AR NA SAOLTA SEO
Brúghrúpa na Bruiséile ar son Iosrael
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Má tá uisce go leor idir Mheiriceá agus an Eoraip, ní bac ar bith é ar uisce faoi thalamh lucht ceaptha na smaointeoireachta. Tá saothar oifig eachtrach an CGM sa Bhruiséil á iniúchadh ag Maidhc Ó Cathail san alt seo

Íomhá
Scamall na buamála, Nagasaki (Jamez042 a tharraing ar Picasaweb)
Íomhá
Condoleezza Rice (Vicipéid)
Íomhá
Jonathan Pollard, sibhialach Israel, (iar)shibhialach SAM

Ina alt iomráiteach dar teideal ‘The Israel Lobby,’ a foilsíodh sa London Review of Books ar an 23 Márta 2006, scríobh John Mearscheimer agus Stephen Walt: “Other special-interest groups have managed to skew foreign policy, but no lobby has managed to divert it as far from what the national interest would suggest, while simultaneously convincing Americans that US interests and those of the other country – in this case, Israel – are essentially identical.” (http://www.lrb.co.uk/v28/n06/mear01_.html ) Chuile sheans nár chuala tú mar gheall air, ach tá an ‘Brúghrúpa ar son Iosrael’ sa Bhruiséil chomh maith ag iarraidh an tionchar céanna a imirt ar bheartas eachtrach an Aontais Eorpaigh. (http://video.google.com/videoplay?docid=-1466549003630201024#) (http://www.youtube.com/watch?v=FSXZNm2jGVE)

Is é an Coiste Giúdach Meiriceánach (CGM) ceann de na heagraíochtaí is tábhachtaí arb iad an Brúghrúpa iad. Thug Jeff Blankfort, ar Giúdach Meiriceánach é a cháineann an Brúghrúpa go géar, cur síos ar an CGM mar ‘oifig eachtrach neamhoifigiúil an Bhrúghrúpa.’ (http://www.youtube.com/watch?v=CNf2SntA3pk) Le brústocaireacht a dhéanamh ar an AE, d’oscail an CGM oifig sa Bhruiséil i 2004. Dar le Blankfort, bíonn cruinnithe seachtainiúil ag an CGM le hardoifigeach nó le ceann stáit na mballstát AE. Agus tá ag éirí go geal leis na cruinnithe, is cosúil. Mar a scríobh Blankfort i 2006, “Over the past year the EU has moved away from relative support for the Palestinians to adopting one position after another reflecting Israeli *demands*.”

(http://peacepalestine.blogspot.com/2006/07/jeff-blankfort-influence-of-israel-and.html )

Bhunaigh an CGM an Institiúid Tras-Atlantach i Feabhra, 2004, mar chuid lárnach dá chuid brústocaireachta sa Bhruiséil. (http://www.transatlanticinstitute.org/html/) De réir a ráiteas misin, is “droichead intleachtach idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach” í an institiúid a bhfuil sé mar chuspóir aici ‘naisc tras-Atlantacha a dhaingniú.’ Cé go gcuireann an institiúid síos uirthi féin mar ‘eagraíocht neamhrialtasach, neamhpháirtíneach agus neamhspleách,’ is léir óna cuid foilseachán go bhfuil sé mar aidhm aici an tAE a stiúradh i dtreo bheartas ionsaitheach ar thaobh Iosrael sa Mheánoirthear, mar a d’éirigh leis na nuachoimeádaigh a dhéanamh i rialtas Bush. (http://www.antiwar.com/orig/lind1.html)

Ní haon ionadh sin. Tar éis an tsaoil, is Síónach go smior é stiúrthóir feidhmiúcháin na hinstidiúide, an Dr. Emanuele Ottolenghi. Sula bhfuair sé an post sa Bhruiséil, bhí an tIodálach ag teagasc Léann Iosrael (ábhar a bunaíodh go príomha le híomhá Iosrael a chur chun cinn, dar le Mearsheimer agus Walt) ag Ollscoil Oxford tar éis céim dochtúra a fháil san Ollscoil Eabhrach in Iarúsailéim. Mar aon le rialtas Iosrael agus a lucht tacaíochta thar lear, is iad airm núicleacha na hIaráine nach ann dóibh an chloch is mó ar phaidrín Ottolenghi anois, ó cuireadh deireadh le ‘bagairt’ na hIaráice. Foilsíodh a leabhar, Under a Mushroom Cloud: Europe, Iran and the Bomb, i 2009, ina áitíonn sé ar Eorpaigh cosc a chur ar chlár núicleach na hIaráine. Ní móide, áfach, go mbeadh sé ag iarraidh go gcuirfear cosc iomlán ar airm núicleacha sa Mheánoirthear, mar is í Iosrael an t-aon tír amháin sa réigiún ina bhfuil siad faoi láthair. (http://english.aljazeera.net/news/middleeast/2009/10/20091025144543791683.html)

Cogadh Domhanda IV?

Maidir le ‘néal an fhás aon oíche’ os cionn na hEorpa, an cuimhin le héinne ráiteas Condoleezza Rice mar gheall ar ‘bhagairt núicleach’ na hIaráice? Chum Michael Gerson, scríbhneoir aithisc do George Bush agus tacadóir mór le hIosrael, an ceann sin. Ar a laghad, d’fhéadfaí rabhaidh lucht Iosrael a thuar.

