AR NA SAOLTA SEO
Cúis na Coimhlinte
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Sníonn síolteagasc an fhoréigin anuas ó ghlúin go glúin agus ar thug tubaiste Vítneam ar mhuintir Mheiriceá, dar le Maidhc Ó Cathail, is é an síolteagasc céanna a tharraing isteach san Iaráic, san Afgánastáin agus go fiú, i spéartha Vasaíriostáin iad.

Íomhá
An tIar-Sheanadóir George Mc Govern
Íomhá
Robert Kagan Major Issues Lecture Series 1997 ag an Ashbrook Center (ar Picasaweb)
Íomhá
Fear Chogadh na hIaráice, Paul Wolfowitz (ar Vicipéid)

Is beag duine i Meiriceá atá sásta leis an ngéarú ar an gcogadh san Afganastáin a d’fhógair Barack Obama ar na mallaibh. Ach ba cheart don tromlach glan seo tabhairt faoi deara cé a bhí an-sásta le “borradh” amháin eile. D’fhéadfadh sé cabhrú leo cúis a gcuid coimhlinte síoraí a aithint.

Féach gur chuir William Kristol fáilte roimh an óráid a thug Obama ag Pointe an Iarthair.

Ina cholún sa Washington Post, dúirt Kristol gur mhaith an rud é go raibh Obama ag labhairt faoi dheireadh mar “uachtarán cogaidh.” Ar ndóigh, is beag duine a thugann aird ar bith ar Kristol agus é ag gríosú Meiriceá chun cogaidh uair amháin eile. Mar a d’fhiafraigh duine amháin, ina thrácht ar alt Kristol, “Alt eile ón bhfear a bhí mícheart i gcónaí idir 2000 agus 2008?”

Ach cé go raibh Kristol, mar aon leis na nuachoimeádaigh eile, ‘mícheart’ maidir le hairm ollscriosúla na hIaráice agus na naisc idir Saddam Hussein agus Al Qaeda, níor cheart do mhuintir SAM a cheapadh gur amadán atá ann. Má tá Meiriceánaigh ag iarraidh ‘tírghrá’ William Kristol, lena chomhairle atá tubaisteach don tír, a thuiscint, ní mór dóibh cuimhniú ar an bhfreagra a thug a athair, Irving Kristol, ar an Seanadóir George McGovern. Bhí McGovern, iarrthóir uachtaránachta agus cáinteoir an chogaidh i Vítneam, ag moladh go ngearrfaí siar ar chaiteachas míleata SAM. Cháin ‘seanóir’ an nuachoimeádachais seo óir go mbeadh sé mar a bheadh “scian a shá i gcroí Iosrael.”

Mar a mhínigh Irving Kristol i bhfoilseachán Giúdach i 1973: “Jews don’t like big military budgets. But it is now an interest of the Jews to have a large and powerful military establishment in the United States ... American Jews who care about the survival of the state of Israel have to say, no, we don’t want to cut the military budget, it is important to keep that military budget big, so that we can defend Israel.”

In ainm an athar

Ar chomhairle a athar, thacaigh William Kristol go láidir le caiteachas míleata ollmhór SAM. Scríobh sé in éineacht le Robert Kagan forógra na nuachoimeádach dar teideal ‘Toward a Neo-Reaganite Foreign Policy’ sa bhliain 1996. Dar leo:

The defense budget should be increased dramatically, citizens should be educated to appreciate the military’s vital work abroad, and moral clarity should direct a foreign policy that puts the heat on dictators and authoritarian regimes.”

Mhol Charles Krauthammer, colúnaí leis an Washington Post, an bheirt mar “the main proponents of what you might call the American greatness school.” Ní haon comhtharlú a bhí ann, áfach, gur Síónaigh iad an triúr acu. Nó go raibh deachtóirí ar nós Saddam Hussein ina chonstaic ar mhórcheannas Iosrael sa reigiún.

Bhunaigh Kristol agus Kagan brúghrúpa darb ainm Project for a New American Century (PNAC) an bhliain dar gcionn. Sna nóchaidí, scríobh siad litreacha chuig Bill Clinton ag impí air Hussein a threascairt. D’fhoilsigh PNAC ‘Rebuilding America’s Defenses’ i Meán Fómhair 2000. D’admhaigh siad sa pháipéar sin nach mbeadh muintir SAM ar son an mhéadaithe ar chaiteachas míleata a theastaigh ó PNAC. Mar a chuir siad é, “the process of transformation ... is likely to be a long one, absent some catastrophic and catalyzing event – like a new Pearl Harbor.”

Díreach bliain ina sin, tharla an “Pearl Harbor nua” a bhí uathu ar an 11ú Meán Fómhair. Fear eile nach raibh róbhuartha faoi mharú suas le 3,000 duine ná Benjamin Netanyahu. Dúirt sé go místuama go raibh 9/11 “go han-mhaith” d’Iosrael.

Cogadh Kristol?

An tseachtain dar gcionn, thosaigh The Weekly Standard, iris William Kristol, ag ceangailt an Iaráic le 9/11. Lean siad leo ar feadh bliain go leith go dtí gur ionsaigh SAM tír nach raibh baint dá laghad leis na hionsaithe.

Bhí páirt chomh tábhachtach ag William Kristol ag bolscaireacht i gcomhair an ionraidh sin gur thug Richard Cohen, colúnaí leis an Washington Post, “cogadh Kristol” air.

Ar ndóigh, tugadh “cogadh Wolfowitz” ar an gcogadh san Iaráic chomh maith. Ach d’fhéadfaí é a ainmniú i ndiaidh Perle, Feith, Libby, Zelikow, Lieberman nó duine ar bith de na Síónaigh a chuir dallamullóg ar mhuintir SAM ar mhaithe le hIosrael.

In alt dar teideal “Irving Kristol, RIP,” dúirt Justin Raimondo, eagarthóir Antiwar.com, gurb é oidhreacht Kristol ná “war, war, and yet more war, as far as the eye can see.” Muna dtugann muintir Mheiriceá faoi deara go luath gurb iad lucht Iosrael i SAM is cúis lena gcoimhlint síoraí, is cinnte go mairfidh an oidhreacht sin i bhfad.

Tá leagan den alt seo i mBéarla le tagairtí ar fáil anseo: http://dissidentvoice.org/2009/12/kristol-clear-the-source-of-america%E2%80%99s-wars/-------------NaiscVasaíriostáin http://www.youtube.com/watch?v=TRby1IDACB8&feature=fvw An Iaráic http://www.youtube.com/watch?v=SEOGbROqbfo&feature=relatedQandahar http://www.youtube.com/watch?v=Z6udc-7n7XACogaíocht ina ábhar grinn: http://www.theonion.com/content/news/ustroopsiniraqexcitedto http://www.thespoof.com/news/spoof.cfm?headline=s2i55612 http://www.theonion.com/content/video/armyholdsannualbringyour

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.