AR NA SAOLTA SEO
Imazighen an Mhaghreb
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Chaith Alan Desmond seal ag iniúchadh scéal an phobail líonmhair iltírigh úd in iarthuaisceart na hAfraice, na hImazighen, nó mar a thugtar go contráilte orthu, na Beirbeirigh.

Íomhá
Tuareg san Ailgéir
Íomhá
Ag Acacus i Libia
Íomhá
Tuareg i Zaid, Libia
Íomhá
Bratach na nImazighen

Cé gur leis an Ailgéir is mó a shamhlaíonn muintir na hEorpa na hImazighen, nó ‘Beirbeirigh’ mar a thugtar go coitianta orthu, tá an pobal eitneach seo le fáil in gach ceann de na tíortha ar chósta thuaidh na hAfraice chomh maith leis an Nígir agus Mailí. Cé nach bhfuil ach dreamanna beaga Imazighen sa Libia, san Éigipt (ag Siwa) agus sa Mháratáin, is cainteoirí T’mazight/Tamazight, nó ‘Beirbeiris,’ iad leath de mhuintir Mharacó agus a ceathrú cuid de dhaonra na hAilgéire, an tír is mó a mbíonn a n-aird dírithe ag meáin chumarsáide ‘Iarthair Domhain’ uirthi ó thaobh an phobail eitnigh seo de. D’fhéadfaí a rá, áfach, go bhfuil eitneachas Amazigh ag formhór mór de dhaonraí Mharacó is na hAilgéire ach roinnt mhaith díobh a bheith arabaithe sa mhéid is nach bhfuil an teanga T’mazight acu a thuilleadh.

Stair is Sanasaíocht

Is Moslamaigh iad Imazighen an lae inniu ach ba phobal Críostaí iad is bhí siad in uachtar i dtuaisceart na hAfraice go dtí gur tháinig an áit faoi smacht na nArabach sa 7ú haois. Sna haoiseanna ina dhiaidh sin iompaíodh iad, de réir a chéile, ar chreideamh is ar nósanna an Ioslamachais. Is amhlaidh gur ghlac na hImazighen páirt thábhachtach i gconcas Moslamach na Spáinne san 8ú haois.

Cé nach bhfuil na saineolaithe ar aon tuairim maidir le sanasaíocht an fhocail ‘Berber,’ deir cuid acu gur ón bhfocal Laidine ‘barbarian’ a shíolraíonn sé. Is é a thugann formhór na ndaoine orthu féin ná Imazighen nó leagan den fhocal sin arb é ‘daoine saora’ is brí leis agus Tamazight, (scríofa scaití mar T’mazight) a thugtar ar a dteanga. Téarma cineálach do theaghlach ‘teangacha’ é Tamazight, áfach, mar nach canúintí amháin, ach teangacha éagsúla a bhíonn á labhairt ag roinnt de na pobail éagsúla, Shawia, Mzab, Aheggar. Tamazek a labhraíonn Tuareg an ghaineamhlaigh, Tashelhit nó Shilha a bhíos ag muintir Shléibhte Rife agus aroile.

Ní hamháin go ndearna Imazighen na hAilgéire a dteanga is a mbéascna a chosaint ar an arabú ar feadh na gcéadta, tá siad fós i mbun cosanta ó bhain an tír neamhspleáchas ón bhFrainc amach i 1962.

Stát Nua: Plus ça change, plus c’est la même chose

Agus neamhspleáchas faighte rinneadh teanga oifigiúil stáit den Araibis is cuireadh cosc ar léirithe ar chreideamh is ar chultúr na nImazighen. Níorbh é sin amháin a ghoill ar mhuintir Imazighen a nglaotar Caibíl, nó Kabyle na hAilgéire orthu, áfach. Rinneadh iarrachtaí líon na gcainteoirí Arabise i gcóras riaracháin an stáit nua a mhéadú, leis.

