AR NA SAOLTA SEO
Muintir Ogiek
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Is ar mhuintir na seilge agus cnuais sa Chéinia, na hOgiek, a dhírigh Alan Desmond aghaidh a thuairisce san alt seo. Is beag a líon agus ní cosúil go bhfuil oiread tábhachta leo i súile an rialtais is atá lena gcuid tailte foraoise.

Íomhá
Achrann iarthoghcháin (Roberto Schimdt AFP ar Picasaweb)
Íomhá
Nairobi anuraidh i ndiaidh an toghcháin (Vicipéid)

Is é an Fhoraois Mau, ar chiumhais an Scoiltghleanna i ndeisceart na Céinia, an dobharcheantar is mó sa tír sin. Is ó Mau a eascraíonn roinnt aibhneacha a shníonn amach i lochanna iomráiteacha an Scoiltghleanna. Ach anuas ar an tábhacht a bhaineann léi mar dhobharcheantar, is i bhForaois Mau atá cónaí ar thuairim is 10,000 Ogiek, fiagaithe-cnuasaitheoirí ar dhíbir a ndia go Mau iad, de réir an tseanchais, mar éiric as eilifint a mharú. Tá Ogiek eile in iarthar na Céinia is in iarthuaisceart na Tansáine agus áirítear gurb ann do 40,000 díobh san iomlán. (http://ga.wikipedia.org/wiki/An_Ch%C3%A9inia) (http://www.survivalinternational.org/tribes/ogiek) (http://www.ogiek.org/)

Le cuimhne na seacht sinsear, tá Ogiek Mau beo ar an tsealgaireacht agus ar an mbailiú meala is torthaí. Más éiric a bhí i roghnú Mau mar áit chónaithe áfach, níorbh fheidhmiúil an éiric é ós rud é go bhfuil Ogiek na Foraoise chomh tugtha sin don áit nach bhfuil siad sásta bogadh amach as, de réir mar atá beartaithe ag an rialtas dóibh. (http://www.ienearth.org/REDD/index.html#8) ((http://www.selfhelpafrica.com/selfhelp/Files/Book%201%20UISCE.pdf) )

Teastaíonn ó rialtas na Céinia stop a chur leis an dochar atá á dhéanamh don Fhoraois trí na háitritheoirí go léir a athlonnú in áiteanna eile lasmuigh den Fhoraois. Tá cruóg faoi leith le caomhnú Mau i bhfianaise na tábhachta atá ag baint léi mar dhobharcheantar. Roinnt de mhuintirna glaise’ féin, níl siad róshásta lena bhfuil ar siúl in ainm an chaomhnaithe. (http://www.africanconservation.org/content/view/946/405/) (http://www.amnesty.org/en/library/asset/AFR32/006/2007/en/dom-AFR320062007en.html)

Coimhthíocha ar Lorg Adhmaid

Ní hiad na hOgiek amháin atá ag cur fúthu i Mau anois, áfach. Le blianta déanachalucht leagan crann, curadóirí tae agus tá oibrithe talmhaíochta nach iad tagtha chun na háite. Is cinnte gur láidre an t-éileamh atá ag na hOgiek ar an bhForaois Mau, arb é a dtalamh sinseartha é, ná ag aon éileamh a dhéanfadh na lonnaitheoirí is nuaí. Thairis sin, más é caomhnú na Foraoise is aidhm don rialtas, d’fhágfaí na hOgiek mar a bhfuilid. (http://www.ajspecification.com/Buildings/PictureGallery/?CIBuilding_ID=49)

De réir mar atá níos mó daoine ón taobh amuigh tar éis teacht go Mau is ea is mó an scrios atá déanta ar an bhForaois. Ach ós rud é nach gcleachtann na hOgiek an curféarach beithíoch, is beag a chuireann siad isteach ar an bhForaois. Is amhlaidh go gcuireann an bheachaireacht a dhéanann siad le hiomadú na gcrann is na mbláthanna.

Aithníonn an rialtas ceart na nOgiek Mau ar a dtalamh sinseartha agus maíonn siad gur mian leo gach duine a bhogadh amach as an bhForaois ach go ligfear do na hOgiek dul ar ais ina dhiaidh sin. Ach an bhfuil aon chiall ag baint leis na hOgiek a aslonnú más rud é go mbeartaítear iad a thabhairt ar ais?

Fiú dá mbeadh ciall lena leithéid de bheart, fágann taithí stairiúil na nOgiek go bhfuil siad amhrasach faoi ghníomhartha na n-údarás. Sna tríochaidí, le linn don Chéinia a bheith faoi riail na Breataine, díshealbhaíodh Ogiek as an bhForaois agus moladh go gcomhshamhlódh treibheanna eile iad toisc a líon bheith chomh beag sin.

Lucht Fiaigh agus Cnuais

Sa lá atá inniu ann aithníonn rialtas na Céinia 42 treibh ach is beag aitheantas a thugtar do fhiagaithe-cnuasaitheoirí. Sna daonáirimh a rinneadh i 1989 is 1999 áiríodh Ogiek mar bhaill de threibheanna Maasai nó Kalenjin. Nuair a bhí Daniel arap Moi ina uachtarán ó 1978 go 2002 bronnadh dáileachtaí talamh foraoise ar a lucht tréachtais agus ar dhaoine dá threabhchas féin, an Kikuyu.

Is beag feabhas a tháinig ar chúrsaí le toghadh Mwai Kibaki i 2002. Tá na hOgiek fós gan seirbhísí bunúsacha riachtanacha cosúil le rochtain ar chúram sláinte. Múintear leanaí i bhfoirgnimh throchailte i ranganna ina mbíonn suas le céad dalta.

Ní hionadh coinníollacha den saghas sin agus fiagaithe-cnuasaitheoirí na Céinia gan ionadaíocht pholaitiúil. Níos measa fós, bhí siad gan aitheantas oifigiúil go dtí le déanaí.

Cuireadh dréacht bunreachta faoi bhráid na parlaiminte sa bhliain 2005 inar tugadh aitheantas don lucht fiaigh agus cnuais, ach níor glacadh leis an dréacht. Aithníodh na hOgiek mar phobal dúchais i 2007, áfach, nuair a fuair an Chéinia iasacht ón mBanc Domhanda. Mar chuid de théarmaí na hiasachta tá an rialtas chun tabhairt faoi phobail dúchais foraoise a athshlánú. (http://www.youtube.com/watch?v=2KMUu-6KQc&feature=youtubegdata) (http://www.survivalinternational.org/news/5158)

Neosfaidh an aimsir cén mheabhair a bhaineann an rialtas as athshlánú na bpobal dúchais foraoise. (http://www.youtube.com/watch?v=Oos4m-P73Ps&NR=1)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.