AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
An Rás a Stopann an Náisiún
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Chaill Bearnaí Ó Doibhlin cúpla cianóg le rás capaill san Astráil i mbliana. Má chaill, bhí comhluadar líonmhar ina theannta ó cheann ceann na tíre.

Íomhá
Corn Melbourne na bliana 1881
Íomhá
An Ceant ag an Oíche Chalcúta

Ní áibhéil a rá go raibh aird na hAstráile dírithe ar Melbourne, príomhchathair Victoria, an 3 Samhain i mbliana agus Corn Melbourne ar siúl ann. Tá an Corn, mar a thugtar air, ar an rás capaill is cáiliúla agus is saibhre sa tír agus ritear an rás ar an gcéad Mháirt de mhí na Samhna gach bliain. Is lá saoire poiblí é lá an rása in Melbourne - agus is leath saoire neamhoifigiúil é gach áit eile sa tír. Tá sé intuigthe, mar sin, go dtugtar ‘an rás a stopann an náisiún’ air. Cuireann formhór mór mhuintir na hAstráile geall ar an rás, fiú iad siúd nach mbíonn aon bhaint acu le cúrsaí geallta is graí de ghnáth. (http://www.youtube.com/watch?v=YzdAKV99E30)

Is cisrás é thar achar trí mhíle is dhá chéad méadar, a bhíonn ar siúl ag Ráschúrsa Flemington, agus bíonn 24 capall folaíochta páirteach ann. Bhí corradh is céad míle duine i láthair ag Flemington i mbliana, mar is gnáth. Tá traidisiún láidir ann go mbíonn an lucht féachana gléasta go púdrach péacach, go háirithe na mná. Maítear uaireanta go bhfuil an comórtas faisin ag Flemington níos tábhachtaí ná an rás é féin.

Anuas ar sin, eagraítear ráschruinnithe fud fad na tíre ar an lá céanna agus bailíonn na sluaite acu, iad gléasta go lonrach. Tógtar scáileáin mhóra acu agus breathnaíonn gach éinne ar an rás mór in Melbourne, a thosaíonn ag a trí a chloig agus a mhaireann beagán os cionn trí nóiméad. Is í an tseaimpéin an deoch is ansa le gach lucht féachana ar an lá, is dócha mar go mbíodh baint ag an deoch seo le hardfhaisean tráth den saol.

Gnáthlá Oibre ag Roinnt Daoine

Ní féidir le gach duine freastal ar ráschúrsa ar an lá, ámh, ach reáchtáiltear imeachtaí éagsúla le deiseanna a thabhairt dóibh siúd a bheith páirteach sa cheiliúradh náisiúnta. Eagraítear scuabgheallta sna hionaid oibre, a thugann deis do na daoine iontu geallta beaga a chur ar an rás, agus is fíorannamh nach mbíonn teilifíseán ar siúl in ionad oibre le linn an rása mhóir.

Bíonn ócáidí ar a dtugtar ‘Calcúta’ an-choitianta ar an oíche roimh an rás. Eagraítear crannchur roimh an gCalcúta ina mbuann 24 duine leath úinéireachta ar na capaill sa rás. Bíonn ceant ar an oíche Chalcúta le leath úinéireachta eile na gcapall a dhíol. Roinntear na rannpháirtithe ag an gCalcúta i ngrúpaí, ar a dtugtar sindeacáití, le himthairiscintí a dhéanamh sa cheant.

Faigheann na daoine gur leo na capaill a thagann sna céad trí háit céatadáin éagsúla den mhéid airgid a bailíodh sa chrannchur agus sa cheant thuas – agus ní bhfaighidh úinéirí na gcapall eile faic!

Is féidir geall a chur ar an rás le geallghlacadóirí, má tá cuntas agat leo, ag na ráschruinnithe, ar an idirlíon, nó ag siopa de chuid an Totalisator Agency Board (TAB). Tá asraon miondíola de chuid an TAB ar fáil ag an gcuid is mó de na hionaid siopadóireachta, clubanna sóisialta agus tithe tábhairne ar fud na tíre. (http://en.wikipedia.org/wiki/TotalizatorAgencyBoard) Tá Corn Melbourne ar siúl ó 1861 i leith, tréimhse luath i stair na cathrach, a bunaíodh sa bhliain 1835. Bhuaigh capall darb ainm Archer an chéad rás agus an chéad rás eile. De réir bhéaloideas na tíre seo, b’éigean do Archer an t-achar ar fad idir Nowra in NSW, an baile inar rugadh is tógadh é, agus Melbourne a shiúl, turas atá os cionn míle ciliméadar. Tá scéalta go leor eile sa bhéaloideas logánta i dtaca le Corn Melbourne.

