Tá roinnt daoine san Astráil ag dearcadh siar le brón ar an drochdhóigh a caitheadh le muintir Thíomór Thoir le glúin anuas. Tá an scéal ag Bearnaí Ó Doibhlin.
Reáchtáladh réimse leathan d’imeachtaí san Astráil agus sa Tíomór Thoir ar na mallaibh le ceiliúradh a dhéanamh ar eachtraí áirithe a tharla sa Tíomór Thoir sa bhliain 1999. Bhí comóradh mór ar siúl sa Tíomór Thoir í féin i mí Lúnasa ar mhaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar chothrom an lae deich mbliana ó shin ar vótáil muintir Thíomór Thoir ar son reifrinn le neamhspleáchas a bhunú. Reáchtáladh comóradh eile san Astráil mí ní ba dhéanaí le haghaidh 10ú cothrom an lae inar cuireadh tús leis an bhfeachtas síochána sa Tíomór Thoir Meán Fómhair na bliana 1999, eachtra ina raibh arm na hAstráile lánpháirteach.
Ba léir gur mheas na húdaráis sa dá thír go raibh ábhar ceiliúrtha ann, ach ba ríléir go raibh cúiseanna buartha – fiú náire - ann freisin i dtaca leis an méid a tharla sa Tíomór Thoir, ní hamháin deich mbliana ó shin ach le 34 bliain anuas. (http://www.yale.edu/gsp/east_timor/)
Ba choilíneacht de chuid na Portaingéile í Tíomór Thoir ar feadh corradh is trí chéad bliain. Nuair a tharla “réabhlóid na gcoróineach” sa Phortaingéil sa bhliain 1974, cinneadh ann go gcuirfí deireadh lena himpireacht agus bhí an chuma ar an scéal go mbainfeadh Tíomór Thoir neamhspleáchas amach. D’éirigh deighilt ghéar áfach, idir an dá pháirtí polaitíochta is mó ann a bhí ar son neamhspleáchais sa bhliain 1975, agus d’eascair cogadh cathartha as an agóid eatarthu. Rinne arm na hIndinéise ionradh uirthi i mí na Nollag sa bhliain chéanna, agus an bhliain dar gcionn rinneadh nascghabháil uirthi mar chúige eile den Indinéis. (http://www.fair.org/index.php?page=1220)
Mhaigh rialtas na hAstráile ag an am nach raibh aon bhaint acu leis an gcinneadh a rinne an Indinéis ionradh a dhéanamh ar Thíomór Thoir. Meastar go forleathan, ámh, gur thug siad le fios go raibh siad báúil lena raibh idir lámha ag an Indinéis. Bhí a fhios ag an domhan mór go raibh muintir Thíomór Thoir thíos leis an nascghabháil agus gur caitheadh go dona leo ar feadh an achair 24 bliain a raibh siad faoi dhiansmacht fórsaí míleata na hIndinéise. (http://www.thirdworldtraveler.com/Asia/GenocideEastTimor_Z.html) Fórsaí Míleata na hIndinéise sa Tíomór Thoir
Cé gur thuig na húdaráis abhus go ríléir cad a bhí ag tarlú ann, bhí beartas eachtrach dépháirteach ag gach rialtas Astrálach sa tréimhse sin a thug tacú do shláine críche na hIndinéise, beag beann ar mhianta na muintire sa Tíomór Thoir. Thug an Astráil an-chabhair d’fhórsaí míleata na hIndinéise faoin mbeartas, agus níl aon dul as ach go raibh cuid de na fórsaí Indinéiseacha a fuair traenáil abhus páirteach i ndrochiompar sa Tíomór Thoir. Tá daoine go leor sa tír seo a bhfuil náire orthu fós i ngeall ar an mbeartas eachtrach seo.
Nuair a fógraíodh toradh an reifrinn thuasluaite sa bhliain 1999, inár vótáil beagnach 80 faoin gcéad de mhuintir na tíre ar son an neamhspleáchais, rinne arm na hIndinéise agus na mílístí a bhí i gcoinne an reifrinn sléacht uafásach sa tír (Féach Eagrán 14, Meitheamh 2000). Maraíodh tuairim is 1400 duine, gortaíodh na mílte eile, fágadh na céadta míle duine gan dídean agus díothaíodh bonneagar na tíre.