Is é a bhí de dheasca an chos ar bolg seo ná éirí amach i 1963 a stiúraigh Hocine Ait Ahmed, fear de na Kabyle a bhí ina cheannaire sa ghluaiseacht frithbheartaíochta in aghaidh na bhFrancach is a bhunaigh Fronta na bhFórsaí Sóisialacha chun cás na nImazighen a chur chun cinn. Cé go ndeachaigh den éirí amach, chuaigh ag Ait Ahmed pionós an bháis a sheachaint nuair a theith sé chun na Fraince is tá baint aige le cúrsaí polaitíochta na hAilgéire ó shin i leith.

Tá íoróin nach beag ag baint leis go raibh dlisteanacht is údarás rialtas an stáit nua bunaithe ar a ról ceannaireachta sa choimhlint ar son an neamhspleáchais ón bhFrainc. Ghlac na hImazighen féin lánpháirtíocht sa choimhlint sin ach ba bheag an buíochas a thug an stát nua dóibh as a n-iarrachtaí.

Na Kabyle

Ar ndóigh, is é an mhuintir dar díobh é Ait Ahmed na hImazighen is mó a bhfuil aird an domhain tarraingthe orthu féin. Tá na Kabyle lonnaithe i Kabylie, réigiún sléibhtiúil soir ó Algiers, príomhchathair na hAilgéire. Tuairim is 5 milliún Imazighen atá in Kabylie agus tá cónaí ar tuairim is 3 milliún díobh sa phríomhchathair féin.

Is é Tizi-Ouzou, príomhchathair Kabylie, atá mar dhaingean an fhreasúra i gcoinne an arabaithe agus is anseo a tharla an eachtra as ar eascair ‘Earrach na nImazighen’, nó ‘Tafsut Imazighen’. I mí an Mhárta 1980, níor lig na póilíní don fhile Mouloud Mammeri léacht a thabhairt ar fhilíocht ársa na nImazighen ag ollscoil Tizi-Ouzou. Thosaigh mic léinn ag léirsiú ar shráideanna Kabylie ar dtús agus in Algiers féin ina dhiaidh sin. Ba é an freagra a thug na húdaráis air seo ná na céadta a shacadh sa charcair is 30 duine a mharú.

Cé gur éirigh leis na húdaráis an tÉirí Amach, nó ‘Tafsut’, an Earraigh a chur faoi chois, ba lena linn a fuair polaiteoirí sunatasacha Kabyle ár linne taithí ar chur chun cinn chás a bpobail. Tá eagraíochtaí tábhachtacha curtha ar bun ag gníomhaithe a ghlac páirt san Earrach, leis.

Léirsithe, Agóidí is Círéibeacha

Leanadh ar aghaidh leis an gcos ar bolg i 1985 nuair a rinneadh gníomhaithe Imazigh eile a ghabháil is a chur i bpríosún ach níor bhain sin an ghaoth as seolta agóideoirí Kabyle: i 1988 ghlac siad páirt i léirsithe i Kabylie is in Algiers a chuir iallach ar an rialtas deireadh a chur leis an gcóras aonpháirtí a bhí ag an Ailgéire ó bunaíodh an stát.

Bhí toirmeasc fós ar Tamazight, áfach, agus d’fhonn aitheantas a ghnóthú don teanga d’eagraigh an Ghluaiseacht Chultúrtha Bheirbeireach ollchruinniú i 1990 sa phríomchathair. Ba é an t-éileamh céanna ba chúis le baghcat a rinneadh ar scoileanna ó Mheán Fómhair 1994 go hAibreán 1995.

Ba chun donais a chuaigh cúrsaí i 1998 nuair a dúnmharaíodh an t-amhránaí clúiteach Lounès Matoub. Sheas sé le cearta cultúir is teanga na Kabyle riamh ach nuair a chum sé rann a rinne scigaithris ar amhrán náisiúnta na hAilgéire dúnmharaíodh é agus gan ach an dá bhliain is dhá scór aige. Ní ionadh gur thóg a bhás círéibeacha fuilteacha.

