AR NA SAOLTA SEO
Amhras faoi na Moslamaigh
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Feiceann Tony Birtill cosúlacht mhór idir an dóigh a bhfuiltear ag caitheamh le Moslamaigh i Sasana le cúpla seachtain anuas agus an tslí ar caitheadh leis na hÉireannaigh sa tír le linn na dTrioblóidí.

Íomhá
Ionsaí ar leacht cuimhneacháin na bhFíníní, Reilig Chaitliceach Learphoill, 1998
Íomhá
An Feisire David Blunkett
Íomhá
Graffiti ar uaigh sa Reilig Chaitliceach i Learpholl tar éis ionsaí na ndílseoirí/na bhfaisistithe, 1995

Tuigeann na hÉireannaigh i Sasana na deacrachtaí atá ag na Moslamaigh sa tír seo agus na Stáit Aontaithe faoi láthair. “An pobal a bhfuil amhras faoi” (nó “suspect community") a tugadh orainn i rith na dtrioblóidí ó 1969 ar aghaidh agus is léir go bhfuil na Moslamaigh ag fulaingt mar an gcéanna sa lá atá inniu ann.

Tá ionsaí déanta ar mhoscaí agus ar ionaid phobail na Moslamach ar fud na tíre. I Manchain, mar shampla, rinneadh iarracht áit amháin a chur trí thine. Agus seo mar a bhí sé i Márta 1993 tar éis na mbuamaí i Warrington nuair a rinneadh coirloscadh ar chlub na nÉireannach ansin.

Ag deireadh na míosa seo caite, léigh mé sa nuachtán áitiúil anseo i Learpholl faoi ionsaí ar reilig inar leagadh 34 leac uaighe Moslamach. “Bhí an chuid is mó de na daoine seo ina gcónaí i Learpholl ar feadh blianta fada agus tá siad curtha anseo, ach tá daoine áirithe ann nach bhfuil sásta suaimhneas a thabhairt dóibh, fiú agus iad marbh,” a dúirt Akbar Ali, cathaoirleach Iontaobhas Ioslamach Learphoill. Ach ní daoine a bhí feargach faoi uafás Nua-Eabhrac a rinne an t-ionsaí seo, mar leag siad 120 leac uaighe Síneach go talamh san ionsaí céanna. Clocha troma a bhí iontu, níos mó ná 300 punt meáchain agus, de réir na bpóilíní, drong fear láidir a raibh uirlisí acu a rinne an damáiste.

Agus cérbh iad? Déarfainn gur faisistithe a bhí i gceist, an sórt daoine a thapaíonn gach deis chun ionsaí a dhéanamh ar eachtrannaigh ar bith. Cé nach bhfuil mórán acu ann, tá siad eagraithe go maith agus tá siad foréigneach. Tá a fhios againne (na hÉireannaigh i Sasana) seo mar tá siad ag déanamh ionsaithe orainne le tríocha bliain anuas, in éineacht lena gcairde na dílseoirí.

Easpa suime na bpóilíní

I 1995 agus i 1999 rinne siad ionsaí ar leacht cuimhneacháin de chuid na bhFíníní sa reilig Chaitliceach i Learpholl, áit a bhfuil trí dhuine dhéag ó éirí amach 1867 curtha. Ní raibh suim ar bith ag na póilíní sa chéad ionsaí i 1995 ach idir an dá linn scríobh an Breitheamh MacPhearson a thuarascáil faoi dhúnmharú Steven Lawrence, an déagóir dubh as Londain, agus thug sé “institutionalised racism” ar an dearcadh a bhí ag na póilíní i gcásanna mar sin. Caithfidh na péas níos mó airde a thabhairt ar “racially motivated crimes” anois, mar shampla an t-ionsaí ar an reilig Chaitliceach anseo i 1999 agus an t-ionsaí ar na tuamaí Moslamacha agus Síneacha an tseachtain seo.

