AR NA SAOLTA SEO
Nach Bhfuil ag Tarlú is a Bhfuil ag Bogadh
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Ghrinnigh Robert McMillen iompar na bpóilíní deireadh mhí na Samhna. Níl siad ag cuidiú leo féin ach oiread le duine ar bith, dar leis.

Íomhá
Beairic an PSNI i nDún Geimhin (cc le Pádraig Mac Giolla Uidhir ar Vicipéid)

Nuair a thagair Churchill do ‘the dreary steeples of Fermanagh and Tyrone’ d’fhéadfadh sé Ard Mhacha a áireamh leo chomh maith mar a léirigh an racán a bhí ar siúl i bPort an Dúnáin an deireadh seachtain seo. Seanscéal agus meirg air a bhí sa tsiocair a bhí taobh thiar den ruaille buaille. B’éigean an teachtaireacht a chur amach nach raibh fáilte roimh Chaitlicigh i lár an bhaile Phrotastúnaigh seo. Mar atá luaite agam cheana, bhíodh "curfew bell" á bhualadh i gCúl Raithin ag a 9 a chlog gach oíche le foláireamh a thabhairt do Chaitlicigh gurbh fhearr dóibh dul chun an bhaile suas go dtí 1954. Mura raibh clog ann gach áit, tuigeadh gur le Protastúnaigh lár na cathrach agus lár na mbailte fud fad an tuaiscirt. (http://www.psni.police.uk/prdisturbancesportadown_301109)

Ní raibh clog ag bualadh i bPort an Dúnáin ach sa 21ú haois seo, baineadh feidhm as téacsanna gutháin póca le drong dílseoirí a bhailiú le chéile agus é mar aidhm acu "to show republicans that we will not tolerate their behaviour or presence in our area." Foilsíodh na téacsanna ar an Irish News ní ba luaithe i mí na Samhna ach níor chuir sin drogall ar bith ar na dílseoirí. Oíche Shathairn, 28ú Samhain, bhailigh drong 200 duine le chéile i lár an bhaile gar d’am druidte na dtithe leanna agus thosaigh ag déanamh léirscrios ar shéalúchais Chaitliceach.

Iompar a Insíos go Leor

Le linn na trioblóide, gortaíodh deichniúr póilín ach is éigean an cheist a chur, cén fáth nach raibh an PSNI in ann stad a chur leis an rúscadh sular thosaigh sé.Bhí a fhios acu cad é bhí ag gabháil a thitim amach - dar fia, bhí sé sna nuachtáin - ach ní raibh siad in ann é a stad. Mar a léirigh an Irish News, tá ceisteanna á gcur fá iompar an PSNI maidir le foréigean dílseach.

I mí Aibreáin, maíodh gur thug baill den PSNI cead a gcinn do scaifte dílseoirí san ionsaí inar maraíodh Kevin McDaid i gCuil Raithin; i mí Iúil, lig an PSNI do 200 dílseoir siúl thart i gceantar Protastúnach i nDoire i léiriú nirt. i mí Lúnasa, mhaígh teaghlach Caitliceach go ndearna an PSNI mórshiúl mídhleathach dílseachta "a chomóradh" a fhad lena dteach;

An té a bhfuil súil ina cheann, tuigfidh sé. (Kevin McDaid: http://www.youtube.com/watch?v=op-lX8B9iMk)

Bhí fear ar an raidió a rá gur thuig sé an fáth gur tharla an t-achrann i bPort an Dúnáin agus gur eascair achrann an deireadh seachtaine as aighneas Bhóthar Gharbh Achaidh.Seafóid ar ndóigh. Bhí an seicteachas i réim i bhfad sular cuireadh cosc ar an Ord Bhuí siúl ar an bhealach chonspóideach sin. (http://news.bbc.co.uk/2/hi/uknews/northernireland/8385187.stm)

Ag tráth a bhfuil Peter Robinson ag iarraidh ceist na mórshiúlta Oráisteacha a instealladh san idirbheartaíocht maidir le haistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt ó Westminister, léiríonn sé a chontúirtí is atá sé cúrsaí mórshiúlta agus cúrsaí cirt a nascadh le chéile. Má tá Clann Bhullaí ag gabháil a leanstan leis an chosc atá ar Chaitlicigh theacht isteach go lár na cathrach, cad é dhéanfaidh siad mura gcuirfear deireadh le Coimisiún na Mórshiúlta? (http://www.4ni.co.uk/northernirelandnews.asp?id=87645)

Ach níl iompar an PSNI ag cuidiú le duine ar bith. Dearfaí nach bhfuil mórán difir idir iompar an PSNI inniu agus iompar an RUC 40 bliain ó shin nuair a thaobhaigh siad le dronga Protastúnacha in éadan mórshiúlta na gCeart Sibhialta ag tús na dtrioblóidí. Níl ann ach buail an ceann is seachain an muineál. Tá seo thar a bheith contúirteach mar is é an teachtaireacht chéanna é atá á craobhscaoileadh ag easaontóirí poblachtacha. Tá siad sin a rá nár athraigh a dhath, gur theip ar Shinn Féin rud ar bith a bhaint amach do náisiúnaigh agus nach bhfuil freagra ar bith ar an cheist ach an foréigean.

Seafóid arís, ar ndóigh, ach éistfidh daoine óga soineanta leis an tseafóid agus creidfidh siad é. Luafaidh na heasaontóirí na himeachtaí i bPort an Dúnáin mar fhianaise agus cuirfear tús le tréimhse fhuilteach eile. (http://en.wikipedia.org/wiki/TheTroublesin_Portadown) Bogadh Éigin

*Ar an taobh eile den scéal, de réir pobalbhreith a rinne an Belfast Telegraph, nuachtán meánaicmeach Protastúnach Aontachtach, is é Martin McGuinness an polaiteoir is mó meas ó thuaidh. Tháinig an Leas-Chéad-Aire sa chéad áit chun tosaigh ar Peter Robinson a bhí sa cheathrú háit. Michele Gildernew (2) agus Arlene Foster (3) a bhí chun tosaigh ar cheannaire an DUP. Ciallaíonn sé go bhfuil beirt Shinn Féineach ag barr an liosta.

Eagraíodh an suirbhé ar bhonn déimeagrafach, is é sin go raibh sé bunaithe ar na céatadáin Phrotastúnach/Chaitliceach, fear/bean, aontachtach/náisiúnach atá i réim i dTuaisceart Éireann. An rud is iontaí, ar ndóigh, nó gur vótáil 20% aontachtach ar son McGuinness. Vótáil 0% de na Caitlicigh ar son Robinson!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.