Bíonn neart imeachtaí bríomhara ar siúl le linn fhéilte mhí Lúnasa i mBéal Feirste. Mar a mhíníonn Liz Curtis, áfach, bíonn dáiríreacht agus crá croí i gceist fosta, chomh maith leis an spraoi.
Bíonn féile bheag ar siúl i gceantar s’againne. An t-imeacht is fearr liomsa ná carnabhal na bpáistí agus iad gléasta in éide bréige. Tá mamaithe na háite iontach cruthaitheach, agus athraíonn siad cló a gcuid páistí go banphrionsaí agus sióga agus béir agus diabhail.
Bhailigh an scata ildaite páistí i lár sráide, ag gáire agus ag sioscadh. Shiúil roinnt daoine fásta thart orthu mar a bheadh aoirí ann, ag déanamh iarrachta an tréad a choinneáil le chéile. Bhí iarchimí, a bhfuil saol nua acu anois mar oibrithe óige, i measc na n-aoirí.
Taobh thiar den slua sásta bhí banna fliúite poblachtánach, agus iad gléasta ó bhun go barr in éadaí dubha. Mháirseáil siad go stompaithe, ag iompar a mbratacha agus ag bualadh a ndrumaí agus ag portfheadaíl “Páirceanna Bhaile Átha an Rí” agus a leithéid.
D’imigh an pharáid go bríomhar ceolmhar. Chuaigh siad thart ar an cheantar, timpeall na n-áraslann mór ard, agus thar na sraitheanna tithe. Ag deireadh bhí comórtas leanaí dóighiúla ann, ach chaill mé é mar gur imigh mé liom go hiarthar na cathrach le héisteacht le Bernadette Mhic Con Uisce.
Caint Bernadette
=======
Tá Bernadette saghas imeallaithe le blianta beaga anuas ach, mar is eol daoibh, bhí an-chlú uirthi san am a chuaigh thart. Toghadh ina ball í de pharlaimint na Breataine i 1969 agus gan í ach bliain is fiche d’aois, í i mbun feachtais ag an am ar son ceart sibhialta do Chaitlicigh. Ba shiombail í d’idéalachas na hóige, í ag caitheamh mionsciorta agus gruaig fhada uirthi. Ach nuair a d’fhás gluaiseacht na poblachta, d’fhan Bernadette taobh amuigh agus rinne sí a bealach féin, mar shóisialaí agus mar dhuine a raibh intinn neamhspleách aici.
Sheas Bernadette mar iarrthóir i dtoghchán Eorpach na bliana 1979 le haird a tharraingt ar na cimí a bhí ar an phluid sna Blocanna H. Ag an am, ba é an neamhláithreachas polasaí na bpoblachtánach agus ní raibh siad sásta léi ar chor ar bith. Caitheadh maslaí go garg ina treo. Taobh istigh de chúpla bliain, áfach, bhuaigh Bobby Sands toghchán, chuaigh na poblachtánaigh le polaitíocht thoghchánach agus iad níos dáiríre fúithi ná mar a bhí Bernadette féin, fiú.
I mbliana thug sí caint ag cruinniú a d’eagraigh VAST, is é sin grúpa íospartaigh na dtrioblóidí. Bhí an seomra lán go doras agus daoine ina suí ar an urlár. Chaith Bernadette súil ghéar ar dhearcadh an phobail náisiúnaíoch ar íospartaigh. Ní náisiúnaithe amháin atá ina n-íospartaigh, a dúirt sí, agus tá íospartaigh náisiúnaíocha ann nach bhfuil ag fáil tacaíochta ón phobal mar go bhfuil siad sa chomthéacs mícheart - clann Jean McConville, bean a mharaigh an IRA, cuir i gcás. Tá rudaí cruálacha míchearta déanta ag náisiúnaithe chomh maith le daoine eile, ar sise.
D’fhulaing Bernadette go leor ina saol féin; ba bheag nach bhfuair sí bás, mar shampla, nuair a scaoil paraimíleataigh dhílseacha í féin agus a fear i 1981, agus ansin bhí a hiníon Róisín i bpríosún i Sasana agus í ag iompar clainne. Ach dúirt Bernadette go tréan: “Ní íospartach mé. Diúltaím a bheith i m’íospartach. Tá mé beo, agus a fhad is a bheidh mé ag tarraingt m’anála, beidh cumhacht agam. Tá íospartaigh na tréimhse seo uilig marbh. Is iadsan na daoine nach bhfuil ábalta rud ar bith a dhéanamh le teacht ar ais ar an saol seo.”
Lá na mBan
An chéad mhaidin eile, bhí Lá na mBan ar siúl san ionad pobail i gceantar s’againne. Eagraíonn grúpa áitiúil ban é achan bhliain. An coincheap atá acu ná go mbeadh lá taitneamhach ann do mhná na háite. Bíonn rudaí deasa réchúiseacha ar fáil saor in aisce, mar theiripe cumhrachta, cóiriú gruaige agus lámh-mhaisiú, agus roinnt eolais faoin oideachas fosta.
Ach bhí fadhb ann i mbliana. Ní raibh sé ach corradh agus coicís ó tháinig dílseoirí isteach i gclós an ionaid phobail agus a thosaigh siad ag scaoileadh urchar. Níor maraíodh duine ar bith, ach cuireadh eagla an domhain ar achan duine. Mar sin, maidin Lá na mBan thosaigh an guthán ag bualadh agus dúirt an gruagaire agus daoine eile nárbh fhéidir leo teacht.
“Ní féidir milleán a chur orthu,” arsa an t-eagraí. “Ach níor chuir siad scairt go dtí an bomaite deireanach. Bhí sé romhall le rudaí eile a eagrú.”
Lean an lá ar aghaidh ar scor ar bith, agus ar a laghad tháinig cinéiseolaí agus bean le bláthleigheasanna Bach, agus bean feasa a léigh duilleoga an tae a raibh an-tóir uirthi.
The Bogus Woman
=======
An lár dar gcionn, chuaigh mé chuig dráma as cuimse cumhachtach, a bhris mo chroí agus a chuir fearg an domhain orm. Is dócha go raibh an lucht féachana uilig ag caoineadh ag an deireadh.
Ba é an dráma sin ná “The Bogus Woman”, saothar a scríobh Kay Adshead agus a raibh aisteoireacht den scoth ann ó Noma Dumezweni, bean a rugadh sa tSuasalainn san Afraic. Rinne sí féin na páirteanna uilig. Tá an scéal bunaithe ar eachtraí a tharla i ndáiríre. Is dráma é mar gheall ar bhean iarrtha tearmainn ar tharla rudaí uafásacha di ina tír féin - mharaigh saighdiúirí a tuismitheoirí, a seanathair, agus fiú a leanbh agus d’éignigh siad ise.
Éalaíonn sí go Sasana ach ní chreideann na húdaráis a scéal. Cuirtear faoi ghlas í in Ionad Coinneála Campsfield, áit a mbíonn deacrachtaí móra aici agus a ndéantar í a ísliú mar dhuine. Faigheann sí cead an t-ionad a fhágáil i ndiaidh tamaill ach ní thugtar cead di a bheith ag obair. Bíonn deacrachtaí aici ansin maidir le tithíocht agus airgead, agus fágtar ar na sráideanna í sa deireadh, gan dídean.
Ní inseoidh mé an deireadh daoibh, ar eagla go bhfeicfeadh sibh féin an dráma. Ach níl sé sona mar dheireadh.