AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Scéim Trádála Astaíochtaí
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Léiríonn Bearnaí Ó Doibhlin thíos cuid den teasaíocht cainte agus tuairime a ghin an téamh domhanda i bpolaitíocht na hAstráile ar na mallaibh.

Íomhá
Is cuma le cuid againn
Íomhá
Malcolm Turnbull MHR (Denis ar Picasaweb a tharraing)
Íomhá
Ian Macfarlane, iar-Aire Turasóireachta agus Acmhainní (ar Vicipéid)

Ní raibh ach mórábhar amháin i mbéal an phobail san Astráil agus sinn ag druidim le deireadh na bliana: an Scéim Trádála Astaíochtaí (STA). Is leamh go raibh an STA ina mhórábhar abhus mar ní thuigeann corradh is 80 faoin gcéad de mhuintir na tíre cad atá i gceist leis an scéim, de réir na bpobalbhreitheanna.

Anuas ar sin, cé go raibh an rialtas náisiúnta de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ag iarraidh an STA a chur i bhfeidhm, ba é ceannaire an fhreasúra choimeádaigh a chaill a phost dá bharr!

Ba é cuspóir an STA ná astaíochtaí carbóin as tionscail a laghdú tríd praghas a ghearradh ar gháis cheaptha teasa. D’eiseodh an rialtas ceadanna le haghaidh na ngás do na tionscail éagsúla faoin scéim, gan talmhaíochtforaoiseacht a áireamh, agus bheadh deis acu chomh maith ceadanna sa bhreis a cheannach. Measadh go mbeadh ar thuairim is míle comhlacht na ceadanna a fháil agus bheadh cúiteamh ar fáil do na comhlachtaí a bheadh thíos leis an scéim. Measadh freisin go mbeadh ar dhaoine thart ar $624 sa bhreis a íoc as aibhléis, gás agus bia in aghaidh na bliana. Arís, gealladh cúiteamh dóibh, go háirithe dóibh siúd sna hísealaicmí.

Bhí dúnghaois ar son na Scéime Trádála Astaíochtaí (STA) ag an rialtas reatha agus ag an iar-rialtas le linn an fheachtas olltoghchánaíochta sa bhliain 2007. Déanta na fírinne, bhí daoine go leor san iar-rialtas coimeádach amhrasach faoi chúiseanna an téimh dhomhanda, agus dhiúltaigh siad scun scan an Prótacal Kyoto a dhearbhú, cuir i gcás. Bhí dúnghaois ní ba láidre i bhfabhar gnímh mar fhreagra ar théamh an domhain ag Páirtí an Lucht Oibre ná a bhí ag na páirtithe coimeádacha, agus dhearbhaigh siad an prótacal a luaithe is a tháinig siad i gcumhacht dhá bhliain ó shin.

Idir Dhá Cheann na Meá

Rinne an rialtas reatha iarracht bille STA a thabhairt isteach i mí Lúnasa i mbliana, ach níl móramh acu sa teach uachtair, an Seanad. Níl ach 32 seanadóir ag an rialtas agus 37 ag an bhfreasúra oifigiúil. Chomh maith leis sin, tá cúigear ag an bPáirtí Glas, ceann amháin ag páirtí beag Críostaí agus tá seanadóir neamhspleách amháin. Bíonn tacaíocht ón seachtar seo ag teastáil ón rialtas le haon bhille a achtú má tá an freasúra ina choinne.

Cháin an Páirtí Glas an bille STA go géar a luaithe is a tugadh isteach é de bharr nár mheas siad nach raibh sé láidir go leor i dtaobh laghdú astaíochtaí. Chiallaigh sé sin go raibh tacaíocht ag teastáil ón bhfreasúra oifigiúil dá ndéanfaí rith ar an mbille.

Tá an freasúra coimeádach comhdhéanta as dhá pháirtí, an Páirtí Liobrálach agus an Páirtí Náisiúnta. Tugann an Páirtí Náisiúnta ionadaíocht do mhuintir na tíre taobh amuigh de na cathracha. Tá an Páirtí Náisiúnta níos coimeádaí ná an Páirtí Liobrálach, dála muintir na tuaithe i gcoitinne. Cé go bhfuil an t-ainm liobrálach acu, is páirtí coimeádach é an Páirtí Liobrálach, agus tá dhá eite ann: an eite chlé, atá liobrálach i dtaobh dhúnghaoisí sóisialta, agus an eite dheis, atá an-choimeádach.

