Caitheann John Walsh súil ar an dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus aimsíonn idir bhuanna agus laigí inti.
B’fhada an fanacht é ach tháinig sí gan choinne sa deireadh thiar mar a bheadh gearrcach bheag ghlórach. Tá an dréachtstraitéis fiche bliain don Ghaeilge i mbéal phobal na Gaeilge agus mar sin is ceart di a bheith. Cé gur dhein na meáin chumarsáide Bhéarla neamhaird iomlán di, geall leis, seo í an cháipéis is suntasaí ó foilsíodh An Páipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge i 1965 i leith.
Fógraíodh tionscnaimh thábhachtacha le blianta beaga anuas – Acht na dTeangacha Oifigiúla, TG4, stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, taighde cuimsitheach ar an nGaeilge go náisiúnta agus ar an nGaeltacht – ach níor foilsíodh cáipéis rialtais chomh huileghabhálach ná chomh cuimsitheach sin ar an nGaeilge le níos mó ná daichead bliain. Is dual tábhacht stairiúil na cáipéise seo a aithint agus tá an-mholadh ag dul don Aire Ó Cuív as an straitéis a stiúradh tríd an rialtas, go háirithe i dtréimhse seo na géarchéime geilleagair.
Tá go leor le moladh sa dréachtstraitéis. D’fhéadfaí a áiteamh gurb é an bonn láidir pleanála teanga atá inti ó thús deireadh an bua is mó dá bhfuil aici. Tá an léargas idirnáisiúnta a thugtar ar staid na Gaeilge mar theanga mhionlaithe le moladh chomh maith. Maidir le cúrsaí oideachais, is ceart fáiltiú roimh an mbéim láidir a leagtar ar nasc a chruthú idir múineadh na Gaeilge ar scoil agus a húsáid lasmuigh den scoil; is inmholta an moladh go soláthrófaí páirt-tumadh sa Ghaeilge do gach dalta sa bhunscoil (má oiltear na múinteoirí chuige sin); dul chun cinn suntasach is ea an moladh go gcuirfí fiche faoin gcéad d’áiteanna ar leataobh sna coláistí oideachais do mhic léinn a fuair a gcuid oideachais trí Ghaeilge; agus beidh tábhacht leis an Ionad Náisiúnta d’Fhorbairt Ghairmiúil Múinteoirí Gaeilge atá beartaithe. Aithníonn an stát an ghéarchéim teanga atá sa Ghaeltacht agus – bunaithe ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch – moltar sainmhíniú i bhfad níos dinimiciúla den Ghaeltacht a bheidh bunaithe feasta ar úsáid rialta na Gaeilge seachas ar an tíreolaíocht stairiúil. Is riachtanach an tseift í sin chun dul i ngleic leis an tsoiniciúlacht bhinbeach a spreagann teorainn reatha na Gaeltacht. Is trua, áfach, nach dtugtar mioneolas ar na critéir teangeolaíochta a bheidh in úsáid feasta sa sainmhíniú nua reachtúil den Ghaeltacht.
Gaeltacht Ghréasáin
Táthar chun aitheantas a thabhairt do na pobail sin lasmuigh den Ghaeltacht atá ag déanamh tréaniarrachta an Ghaeilge a chur chun cinn don chéad uair riamh. Deineadh neamhaird de na pobail seo go stairiúil – a dtugann an dréachtstraitéis ‘Gaeltacht ghréasáin’ orthu – agus is mithid an éagóir sin a cheartú. Bunaithe ar mhúnla rathúil na Breataine Bige, tá ionaid ilfhreastail le bunú i gcathracha agus i mbailte éagsúla agus beidh lárionaid acmhainní ar leith i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Moladh eile nach bhfuair mórán airde sna meáin is ea go mbunófaí clár náisiúnta chun acmhainní Gaeilge ar fud an domhain a dhigitiú. Clár é sin a bhféadfaí tairbhe oideachasúil, cultúrtha agus geilleagrach as cuimse a bheith leis dá rachfaí ina bhun i gceart.
