AR NA SAOLTA SEO
Scátáil 09
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Casadh curadh domhanda luas-scátála, Éireannach, ar Tony Birtill anuraidh, ach is ar fhoireann na hÍsiltíre atá .

Íomhá
Clare faoi luas
Íomhá
Clare Scanlon ar an chúinne
Íomhá
Clare Scanlon ag teacht as an chúinne

an fuacht ar ais aris agus aird dírithe ar spórt geimhridh, leis an Ionad Sciála san Aghaidh Mór, Alban, ag súil le séasúr maith agus sinne, na dreapadóirí, ag fáil ár gcuid crobh oighir agus piceanna oighir réidh do na sléibhte.

Éireannach amháin atá ag traenáil go dian an scátalaí Clare Scanlon:

"I’ve just qualified for the Dutch National Championships, which will take place in Brede (Netherlands) at the end of January. I will also be competing in the World Championships Masters in Baselga di Pine, in Italy at the end of February" a d’inis dom, um Nollaig.

Is as An Croisbhealach, Cúil na gCuirridin, Dún na nGall, í, Clare Scanlon ach ina cónaí san Ísiltír le 13 bliana. Bíonn agus a cara Emile Jansen ar laethanta saoire i nGleann Cholm Cille gach samhradh, áit a mbíonn siad ag rothaíocht agus ag siúl na sléibhte. Níor luaigh liom a cuid éachtaí ar an oighear liom go dtí gur chuir ceist uirthi faoi an samhradh seo chuaigh thart agus fuair amach go raibh ina curadh domhanda!

D’inis dom gurb í an chéad Éireannach a ghlac páirt sa Craobh Domhanda Luas-scátála san Olympic Oval, Calgary, Ceanada, i Feabhra 2007, áit ar bhris an churiarracht domhanda 1500 méadar agus fuair bonn airgid bharr. Ach ar an drochuair, is ar fhoireann na hÍsiltíre a bhí agus níor le hÉirinn. Cén fáth?"There isn’t a national speed-skating association in Ireland, so I could hardly have expected an invitation to compete!" a d’inis dom. "The Dutch asked me because I lived in Holland and I was their champion. But I would like to represent Ireland if at all possible," a dúirt liom.

Curadh an Domhain

Ceangal amháin atá ann leis an tír, áfach, go bhfuil urraithe ag an chomhlacht árachais Hibernian. (féach ar www.hibernian.ie/group/inthe community/sponsorships) Bhí ina Curadh Domhanda Uile sa bhliain 2008 tar éis buachan sa chomórtas idirnáisiúnta sa Ghearmáin. Comórtas trí a bhí ann, ar achair éagsúla. Agus i 2009 bhí ina Curadh Domhanda sa rás rúide 500 méadar agus 1000méadar ag an comórtas sa Ghearmáin. Bhí Clare breis is fiche bliana d’aois sular chuir péire scáta ar a cosa, ach bhí suim aici i spóirt i gcónaí. Mar bhall den Club Lúthchleasa Ghleann Fhinne, bhí ar an fhoireann a bhain rása trastíre idirnáisiúnta i Gateshead, Sasana i 1985 agus is minic go raibh bua aici i rásaí in Éirinn.

Thosaigh ag luas-scátáil nuair a chuir fuithi féin san Ísiltír i 1994. Sin an spórt is ansa le daoine sa tír sin, le beirt ag rásáil in aghaidh le chéile ar slí 400 méadar taobh istigh. Bíonn luas 55 ciliméadar san uair fúthu. Bhain Clare Scanlon an Craobh Náisiunta san Ísiltír i mBreda i 2006 agus lean ar aghaidh as sin go dtí Calgary i 2007.

Teanga i nDiaidh a Chéile

Thug faoi deara go raibh Clare ag freastal ranganna Ghaeilge ag Oideas Gael i mbliana, chomh maith le siúl na sléibhte. Cén fáth ? "Liam Ó Cuinneagáin (stiúrthóir Oideas Gael) heard Emile and I talking Dutch together. He asked me: ‘how come you can speak fluent Dutch, but not Irish? We have students from over the world who can speak it. So I decided to do something about it," a dúirt liom. Dúirt fosta go raibh náire uirthi nach raibh Gaeilge aici, agus í san Ísiltír.

Rinne cúrsa in Ollainnis san Ollscoil Nijmegan ar feadh bliana i 1994 agus fuair post sa naíolann ansin, ag obair le páistí idir 3 agus 4 bliana d’aois, páistí gan Bhéarla ar bith acu. "I could have a great *conversation with a three year old, but not an adult for the first year or two*" a dúirt liom, ag gáire. Deirtear gur teanga dheacair le foghlaim í, an Ollainnis, mar a deirtear faoin Ghaeilge fosta. Agus thug Clare cosúlacht eile faoi deara ó thaobh na foghlama de:

"They can all speak English and want to practice with you. It was difficult to get them to speak Dutch to me, and not English. I would say to them; ‘I would rather speak Dutch. At one stage the Dutch would speak English to me and I would speak Dutch to them. It was difficult for the first few years. They speak very fast. It is lonely when you can’t join in conversations," dúirt liom.

Ach ar a laghad, chuala daoine ag baint úsáid as an teanga le chéile gach , rud nach bhfuil fíor in gach áit in Éirinn.

An Crú ar an Tairne

Clare líofa san Ollainnis anois, agus múineann Béarla i meánscoil san Ísiltír. Thug na mic léinn faoi deara go raibh blas Éireannach ar a cuid cainte, agus d’iarr siad uirthi Gaeilge a labhairt leo, ar feadh cúig bhomaite, rud nach raibh ábalta a dhéanamh ag an am. "But you ARE Irish, they said. They put me on the spot and I was embarrassed," dúirt Clare liom. Bhí sásta cúrsa mar sin a dhéanamh le hOideas Gael nuair a labhair Liam Ó Cuinneagáin léi. "Ba mhaith liom a bheith líofa. ag leibhéal a , agus ar a laghad, ábalta labhairt ar feadh cúig bhomaite," dúirt si liom.

Cosúlacht eile a thug Clare faoi deara maidir leis an Ollainnis agus an Ghaeilge, Béarla ag brú isteach ar Ollainnis fosta.

"English is flowing into their language. English is heard everywhere, for example on television, lots of programmes are in English, with Dutch subtitles. Kids know that if they want to achieve, they need English. More and more English words are coming in and taking over their language. They fear their own language is under threat and could go away in 100 years."

Múineann ollscoileanna roinnt ábhar trí Bhéarla, mar shampla, ábhair theicniula go mór mór.

Difríocht amháin a thug faoi deara faoi bheith ag foghlaim na Gaeilge an ceangal láidir atá ann leis an chultúr - an ceol, stair, logainmneacha agus a leithéid. Briseann síos bacanna idir daoine fosta, agus cothaíonn cairdeas eadarthu, dar léi.

Cheannaigh roinnt CDs sular fhág Oideas Gael agus nuair a bhí ar ais san Ísiltír rinne cur i láthair ag Oíche Shamhna faoin teanga agus faoi chultúr na nGael.

Naisc: http://www.youtube.com/watch?v=vQ9oxoBEwtI&feature=related

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.