AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Tá Balor, agus an Bould O Donoghuer, i ndiaidh pilleadh slán ó mhná fiánta Mhilwaukee ar ais. Maidir le Molt Ó Gorm Liath agus Máire Ní Chlochráin: Baaaaah a deir Balor leo!

Íomhá
Ceann Cabhartha na Dála an scéil
Íomhá
Ag dearcadh ar ais ar Thoraigh as mo Dhún (D. Baloir)
Íomhá
An tAire Molt Ó Gorm Liath

Tá Balor slán sábháilte sa bhaile arís agus soiprithe ina phluais cháidheach i ndiaidh dó éalú ó mhná allta na Stát Aontaithe. D’éalaigh sé lena anam ón Ghaeltacht ag Irish Fest Milwaukee i ndiaidh do mhná fiánta na háite sin spéis a chur ina cholainn bhreá chaomh. (http://www.youtube.com/watch?v=NkkkkLoDQ4A&feature=related) (http://www.youtube.com/watch?v=-5U3d4g6sk0&NR=1) (http://www.youtube.com/watch?v=yAYcmyLfRxE) (http://www.youtube.com/watch?v=S2d5khGy20Q)

Tá sé breá sásta a bheith ar ais in Éirinn, cé go bhfuil deireadh leis an dá shamhradh a bhí againn i mbliana – an ceann a bhí againn ar feadh seacht n-uaire an chloig i mí an Mheithimh agus an ceann a mhair dhá lá go leith i mí Mheán an Fhómhair. Tá spórt agus sult agus an tsamhraidh fágtha taobh thiar dínn anois agus tá muid ar ais mar is cóir agus mar is dual do na Gaeil a bheith: faoin anó, aimléis agus faoi ainnise. Tá an aimsir fóirsteanach arís do nádúr an Ghaeil: an díle anuas orainn agus an ghaoth fhuar aithrinneach ag séideadh aduaidh agus aneas agus anoir agus aniar ag an am céanna. Nach deas a bheith ar ais san am agus san aimsir a fhóireann dúinn mar phobal céasta, donasach. (http://www.youtube.com/watch?v=rH0WSZmcLH4) (http://www.youtube.com/watch?v=Qm7sozzO2Kc) (http://www.youtube.com/watch?v=qojfDU3Ign0&feature=related) (http://www.youtube.com/watch?v=3CAx2AN85r0)

Fear eile atá ar ais in Éirinn ó Fhéile na nGael i Milwaukee i ndiaidh a chuairte sóúla ar an chathair sin cois locha is ea an Bould O Donoghue, Ceann Comhairle na Dála agus Caiteoir Mór na Linne seo. Fuair sé scairdeitleán Jumbo ar cíos le taisteal as Milwaukee go dtí an Fearann Fuar, agus nuair nach raibh héileacaptar le fáil ar cíos in Aerfort Chiarraí le Seáinín a thabhairt chun an bhaile, cheannaigh sé ceann amach as farasbarr chostais na seachtaine roimhe sin – gach rud de réir an dlí agus de réir nósanna imeachta Choiste na gCeann Comhairle Ciarraíoch. Cé a dúirt gur asal a bhí sa dlí? Cé a dúirt gur asal a bhí sa Cheann Comhairle? Ach i gcead dó, tá an Bould O Donoghue cáiréiseach le cúrsaí airgid agus le cúrsaí costais. Maíonn sé nach mbeidh ingearán de dhíth níos mó a luaithe agus a bheas an mótarbhealach idir Aerfort Chiarraí agus Cathair Saidhbhín tógtha. Deir sé go ndíolfaidh sé an bád spéire le Patsaí Dan Mac Ruairí in Oileán Thoraigh le go rachaidh Rí an Oileáin ar a chamchuairt laethúil thart ar a dhúiche le súil a choinneáil ar a phobal dílis, agus ar a chuid caorach féin. (Leagan Gaeilge a ráitis i mBéarla anseo: http://www.oireachtas.ie/viewdoc.asp?UserLang=GA&DocID=12757) (Tá Béarla dá ráiteas i mBéarla ar suíomh céanna ar ndóigh.) (Patsaí Dan go meanmnach anseo: http://www.youtube.com/watch?v=V97uguMHM3U) (http://www.youtube.com/watch?v=qK3n_u7KkOY)

Bóiscéalta na gCaorach

Ós ag caint dúinn ar chaoirigh, tá muintir bhocht bhuailte an Chomhaontais Ghlais fós sásta tacaíocht a thabhairt do na distressed assets eile sa chomhrialtas. Mar a dúirt an Molt Ó Gorm Liath, agus é ag trácht ar an dóigh ina bhfuil siad anois: “Is fearr breac sa phota ná cic sna magairlí.” Níl Balor cinnte an fearr nó nach fearr, nó is doiligh cic sna magairlí a thabhairt do dhream nach bhfuil magairlí acu.