Ar cheann de na moltaí is conspóidí sa dréachtstraitéis, tá go gcuirfí leasú ó bhonn ar Údarás na Gaeltachta agus gur Údarás na Gaeilge a dhéanfaí den eagraíocht sin, eagraíocht a bheadh freagrach feasta – is cosúil – as an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre. Cé go ngealltar sa straitéis go mbeidh an tÚdarás nua lonnaithe sa Ghaeltacht agus go gcoimeádfaidh sé formhór d’fheidhmeanna reatha Údarás na Gaeltachta, léiríodh imní cheana féin go bhfuiltear ag lagú ceann de phríomhfhorais phoiblí na Gaeltachta. Is gá don Aire a mhíniú nach amhlaidh atá má tá tacaíocht phobal na Gaeltachta don straitéis le cinntiú. Tá gné thábhachtach eile den socrú nua institiúideach nach bhfuair mórán airde go dtí seo, is é sin an t-idirdhealú feidhmeanna idir Údarás na Gaeilge agus Foras na Gaeilge. Deirtear sa straitéis go leanfaidh Foras na Gaeilge dá chuid oibre, ach tá an baol ann go mbeidh cuid de na feidhmeanna céanna ar an Údarás nua agus ar an bhForas feasta. Ceann de na mórchonstaicí a bhí roimh fheidhmiú feidhmiúil an pholasaí Ghaeilge go dtí seo ab ea an dúbailt oibre idir eagraíochtaí éagsúla na Gaeilge. Caithfear dul i ngleic leis an doiléire sin agus roinnt na hoibre idir an Foras agus an tÚdarás nua a dhaingniú go soiléir sa reachtaíocht nua má tá rath le bheith ar an straitéis seo.
An Saineolas Idirnáisiúnta
Bunaíodh an dréachtstraitéis cuid mhaith ar thuarascáil a d’ullmhaigh buíon saineolaithe idirnáisiúnta faoi stiúir FIONTAR, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath don rialtas. Sa tuarascáil sin, moladh Údarás na Gaeilge mar cheann amháin de cheithre rogha institiúideacha a mbeadh gá leo chun go mbeadh rath ar an straitéis. Mar sin, ba mhaith an mhaise don rialtas a rogha ar son Údarás na Gaeilge a mhíniú. Cé go bhfuil cosúlachtaí láidre idir an dá cháipéis, tá difríochtaí suntasacha eatarthu chomh maith. Fágaim gur mhol na saineolaithe go mbeadh Oifig Comhordaithe Clár laistigh de Roinn an Taoisigh, a mbeadh Rúnaí Cúnta i gceannas uirthi, freagrach as feidhmiú na straitéise, rud a thabharfadh tathag polaitiúil don straitéis. Níor ghlac an rialtas leis an moladh sin, agus ina ionad sin, tá ‘aonad straitéise’ le bunú laistigh den Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun féachaint i ndiaidh an fheidhmithe.
Moladh i dtuarascáil na saineolaithe go gceapfaí Aire Stáit don Ghaeloideachas, go ndíreofaí ar churaclam nua ar fad don Ghaeilge ón mbunleibhéal go dtí an 3ú leibhéal, agus go ndéanfaí machnamh ar fhorbairt dhá churaclam Gaeilge ag leibhéal na hArdteistiméireachta, ceann amháin a dhéanfadh gach mac léinn agus ceann eile a dhíreofaí ar mhic léinn sa Ghaeltachta, nó sna Gaelscoileanna, nó a raibh ardchumas Gaeilge acu cheana. Ní luaitear a leithéid sa dréachtstraitéis agus go deimhin, is beag a deirtear faoin oideachas dara leibhéal i gcodarsnacht leis an gcur síos mion (agus inmholta) a dhéantar ar an mbunscolaíocht. Moladh i dtuarascáil na saineolaithe go gcuirfí tús an athuair le córas cuóta do phoist Ghaeilge sa státseirbhís ionas go bhféadfaí freastal ar riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ní ghealltar sa dréachtstraitéis ach athbhreithniú doiléir a dhéanfadh an Roinn Airgeadais agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Moladh i dtuarascáil na saineolaithe go ndéanfaí forálacha díreacha reachtaíochta de chuid d’fhorálacha na scéimeanna teanga atá á gceapadh agus á bhfeidhmiú faoi láthair. Ní luaitear a leithéid sa dréachtstraitéis, ná ní luann ceachtar den dá cháipéis ‘an tairiscint ghníomhach’, an polasaí Ceanadach chun rogha teanga idir an Béarla agus an Fhraincis a thairiscint go leanúnach don phobal.