Sula dtabharfaidh polaiteoirí na hEorpa aird ar chomhairle Ottolenghi agus a institiúid ‘neamhrialtasach,’ ba cheart dóibh a bheith eolach ar chruinneshamhail geopholaitíochta na hirise Commentary, áit a mbíonn Ottolenghi ag blagáil. Ach oiread leis an Institiúid Tras-Atlantach, chuir an Coiste Giúdach Meiriceánach tús le ‘príomhiris an nuachoimeádachais,’ agus lean an nasc eatarthu ó 1945 go dtí 2006. Ach nuair a luaitear Commentary, tig ainm Norman Podhoretz isteach in aigne gach duine.

Dar le Podhoretz, eagarthóir ar Commentary ó 1960 ar aghaidh, táimid i mbun an Cheathrú Cogadh Domhanda (ba é an Cogadh Fuar an Tríú Cogadh Domhanda, dar leis) ó bhí an 11ú Meán Fómhair, 2001 ann. De réir ceannródaí na nuachoimeádach, “we are only in the very early stages of what promises to be a very long war, and Iraq is only the second front to have been opened in that war: the second scene, so to speak, of the first act of a five-act play.” (http://www.commentarymagazine.com/viewarticle.cfm/world-war-iv--how-it-started--what-it-means---and-why-we-have-to-win-9785 ) Is dóigh nach mbeidh aon namhad fágtha ag Iosrael nuair a críochnófar an dráma fuilteach seo. Bhronn Ollscoil Bar-Ilan Duais Caomhnóir an tSíón, a bhronntar ar Ghiúdaigh a thacaíonn le stát Iosrael, ar Podhoretz i 2007 sa bhliain chéanna inar fhoilsigh sé World War IV: The Long Struggle Against Islamofascism.

Múnlú Théarmaí na Smaointeoireachta

Ach ná habair os ard nach é an ‘faisisteachas Ioslamach’ – cibé céard é féin – ach an Síónachas atá ina bhagairt is mó do shíocháin dhomhanda, nó is cinnte go gcuirfear frith-Sheimiteachas i do leith. Dar le Ottolenghi agus an Instidiúid Tras-Atlantach, is ionann frith-Shíónachas agus frith-Sheimiteachas. Agus mar bharr ar donas, aontaíonn an tAE leo. (http://www.antiwar.com/scheuer/?articleid=11670 ) De réir an tsainmhiniú a thugann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (GAECB), is cosúil go bhfuil tú frith-Sheimiteach má aontaíonn tú le Mearscheimer agus Walt go raibh baint mhór ag Iosrael agus a lucht tacaíochta i SAM leis an ionsaí ar an Iaráic, nó má chuireann tú i leith leithéidí Podhoretz agus Ottolenghi go bhfuil siad níos dílse d’Iosrael ná do SAM agus an tAE faoi seach. Chuaigh an GAECB i mbun comhairle le heagraíochtaí Giúdacha, an Coiste Giúdach Meiriceánach ina measc, sular chum siad an sainmhíniú infheidhme seo i Márta 2004. (http://www.transatlanticinstitute.org/html/pu_articles.html?id=136 )

Maidir le ceist na dílseachta, is fiú cuimhneamh ar chás Jonathan Pollard. Cuireadh géibheann saoil ar an nGiúdach Meiriceánach seo i 1986 mar gheall ar na mílte leathanach de dhoiciméid a ghoid sé ina phost mar anailísí do fhaisnéis chabhlaigh SAM. (http://en.wikipedia.org/wiki/Jonathan_Pollard) De réir Claudia Wright, údar Spy, Steal, and Smuggle: Israel’s Special Relationship with the US, is cosúil gur íocadh Pollard as an bhFondúireacht Dénáisiúnach um Thaighde agus Forbairt Tionsclaíoch. Nuair a iarradh tuarascáil iniúcóra ar Jordan Baruch, comhairleoir do bhord na fondúireachta, d’fhreagair sé: “Even if I did (have one), I couldn’t release it.” Dála an scéil, is mar gheall ar thacaíocht ó Baruch agus a mhuintir a cuireadh an Institiúid Tras-Atlantach ar bun. (http://www.wrmea.com/backissues/0887/8708001.html )

Ina aitheasc do Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ar an 24ú Meán Fómhair, mhaígh Benjamin Netanyahu go raibh ’an tsibhialtacht in aghaidh an bharbarachais’ sa choimhlint idir Iosrael agus an Iaráin. B’fhéidir gur fíor dó – mar céard eile ach ‘barbarachas’ a thabharfá ar an stát a d’ordaigh Obráid Teilg Luaidhe ar mhuintir Gaza gan chosaint an Nollaig seo caite. Agus má éiríonn leis an mBrúghrúpa ar son Iosrael sa Bhruiséil, tá a fhios againn cén taobh a mbeidh an tAontas Eorpach. (http://www.gilad.co.uk/writings/the-pathology-of-evil-by-gilad-atzmon.html )

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.