AR NA SAOLTA SEO
Greg Stevenson 09
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tá Tony Birtill den bharúil gur mithid do mhuintir na hÉireann amharc ina dtimpeall, brath i gceart a bhfuil de shaibhreas ailtireachta na cosmhuintire acu agus go gcaithfear cúram mar is ceart a dhéanamh de.

Íomhá
Greg Stevenson lena chara dílis
Íomhá
An sean agus an nua
Íomhá
Seanchónaí clúfar
Íomhá
Teach fiúntach fágtha i Maigh Eo

Ba chóir do dhaoine in Éirinn níos mó a dhéanamh chun seanfhoirgnimh a chaomhnú, a deir saineolaí sa Bhreatain Bhig. Iarléachtóir ag Ollscoil Lampeter is ea Greg Stevenson, atá anois ina láithreoir ar chlár faoin ailtíreacht ar S4C. Tá a ghnó caomhnaithe féin aige fosta : thethatch.comwww.under

Ag labhairt ag ócáid oidhreachta in Oideas Gael, maoinithe ag An Chomhairle Oidhreachta (www.heritagecouncil.ie), bhain Greg úsáid as an nath "vernacular architecture “nó ailtíreacht dúchais/choitinn go minic i rith a léachta shuimiúil: "These are houses which were built by the people, for the people, without the use of architects,” a mhinigh sé dúinn, agus dúirt sé go raibh Tír Chonaill lán de shamplaí maithe de theachín ceann tí, an cineál foirgnimh nach bhfuil ann níos mó sa chuid is mó den tír. (http://www.youtube.com/watch?v=kk8foQOQVk0&feature=related)

Ach chuir an Tiogar Ceilteach (nach maireann) agus dlithe pleanála laga na seantithe i mbaol i dTír Conaill fosta. "I can’t think of anywhere in Europe so badly served by its planning policies. Perhaps the Costas in Spain in the 1960s and 70s was as bad. Planning policies are there to serve the people," a dúirt sé.

De réir an daonáireamh deiridh, tá 27 faoin gcéad dena tithe i nDún na nGall folamh an chuid is mó den bhliain, ach tá ardú 20 faoin gcéad sa méid tithe nua atá sa contae ceadaithe ag an comhairle contae, a dúirt sé linn. "In Wales we see building new holiday housing as a threat to our culture," ar seisean. (http://www.youtube.com/watch?v=vM2RUSUsDDw) (http://www.youtube.com/user/cymuned#p/a/908870DD7AE98A68/2/Khlw-CASa08) (http://www.youtube.com/watch?v=3nuUhKVIrWU)

Modd Cymru – Modh na Breataine Bige

Mhínigh sé dúinn go gceannaíonn a chomlacht sa Bhreatain Bhig seantithe faoin tuath, tithe atá tréigthe agus ina mballóga go minic, agus athchóiríonn sé iad, ag baint úsáid as seanscileanna agus as ábhar tógála traidisiúnta. Ligtear na tithe amach ar cíos mar thithe saoire ansin, agus os rud é go bhfuil scála aistritheach ann, bíonn an chuid is mó acu curtha in áirithe tríd an bhliain.

Dá bhrí seo, tá na seantithe caomhnaithe, tá cuma níos snasta ar an taobh tíre agus níl aon ghá ann tithe saoire a thógail ar fud na háite. Chomh maith le seo, caomhnaítear ceardaíochtaí traidisiúnta mar an tuíodóireacht agus tógáil claíocha agus cruthaítear fostaíocht faoin tuath. Baintear úsáid as an airgead ón chíos chun tuilleadh seanfhoirgneamh a cheannach agus a chaomhnú.

Spreag Greg Stevenson daoine in Éirinn an rud céanna a dhéanamh. Tá seanteach athcóirithe aige féin ag Srath Buí, i bparóiste Ghleann Cholm Cille (áit a bhfuil Oideas Gael) agus roinneann sé a chuid ama idir An Bhreatain Bheag agus Dún na nGall sa lá atá inniu ann, Dúirt sé: "We need to conduct an urgent evaluation of what buildings remain and improve the Record of Protected Structures (called listed buildings in Britain). We then need an emergency grant scheme for buildings at risk, to protect and encourage craft skills, and to celebrate successful renovations and control planning excesses. If people can’t build what they want, where they want, then they will have to make use of existing buildings."