Nuair a rinne an rialtas an iarracht thuasluaite an bille STA a thabhairt isteach bhí Malcolm Turnbull mar cheannaire ar an bhfreasúra. Bhí Turnbull san eite chlé den Pháirtí Liobrálach agus cé gur vótáil sé in éadan an bhille, dúirt sé go raibh sé réidh idirbheartú a dhéanamh leis an mbille a leasú.

Ba léir ón tús go raibh deighilt i measc an fhreasúra i dtaca leis an idirbheartú. Diúltaigh an Páirtí Náisiúnta scun scan tacú leis an bpróiseas idirbheartaíochta agus gheall siad nach vótálfaidís ar son an bhille, ba chuma cén leasú a dhéanfaí air. Ba léir freisin go raibh daoine ón eite dheis den Pháirtí Liobrálach go hiomlán míshásta leis an mbille, ach go háirithe i measc seanadóirí an pháirtí – bíonn baill an tSeanaid níos coimeádaí ná na feisirí sa teach íochtair de ghnáth.

Céad Rún an Chláir: An Scoilt

Thóg an próiseas idirbheartaíochta achar fada, ach ag deireadh mhí na Samhna d’fhógair príomh-idirbheartaí de chuid an fhreasúra, Ian Macfarlane, go raibh sé lán sásta leis an mbille leasaithe agus mhol sé dá pháirtí tacú leis. Ach nuair a tháinig an crú ar an tairne níor ghlac an eite dheis dá pháirtí lena chomhairle.

D’éirigh cuid acu as an gcomhaireacht chúil ionas go mbeidís in inmhe vótáil in éadan an bhille.

D’éirigh an scoilt ní ba mheasa agus fad is a bhí an bille faoi bhráid an tSeanaid sheas Tony Abbott in éadan Turnbull mar cheannaire ar an bPáirtí Liobrálach agus bhuaigh sé 42-41.

Gheall Abbott roimh an toghchán nach dtacódh an freasúra leis an STA dá n-éireodh lena iarratas, agus chuir sé lena bhriathar go díreach ina dhiaidh. Theip, dá bhrí sin, ar an mbille sa Seanad. Gheall sé freisin nach mbeadh aon STA mar chuid de dhúnghaois nua an fhreasúra i dtaobh an téimh dhomhanda, agus nach mbeadh aon cháin ar charbón ann ach an oiread.

An Íomhá Cheart

Níl aon amhras ach go raibh an príomhaire, Kevin Rudd, ag súil go mór go rithfí an bille sular thug sé aghaidh ar Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide i gCóbanhávan i mí na Nollag. Ba bhreá le Rudd a bheith feicthe ina cheannaire cruthanta ar an ardán idirnáisiúnta, mar a deirtear sa Bhéarla. Bhí sé ar buile nuair a theip ar an mbille agus bhain sé úsáid arís is arís eile as na focail “séantóirí athrú aeráide” ina chuid ionsaithe ar an bhfreasúra.

Thug Abbott bata agus bóthar do Macfarlane mar urlabhraí i dtaca le hathrú aeráide ina chomhaireacht chúil nua agus cheap sé ina ionad an Seanadóir Nick Minchin. Tá dearcadh Minchin ar an téamh domhanda le sonrú go ríshoiléir sa ráiteas a rinne sé ar chlár faisnéise ar na mallaibh: For the extreme left it [global warming] provides the opportunity to do what they’ve always wanted to do, to sort of de-industrialise the western world. You know the collapse of communism was a disaster for the left, and really they embraced environmentalism as their new religion.

Beidh olltoghchán san Astráil am éigin i mbliana agus measaim go mbeidh dúnghaois i dtaca le hathrú aeráide i gcroílár an fheachtais. Bheadh sé go deas dá mbeadh díospóireacht chiallmhar ar an ábhar tábhachtach seo san fheachtas. Nílim muiníneach go mbeidh sí ciallmhar, áfach, ón méid atá ráite ar an ábhar ag Rudd, Abbott agus Minchin thuas.

Naisc: San Astráil http://www.youtube.com/watch?v=fmiuTC6XDyc&feature=related Leá Leac Oighir Mhic Uilcín http://www.youtube.com/watch?v=F3zj9uN-tys&feature=channel Ed Begley ar an téamh domhanda http://www.youtube.com/watch?v=X3mebt3nZek&feature=related

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.