Agus mar sin, go hoifigiúil ar a laghad, tá rudaí feabhsaithe rud beag i gcomparáid leis an seal idir 1970 agus 1999 nuair a bhí na faisistithe/dílseoirí ábalta a rogha rud a dhéanamh gan mórán airde ó na póilíní.

Tá na meáin chumarsáide i Sasana lán scéalta faoi dhlíthe úra in aghaidh sceimhlitheoireachta, cé go bhfuil seans ann go sáróidh siad Acht Chearta Daonna an Aontais Eorpaigh. Arís, tá taithí againne Éireannaigh ar mhí-úsáid an chórais dlí sa tír seo: an tAcht Coiscthe Sceimhlitheoireachta (nó PTA) 1974. Bhain na péas úsáid as an PTA chun daoine neamhchiontacha, leithéidí Cheathrar Guildford, Seisear Birmingham, Ann agus Paddy Maguire, a chur i ngéibheann ar feadh cúig bliana déag ná níos mó. Tá súil agam go bhfuil ceacht foghlamtha ag na póilíní/an Rialtas ó na cásanna seo agus nach mbeidh cos ar bolg i gceist arís.

Dúirt David Blunkett MP, An Rúnaí Gnóthaí Baile, go bhfuil scileanna ar leith ag an Bhrainse Speisialta agus MI5 de thairbhe na dtrioblóidí in Éirinn, ach níor mhínigh sé cén sórt scileanna. Ag bualadh daoine neamhchiontacha agus ag cumadh ráiteas agus fianaise bréige b’fhéidir?

Míshuaimhneach

Tá a lán Moslamach a rá go mothaíonn siad míshuaimhneach ag dul amach ag siopadóireacht agus mar sin de. Arís, sin an dóigh chéanna a raibh sé sa tír seo i gcás na nÉireannach a raibh blas láidir ar a gcuid cainte (mo mháthair féin, mar shampla) tar éis na mbuamaí. Ach tá difear tábhachtach ann idir an dá phobal sa chás seo: tá an chuma chéanna ar na hÉireannaigh agus ar na Sasanaigh, a bheag nó a mhór, agus tá an blas céanna ag an dara glúin, cé go mbíonn siad ag ócáidí sóisialta Éireannacha agus mar sin de. (Ach ná déan dearmad nach raibh trua ar bith ag na péas do Vincent agus Patrick Maguire, mic Ann agus Paddy nach raibh ach sna déaga. Cé gur Cockneys a bhí iontu, cuireadh sa phríosún iad lena dtuismitheoirí fosta.)

Ach tá dath difriúil ar chuid mhaith de na Moslamaigh agus caitheann mná caifirín agus mar sin tá siad feiceálach go maith agus soghonta.

Is léir go bhfuil eagla ar a lán Moslamach sa tír seo (gan trácht ar na Stáit Aontaithe) agus rachaidh sé seo i bhfeidhm ar a gcuid páistí. Beidh an Brainse Speisialta agus MI5 ag fáil pá sa bhreis ag coinneáil súl orthu, ag cúléisteacht le comhráití gutháin daoine agus gach rud eile a rinne siad orainne le blianta fada.

Cosúlacht eile atá ann, ar ndóigh, ná go ndearna na Sasanaigh iarracht Éire agus an Afganastáin a choinneáil faoi smacht na hImpireachta. Theip ar na Sasanaigh san Afganastáin sa chogadh idir 1839 agus 1842 nuair a chaill siad arm 15,000 saighdiúir ar chostas £15,000,000. Rinne siad iarracht eile sa dara cogadh Afganastánach 1879-1881 agus arís theip orthu. D’fhág arm Shasana an Afganastáin go deo ansin agus dúirt an ceannaire, an Ginearál Sir Frederick Roberts, leis an Phríomh-aire Gladstone: “The less the Afghans see of us, the less they will dislike us”.

Tá súil agam nach bhfuil dearmad déanta ag an Phríomh-aire Tony Blair agus a chomhghuaillí George Bush ar an teachtaireacht sin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.