Dúirt sé go taispeánann An Clachán i nGleann Cholm Cille go bhfuil a lán suime i seanfhoirgnimh. Tionscadal de cuid an Athar Séamas Mac Daidhir (1910-1987) atá ann. (http://www.glenfolkvillage.com/index.html) D’aithin sé go dtiocfadh leis an turasóireacht cuidiú le forbairt an cheantair ach í a bheith ag teacht leis an timpeallacht agus le cultúr an phobail. Osclaíodh An Clachán, iarsmalann dúiche a léiríonn trí chéad bliain de shaol teaghlaigh in iardheisceart Thír Chonaill sa bhliain 1987. D’éirigh thar barr léi agus tugann níos mó ná 30,000 duine cuairt uirthi gach bliain. (Le feiceáil: http://www.youtube.com/watch?v=BLju2zjjqSE&feature=related) (http://www.youtube.com/watch?v=aLjQHGyBVhY)

Ach níl aon ghá duit dul go dtí An Clachán chun na seantithe a fheiceáil, mar is é an nós atá ag Conallaigh ná teach nua a thógáil in aice leis an seancheann a bhí acu. Tugaim faoi deara taobh thiar de Choláiste Oideas Gael, cuir i gcás, tá tithe ón 18ú, 19ú agus 20ú aois in aice lena chéile.

Daoine le Moladh

Mhol Greg Stevenson comharsa dá chuid i Srath Buí, Francie Cannon, a chuireannceann tuí ar seanteachín atá in aice leis gach trí bliana, cé nach bhfuil sé ina chónaí ann. Mhol sé fosta na seanbhaitsiléirí agus mná singile atá fós ina gcónaí i dtithe traidisiúnta: "They deserve a heritage award," arsa Greg.

Thug mé faoi deara cúpla rud ait nuair a d’amharc mé ar www.heritagecouncil.ie : uimhir a haon, níl aon leagan Ghaeilge ann (cén cineál oidhreachta é seo?) agus uimhir a dó, tá piosa ann faoi: Reps 4 Traditional Farm Buildings Grants Scheme, ach is le haghaidh tithe amuigh (outbuildings) amháin (sciobóil agus a leithéid) atá sé, ní tithe cónaithe faoin tuaithe. Agus cé gur luaigh Greg ‘outbuildings ' ina caint, is léir go bhfuil tithe cónaithe níos tábhachtaí ná iad: "There are 450 Protected Structures in Donegal, but only 10 of them are vernacular cottages. This is a shame, as it is the architecture of the people. We need to lobby to protect these buildings," a dúirt Greg.

Lean Oideas Gael d’obair an Athar Mac Daidhir nuair a bhunaigh siad an scéim ‘Ag Tógáil ár bPobail’ i 1996. Bhí sé mar aidhm ag an tionscadal seo, a bhí maoinithe ag Horizon agus Údarás na Gaeltachta, ná fostaíocht inbhuanaithe fhadtéarmach a chur ar fáil sa phobal trí scileanna traidisiúnta tógála cloiche a athbheochan. Mar a dúirt Oideas Gael ag an am: "Táthar ag súil go n-éireoidh leis an tionscadal:

Cur ina luí ar lucht oiliúna go bhfuil achmainní luachmhara dúchasacha ag an réigiún, idir scileanna traidisiúnta agus ábhair;Taispeáint gur féidir fiontar inbhuanaithe a chruthú sa phobal trí na scileanna a fhoghlaimeofar a úsáid le freastal ar riachtanais chomhshaoil, ealaíonta agus tógáil baile an réigiúin;Cuidiú le caomhnú an chomhshaoil thraidisiúnta agus le coinneáil na sainfhéiniúlachta cultúrtha, rud a chuirfidh go mór le fás na turasóireachta cultúrtha sa Ghaeltacht;Eiseamláir a chur ar fáil a mbeidh pobail eile ábalta scrúdú a dhéanamh uirthi agus úsáid a bhaint aistí mar acmhainn phraicticiúil chun tionscadal forbartha tuaithe eile a chur i bhfeidhm .....

Leis an chúlú gheilleagair sa lá atá inniu ann, a chuir stad le tógáil tithe nua, an bhfuil deis ann aird a thabhairt ar na seantithe sa cheantar, mar a mholann Greg Stevenson? An eiseamláir é, www.underthethatch.com

http://www.underthethatch.co.uk/livebooking/availability/liveavailability.php?accomid=6

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.