Ba é bás mic léinn a bhí faoi choimeád ag na póilíní in Tizi-Ouzu a thóg círéibeacha fuilteacha in Aibreán 2001. Meastar gur maraíodh suas le 120 duine le linn na corraíola sibhialta a lean an bás sin.

Athrú chun Feabhais?

I Meitheamh na bliana céanna cuireadh Gluaiseacht Saoránach ar bun sna réigiúin Imazigh is rinneadh 15 éileamh ar an rialtas a raibh aitheantas iomlán Tamazight ar cheann díobh. Ag Deireadh Fómhair rinne an rialtas an bunreacht a leasú chun stádas teanga náisiúnta a thabhairt don Tamazight.

Cé gur dul chun cinn de shaghas éigin é seo, bhí míshásamh nár tugadh stádas teanga oifigiúil don teanga agus bhagair na Imazigh go ndéanfaidís baghcat ar na toghcháin uachtaránachta mar gheall ar cheist na teanga.

Rath i nDán do na hImazighen?

Is cinnte nach gearr go mbeidh cainteoirí Tamazight is rialtas na hAilgéire ar aon tuairim mar gheall ar chultúr na nImazighen. Ach ní hé an rialtas an t-aon namhaid amháin atá ag an dream eitneach seo. Tarlaíonn scliúchais fhoréigneacha idir dreamanna Imazigh is Arabacha agus tá roinnt Imazighen, idir uasal is íseal, curtha den saol ó 2005 a bhfuil Ioslamaigh dhíograiseacha freagrach as, de réir an rialtais.

Ach ní foláir nó gur foinse domhain dóchais é go bhfuil an T’mazight caomhnaithe ag muintir Chaibíl na hAilgéire ón 7ú haois in ainneoin an bhrú atá á chur ar lucht a labhartha ó shin i leith.

Naisc:An Teanga, At Tamazight: http://sites.google.com/site/tamazight/the-tamazight-berber-language-profile

Ceol: http://www.youtube.com/watch?v=vqLKkPflRcY&feature=related http://www.youtube.com/watch?v=CfzJJadT8gw&feature=related(Takfarinas:) http://www.youtube.com/watch?v=O8sYdHjma5k&feature=related http://www.dailymotion.com/video/x3how9ahouzar-izlane-ourasnghiy-ibtou-noumusic (le bodhrán/ bindir:) http://www.youtube.com/watch?v=SWQfEacXH6g&NR=1 http://www.dailymotion.com/video/x7leqchommage-aux-femmes-et-artistes-kabymusic

An fonnadóir Idir: http://www.youtube.com/watch?v=rPSkSdV7Jf8&feature=related Ceoltóir sráide: http://www.dailymotion.com/video/x4un6kamdiaz-amazigh-atlas-marocmusic Seisiún: http://www.dailymotion.com/video/x3sve0soiree-ravissante4music In Oujda: http://www.youtube.com/watch?gl=IE&hl=en-GB&v=vCsoDRo6LbQ&feature=related

An Pholaitíocht: http://www.unhcr.org/refworld/publisher,MARP,,DZA,469f38621e,0.html http://www.amazighworld.org/eng/index.php http://news.bbc.co.uk/2/hi/africa/4240898.stm http://www.youtube.com/watch?v=C8nelfzFfyc

Sochraid Lounes Matoub: http://www.youtube.com/watch?v=QaaWUzvkw2w&feature=related http://www.youtube.com/watch?v=_VVlN4WfDb0&feature=related Faire! Brúidiúlacht anseo: http://www.youtube.com/watch?v=p50UlLWxAFs&feature=related

Filíocht: http://www.imyura.net/ZerSel/tabid/113/Default.aspx

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.