Tuairisc Twain

Thug an t-údar cáiliúil Meiriceánach Mark Twain cuairt ar na Fritíortha sa bhliain 1895, agus bhí sé i láthair ag Flemington i mí na Samhna leis an rás mór a fheiceáil. Is léir go ndeachaigh an ócáid i gcion go mór air mar gur scríobh sé ina leabhar, ‘Following the Equator: A Journey Around the World’:

Nowhere in the world have I encountered a festival of people that has such a magnificent appeal to the whole nation. The Cup astonished me.

Tá an rás buaite ag cuid de na capaill is cáiliúla i stair na tíre. Tá capall rása amháin, áfach, a bhuaigh an Corn agus a chuaigh i bhfeidhm ar mhuintir na hAstráile ní ba mhó ná aon chapall eile. Phar Lap a b’ainm dó agus bhuaigh seisean an rás sa bhliain 1930. Bhuaigh sé 37 as na 51 rás a raibh sé páirteach iontu idir 1928-32 agus ba laoch spóirt náisiúnta é le linn an Spealadh Mhóir, am a raibh gaiscígh ag teastáil go géar ó mhuintir na hAstráile. (Ní admhódh aon Astrálach é, ach rugadh Phar Lap sa Nua-Shéalainn!) (http://www.youtube.com/watch?v=l_EvPxlBA7Y)

Tógadh go Meiriceá é go luath sa bhliain 1932 agus bhuaigh sé an t-aon rás a raibh sé páirteach ann sa tír sin. Fuarthas an-tinn é ina stábla cúpla seachtain ní bá dhéanaí agus fuair sé bás faoi imthosca amhrais. Creideadh go forleathan abhus ag an am gur d’aon ghnó a nimhíodh Phar Lap agus go raibh lucht na coirpeachta eagraithe freagrach as. Tá daoine go leor san Astráil fós a mheasann go raibh na húdaráis rása nó na geallghlacadóirí sna Stáit Aontaithe freagrach as bás an chapaill. Tá teoiricithe comhcheilge gach áit!

Tá an Corn Melbourne ar an gcisrás is saibhre ar domhan agus tá airgead duaise ar fiú corradh is $5.6 milliún ar fáil anois do na buaiteoirí. Bhuaigh an capall ráis Éireannach, Vintage Crop, an Corn sa bhliain 1993 agus ó shin i leith tagann capaill folaíochta den scoth as tíortha go leor eile le bheith páirteach ann. Tháinig capaill as Éirinn sa dara agus sa tríú háit. Bhuaigh ráschapall Seapánach an Corn trí bliana ó shin, cuir i gcás, agus bhí cúig chapall eachtrannach sa rás i mbliana, ceann as an tSeisnia san áireamh. (http://www.sptimes.ru/index.php?actionid=2&storyid=29798)(http://www.heraldsun.com.au/news/national/federal-government-may-seize-ramzan-kadyrovs-melbourne-cup-winnings/story-e6frf7l6-1225799942853) (http://www.abc.net.au/am/content/2009/s2732505.htm)

Geallchuireadh breis is $120 milliún leis an TAB ar an gCorn i mbliana, agus meastar gur geallchuireadh níos mó arís ar an rás leis na geallghlacadóirí. Gheall mé féin $100 ar an rás nuair a d’fhreastail mé ar Chalcúta ag mo ghalfchúrsa, ach níor éirigh rómhaith le ceachtar de na capaill a cheannaigh mo shindeacáit ann. B’fhéidir go mbeidh mé níos ádhúla an bhliain seo chugainn – cé go dtuigim go bhfuil sé ráite gur ‘súil le breis a mhilleann an cearrbhach’.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.