D’admhaigh an Molt Ó Gorm Liath do Bhalor go raibh sé i gceist ag a pháirtí moladh a dhéanamh go ngearrfaí cáin ghlas ar labhairt na Gaeilge. Bhí an dá chúis aige leis an mholadh sin, a dúirt sé: ar an chéad dul síos, níl rud ar bith ar thalamh na hÉireann chomh glas leis an Ghaeilge, agus ar an dara dul síos, níl duine ar bith ar chlár na cruinne a chruthaíonn an oiread sin CO2 lena bhladar gan stad gan staonadh chomh flúirseach fras fairsing leis an Ghaeilgeoir dhúthrachtach. Mar a dúirt an tUascán Ó Sáirsint, comhghleacaí le Molt Ó Gorm Liath sa Chomhaontas Glas: “Is ionann pictiúr agus míle focal, agus is ionann agallamh liomsa agus céad míle focal.”

Agus ós ag caint dúinn ar chéad míle focal, bíodh a fhios agaibh a léitheoirí dílse, go bhfuil Balor Baoth Biatach Blonagach Bomannach Bóiscéalach Borrshúileach chomh glas le duine ar bith sa Chomhaontas Comhdhlúite sin, agus níos glaise. Nach bhfuil pluais bhreá bhrocach aige gan leictreachas, gan ghas, gan ola, gan rud ar bith ann a chuirfeadh le téamh an domhain ná a bhainfeadh de shláinte an phobail. Ná héistigí, a léitheoirí dílse, le cúlchaint na spídeoirí éadmhara a mhaíonn go maraíonn bréantas a chuid bromanna gach dúil bheo a chónaíonnbhúir asail den phluais chéanna gach uair a thagann geonaíl ar a chuid putóg. Níl sé fíor! Níl ann ach líomhain ghránna agus ráfla. Ní cóir do dhuine ar bith a bheith á scaipeadh ná fiú ag éisteacht leo.

‘Is é Cúngú na Gaeltachta, Cumasú na Galltachta!’ – Mart Ó Kine (Cré na Creille)(http://www.youtube.com/watch?v=q91o5WC5plM&NR=1)(http://www.youtube.com/watch?v=4xBzFAItqZY&feature=related)(http://www.youtube.com/watch?v=ls4MDuBrXSI&feature=related)

Agus ós ag caint dúinn ar líomhaintí agus ráflaí, tá sé ag madraí an bhaile go bhfuil Éamó Ó Caoimhnis i ndiaidh géilleadh ar cheist chasta achrannach seo chúngú na Gaeltachta. Beidh deireadh leis an chastacht agus leis an achrann anois gan mhoill nó ní bheidh mórán fágtha le cúngú. Ag am anaithnid, in áit anaithnid, agus é ag géilleadh gan chomha do dhuine anaithnid nó do dhaoine anaithnide ar na mallaibh, ghlac sé leis go mbainfí stádas Gaeltachta de gach Gaeltacht sa tír seachas Corr na Móna agus Gleann Cholm Cille. (http://www.youtube.com/watch?v=-L6i9Ni7be4&feature=related) Ní ar mhaithe le hairgead a choigilt a rinne sé an méid sin, dar le Balor an Bhéil Bhinn agus an Bhéil Bháin, nó beidh iomlán na ndeontas a bhí ag dul isteach sna Gaeltachtaí ar fad anois ag dul isteach i gCorr na Móna agus i nGleann Cholm Cille. Deirtear go bhfuil áthas an domhain ar an dá scór Gaeilgeoir a bhíonn ag gaeilgeoireacht go rialta, agus a bheas ag gaeilgeoireacht gan stad anois, sa dá áit. (http://www.youtube.com/watch?v=r_e1Ughougc&feature=related)

Ceist ag Balor an Bleachtaire oraibh, a léitheoirí cliste: bhur mbarúil cad tuige gur roghnaíodh an dá áit sin? Bhur bhfreagraí, le bhur dtoil, scríofa go soiléir ar nóta caoga Euro chuig Balor an Fiosraitheoir Fiafraitheach Fáidhiúil faoi dheireadh na míosa seo, le bheith istigh ar sheans duais mhór a bhaint: deireadh seachtaine Gaeltachta san Iarthar. Meas tú, cén áit?

Agus ós ag caint dúinn ar ghuí, beidh Máire Ní Chlochráin ag súil go mór agus ag guí go tréan le héirí as an dá phost atá aici agus go gceapfar í ina hAire na Gaeltachta sa chéad suaitheadh eile a dhéanfaidh Biffo ar an chomhaireacht. Nach breá mar a d’fhóirfeadh an jab sin di. Chuir sí cogar i gcluais Bhaloir ar na mallaibh: “Suaimhneas faoi dheireadh, a Bhaloir. Suaimhneas faoi dheireadh. Beidh mé ábalta a bheith ag gabháil do na mionnaí móra maidin, lá agus oíche, agus ní thuigfidh duine ar bith sna Gaeltachtaí úra focal ar bith as mo bhéal.”

Guíonn Balor gach ádh ar mhuintir na nGaeltachtaí úra – gach uile dhuine acu – agus ar a nAire nua.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.