B’éigean do Chomhairle Shlándála de chuid na Náisiún Aontaithe misean tacaíochta a chur chun an oileáin. Tugadh an International Force for East Timor (INTERFET) air. Bhí fórsaí as 22 tír páirteach san oibríocht, díorma Éireannach san áireamh. Bhí an díorma Astrálach ar an gceann is mó ann agus bhí an tAstrálach, An Ginearál Peter Cosgrove, i gceannas ar INTERFET.
D’éirigh leis an misean ord poiblí a chaomhnú agus bunaíodh Údarás Idirthréimhseach na Náisiún Aontaithe leis an tír a rialú. Bhain Tíomór Thoir neamhspleáchas amach faoi dheireadh thiar thall sa bhliain 2002, le laochra de chuid na frithbheartaíochta, Xanana Gusmao agus Mari Alkatari, mar uachtarán agus phríomhaire faoi seach.
Saoirse gan Só
Ní féidir a rá, ar an drochuair, go bhfuil cúrsaí sa Tíomór Thoir níos fearr anois ná a bhí siad seacht mbliana ó shin, go háirithe ó thaobh an gheilleagair de. Tá sí fós ar an tír is boichte san Áis. Nuair a bhain sí neamhspleáchas amach bhí 33 faoin gcéad dá daonra beo bocht, mar shampla, ach tá leath an daonra ag maireachtáil faoi thairseach na bochtaineachta faoi láthair. Anuas ar sin, tá tuairim is céad míle duine ag maireachtáil i gcampaí sealadacha mar gur leagadh a dtithe sna círéibeacha agus san fhoréigean a tharla ann trí bliana ó shin.
Rinneadh iarracht anuraidh an t-uachtarán, José Ramos-Horta, a fheallmharú. Gortaíodh go dona é agus b’éigean dó tréimhse fhada a chaitheamh in otharlann san Astráil. Mura mbunófar cobhsaíocht pholaitíochta ann go luath, beidh leisce ar chomhlachtaí idirnáisiúnta infheistíocht a dhéanamh ann. Maítear go rialta go bhfuil éilliú agus cairdeas fabhair le sonrú go forleathan ann, cibé páirtithe a bhíonn i gcumhacht, agus ar an gcaoi sin go ndíomlaítear an-chuid den chúnamh forbartha idirnáisiúnta a fhaigheann an tír.
Tá tuairim is 650 saighdiúir Astrálacha fós sa Tíomór Thoir, deich mbliana tar éis dóibh dul ann le hord poiblí a chaomhnú. Tá siad ann le slándáil a sholáthar don mhíle póilín de chuid na Náisiúin Aontaithe ann. Dealraíonn láithreacht leantach na saighdiúirí agus na bpóilíní eachtrannacha nach bhfuil sochaí shíochánta ná rialtas feidhmiúil bunaithe sa tír go fóill.
Bhíothas dóchasach nuair a fuarthas ola agus gás faoin bhfarraige in aice Thíomór Thoir go gcuideodh an t-airgead sin le forbairt na tíre, go háirithe go mbeadh an rialtas in inmhe dul i ngleic le fadhb uafásach na dífhostaíochta. Cé gur fiú ola agus gás $US2.8 billiún anuraidh, níl na comhlachtaí móra fuinnimh réidh a gcuid bonneagair a thógáil sa Tíomór Thoir fad is a mheastar nach tír shábháilte í. Tá sé níos éasca agus níos saoire é a thógáil san Astráil, áit a bhfuil oibrithe oilte ar fáil freisin.
In ainneoin na bhfadhbanna thuasluaite, tá ábhair dhóchais le sonrú. Tá na Náisiúin Aontaithe agus an Astráil ag cuimhneamh ar a gcuid póilíní agus saighdiúirí a thabhairt amach as Tíomór Thoir an bhliain seo chugainn. Méadófar an t-ioncam ola agus gáis agus bunaíodh An Ciste Peitriliam leis na hioncaim seo a riar ar bonn trédhearcach agus inbhuanaithe. Táthar ag súil go mór go mbeidh todhchaí níos síochánta agus níos rathúla ag muintir bhocht Thíomór Thoir. Níl aon amhras ach go bhfuil an iomarca bochtaineachta agus ainnise fulaingthe acu cheana féin. Deirtear faoin maith dhéanach, gurb í an mhaith i gcónaí í.