireadh na héisteachta i mí na Nollag go mbeadh an bhreith ar fáil ag deireadh mhí Eanáir. Cuireadh siar an cinneadh go deireadh mhí an Mhárta. Ansin fógraíodh go mbeadh moill eile ann.
Tar éis sé mhí de chur agus cúiteamh, chinn an Bord Pleanála ar dhiúltú don scéim ina hiomláine.
“Measann an Bord go bhfuil an príomhéileamh ar sholáthar feabhsaithe leictreachais 110 kV ag teacht ó Leitir Ceanainn. Níl an Bord sásta, ag cur san áireamh an tionchar suntasach dochrach a bheadh ag an bhforbairt seo ar an timpeallacht, gurb í an fhorbairt mar a beartaítear í an réiteach is fearr le riachtanais leictreachais an limistéir a shásamh… Bheadh tionchar suntasach dochrach ag an bhforbairt atá beartaithe ar thaitneamhacht agus ar éiceolaíocht an limistéir agus ar fhiúntas an limistéir seo i gcomhair turasóireachta.”
Beatha daoine “i mbaol”
Má bhí Coiste Timpeallachta Ghaoth Dobhair, An Taisce agus an ATP sásta le breith an Bhoird Pleanála, ní raibh daoine agus grúpaí eile sa chontae ar aon fhocal leo.
Labhair grúpa ionadaíoch an lucht ghnó, IBEC, amach in éadan chinneadh an Bhoird, ag rá go raibh postanna i mbaol dá bharr.
Tuairiscíodh sna meáin áitiúla gur dhúirt Pádraig Ó Ceallaigh, Fianna Fáil Neamhspleách agus Cathaoirleach úr Chomhairle Contae Dhún na nGall, go raibh beatha daoine i mbaol de thoradh chinneadh an Bhoird Pleanála. Thug sé le fios nach bhféadfaí trealamh céadchabhrach a úsáid de bharr easpa soláthair leictreachais sa chontae.
Labhair an t-iriseoir seo le hurlabhraí de chuid Bhord Sláinte an Iar-Thuaiscirt a dúirt nach raibh aon eolas aici faoi threalamh a bheith gan úsáid de cheal cumhachta leictrí. Dúirt sí go bhfáilteodh an Bord Sláinte roimh pé eolas a bhí ag an gComhairleoir Ó Ceallaigh nó duine ar bith eile faoi bheatha daoine a bheith i mbaol de cheal cumhachta.
Beidh ar mhuintir an chontae féin, idir údaráis áitiúla, thionsclóirí, ghníomhaithe pobail agus eile a theacht le chéile luath nó mall le bealaí éifeachtacha, eacnamúla agus glana a aimsiú le soláthar leictreachais den ardghrád a thabhairt chun an chontae.
Ábhar dóchais do ghrúpaí pobail ar fud na tíre cinneadh an Bhoird Pleanála. Tá grúpaí pobail i Sligeach agus sa Chóbh i gCorcaigh ag cur i gcoinne phleananna BSL línte ardvóltais a chur in airde ina gceantair siúd. Tá grúpaí eile ar fud na tíre i ngleic le comhairlí contae atá ag iarraidh loiscneoirí a thógáil ina gceantar.
Thaispeáin na coistí agus na brúghrúpaí i nDún na nGall gur féidir dul i gcoimhlint leis na mórúdaráis Stáit, lena saineolaithe idirnáisiúnta, agus gur féidir bua a fháil orthu.
Mná óga, máithreacha den chuid is mó, a d’eagraigh an feachtas seo. Mná Gaeltachta a sheas an fód don timpeallacht agus don teanga. Daoine a chreid go raibh an ceart ar a dtaobh agus nach raibh sásta géilleadh do na boic mhóra.
Is saoriseoir é Colm Ó Dúlacháin. Is as Baile Átha Cliath é ach tá sé ina chónaí i nGaoth Dobhair anois.