Cainteoirí Laethúla
Ar foluain os cionn na gcáipéisí seo go léir, bhí uaillmhian an Aire go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais faoi 2030, bliain deiridh na straitéise. Admhaítear sa dréachtstraitéis gur aidhm an-uaillmhianach í seo agus go deimhin, scríobhtar i dtuarascáil na saineolaithe nach bhfuil faisnéis shochtheangeolaíoch ar fáil faoi láthair a thacódh le tuar dá leithéid. Beidh le feiceáil an inmholta an mhaise é don rialtas aidhm chomh huaillmhianach sin a bheith aige.
Is furasta an rialtas a cháineadh as diúltú do chuid de mholtaí na saineolaithe. Caithfidh gach rialtas gníomhú laistigh de chóras polaitiúil a bhfuil an comhghéilleadh ina chuid bhunúsach de ach ní chuirtear na laincisí céanna ar thaighdeoirí acadúla. Mar sin féin, tá sé tábhachtach tuarascáil seo na saineolaithe a scaipeadh chomh forleathan agus is féidir, chun gur féidir díospóireacht thomhaiste, chuimsitheach a dhéanamh faoi na bealaí inar féidir an dréachtstraitéis a láidriú sula nglacfaidh an rialtas léi go hoifigiúil. Ar na laigí sa dréachtstraitéis a bhfuil deis ann fós lena leasú, tá ceist na hOifige Comhordaithe Clár i Roinn an Taoisigh, córas monatóireachta neamhspleách d’fheidhmiú na straitéise, múineadh na Gaeilge ag an dara leibhéal agus dúnghaois earcaíochta a chinnteoidh foireann dhátheangach sa tseirbhís phoiblí. Chomh maith leis sin, is ceart gan an iomarca moilleadóireachta a dhéanamh lena daingniú: cé gurb intuigthe an mhaise don Aire tacaíocht pháirtithe an fhreasúra a ghnóthú, d’fhéadfadh éiginnteacht pholaitiúil nó olltoghchán gan choinne an straitéis a chur ó mhaith.
Os a choinne sin ar fad, caithfear cuimhneamh ar chomhthéacs reatha na Gaeilge i gcodarsnacht le formhór mór de theangacha mionlaithe an domhain. Agus mé á scríobh seo ar chósta thiar Chalifornia, is furasta a dhearmad nach bhféadfadh go leor teangacha atá faoi bhagairt ar fud an domhan an tacaíocht pholaitiúil a fhaigheann an Ghaeilge a shamhlú go deo. Cé mhéad de theangacha mionlaithe an domhain atá ar a dtoil ag Príomh-Aire agus ag go leor d’Airí rialtais na dtíortha nó na réigiún sin ina bhfuil siad á labhairt? Cé mhéad de theangacha mionlaithe an domhain a bhfuil rialtais náisiúnta ag ceapadh straitéisí fiche bliain ar a son? Agus in ainneoin na soiniciúlachta go léir in Éirinn, cé mhéad de theangacha mionlaithe an stáit seo a bhfuil cur amach réasúnta maith ag sciar suntasach den phobal orthu? Níl oiread agus ceann amháin de theangacha bundúchasacha Chalifornia á sealbhú ag páistí ná á foghlaim mar chroí-ábhar in aon scoil. Tá a bhformhór i gcré na cille. In ainneoin na laigí sa dréachtstraitéis – agus tá laigí inti ar ghá aghaidh a thabhairt orthu – tá sé thar a bheith suntasach go bhfuilimid ar tí straitéis náisiúnta fiche bliain a fhoilsiú in aon chor. Ba mhaith an mhaise dúinn é sin a aithint. Léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea an Dr. John Walsh. Faoi láthair, tá sé ina Scoláire Gaeilge Fulbright in Ollscoil Chalifornia, Santa Cruz.
Naisc: Acht na dTeangacha Oifigiúla: http://www.achtanna.ie/ga.act.2003.0032.1.html An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch: http://www.pobail.ie/ie/AnGhaeltacht/AnStaidearTeangeolaioch/file,8677,ie.pdf