AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
San Francisco na nGael
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Tá Brian Ó Broin den tuairim gur áit ar leith í San Francisco agus is iomaí duine eile mar é a thug gean as cuimse do chósta thiar na Stát mar a luíonn an ghrian tráthnóna.

Íomhá
Gavin Newsom is Jennifer (Franco Folini a tharraing, Vicipéid)
Íomhá
Cladach na Teiscinne, San Francisco
Íomhá
Pictiúr le Sam Chamberlain de chrochadh na San Patricios 1848
Íomhá
Ar thóir an óir i gCalifornia

"Ag dul go San Francisco?" a dúirt comhghleacaí as California liom le déanaí. Lig sí osna grámhar. "M’anam nach raibh a fhios agam go raibh oiread sin geana agat ar an gcathair," arsa mise."Níl ná gean," ar sise agus thosaigh ag osnaíl arís. "Ar Gavin Newsom atá mo ghean."

Is é Gavin Newsom méara San Francisco ó 2003 i leith. Toghadh an Daonlathach ina mhéara don chéad uair agus é in aois a 36. Tógadh go dátheangach (Béarla agus Fraincis) an Gael-Mheiriceánach óg seo i San Francisco agus deirtear go forleathan gurb é an "Kennedy Nua" é. Ní gá dó ach a leathchos a chur amach ar an doras agus titfidh na mná i bhfanntais. (http://www.youtube.com/user/MayorGavinNewsom#p/u) Ach stop mo chara go tobann. "Mar sin féin, is aoibhinn liom San Francisco freisin" agus thosaigh ar an osnaíl arís.Tá sé feicthe go minic cheana agam. Mar seo a bhíonn sé le gach éinne nuair a deirim leo go bhfuilim ag dul go San Francisco. Buailfidh an racht osnaí iad agus tosóidh siad ag spalpadh seafóide faoi áilleacht na cathrach. Ach tá a gcúis acu. Is cathair speisialta San Francisco ó thaobh suímh, cultúir, agus pobal de. A luaithe agus a leagfas tú cos san áit, is léir gur áit ar leith atá ann. (http://www.youtube.com/watch?v=BrWmHiIfw6s&feature=related) (http://www.youtube.com/watch?v=s_2sGwRbnho)

Ar leithinis atá an chathair, agus mar sin, braithfidh tú i gcónaí go bhfuil tuirlingt uisce i gceist ag píolóta an eitleáin agus sibh cúpla meandar ón rúidbhealach. Tar éis scaipeadh an fhaitís agus imeacht as an eitleán, tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil tú in aerfort nua-aoiseach, lán le daoine sláintiúla agus (rud a chuireann iontas orm agus mé ag teacht ó Nua-Gheirsí) cairdiúla. Tá both sa chríochfort le duine nó beirt ann ag tabhairt eolais amach ar an gcathair saor in aisce. Is dream deonach iad, nach bhfaigheann cianóg ar bith as an tseirbhís. Tá siad á dhéanamh ar mhaithe le cairdiúlacht amháin. (http://www.youtube.com/watch?v=tm_Aqnc3kO0&feature=related)

Difríocht mhór eile idir San Francisco agus cathracha eile Mheiriceá ná an caighdeán iompair poiblí. Cúig nóiméad tar éis dom mo bhagáiste a bhailiú, bhí mé ar an traein isteach go lár na cathrach. D’aistrigh mé chuig an mbus agus bhí mo cheann scríbe bainte amach agam níos lú ná uair an chloig tar éis dom tuirlingt, ar ocht dollar. Más beag agat iompar poiblí, ámh, tá córas mionbhus acu san aerfort nach gcosnaíonn mórán níos mó. Inseoidh tú do cheann scríbe do stiúrthóir na mbus, agus aimseoidh seisean mionbhus duit a ghabhfas an bealach céanna leat. Brúfar isteach thú ar an dream daoine eile a bhí romhat sa mionbhus céanna, agus aimseoidh tú cairde nua go minic ar an gcaoi sin. Cosnóidh na busanna seo idir $15 agus $20, ag brath ar an áit a mbeidh tú ag dul. Sínigh amháin, is cosúil, atá sa ghnó seo, agus déarfainn gur fhoghlaim siad a dtiomáint i sléibhte na Síne freisin - tiománann siad ar nós an diabhail! Tír Fuinidh – Luí na Gréine Ba ar an "Sunset" a bhí mo thriail - ceantar cónaithe ciúin ar chósta thiar na leithinse, agus dá réir sin an t-ainm, ar ndóigh. Níl an Sunset cóngarach do lár na cathrach, atá ar chúinne thoir-thuaidh na leithinse, ach tá ceannstáisiún líne tram ann, Zú San Francisco, agus, ar ndóigh, Lárionad Cultúrtha na hÉireann, ina raibh mé ag teagasc Gaeilge don Deireadh Seachtaine. (http://www.irishcentersf.org/) (http://www.grafxsource.com/Gaeilge/DeireadhSeachtaine.html)

Bhí m’óstán bloc amháin soir ón trá agus bloc amháin siar ón lárionad. Bhí an stáisiún tram ar an tsráid lasmuigh den óstán. Mar a tharla, bhí mo chulaith snámha agam agus chuaigh mé síos go dtí an trá chomh luath agus a bhí mo bhagáiste curtha díom san óstán. Faraor, ní raibh snámh i ndán dom ar "Ocean Beach". Ní hamháin go raibh tonntracha ollmhóra ag briseadh ar an trá, ach bhí comharthaí ar fud na háite: "Feachtaí Cuilitheála Contúirteacha! Más ar beagán taithí thú, ná gabh ag snámh anseo! Fuair daoine bás ag snámh amuigh anseo!" (http://en.wikipedia.org/wiki/OceanBeach,SanFrancisco,California) (chomhairle mhaith: http://www.youtube.com/watch?v=NkOICt5aZ_0&feature=fvw) (níos faide ó thuaidh: http://www.youtube.com/watch?v=FezsFM5AEsM&feature=related)"Ceart go leor," arsa mise liom féin, ag crapadh mo chulaith snámha chugam faoi m’ascaill. "Ag dul ag snámh anseo?" arsa fear le clár toinne. "An bhfuilir as do mheabhair?" Mhínigh mé dó go raibh m’intinn athraithe, ach ní ar na sruthanna a bhí seisean ag smaoineamh, ach ar an bhfuacht."Seo é an t-Aigéan Ciúin," ar seisean. "Ní féidir dul ag snámh gan chulaith uisce!" Agus isteach leis lena chlár. Níorbh fhada go bhfaca mé é ag marcaíocht anonn is anall ar a chlár ar bharr na dtonnta. (http://www.youtube.com/watch?v=ePvCMrrWMjE)

Ní raibh ach an Aoine agam sular thosaigh an cúrsa Gaeilge, agus bhíos meáite cuid den chathair a fheiceáil. Isteach liom ar an tram go lár na cathrach ar maidin, áit ar cheannaigh mé ticéad taistil don chathair a d’fhoir don lá ar fad. $7 - sladmhargadh! Bhí mo rogha agam de bhusanna, tramanna, agus na seancharrana cábla cáiliúla a fheictear sna pictiúirí.

Thosaigh San Francisco ina chathair Spáinneach i ndeireadh an ochtú haois déag, nuair a bhunaigh na Spáinnigh baile trádála agus misean ar an leithinis. Tar éis Chogadh Saoirse Mheicsiceo in 1821, chaith California cúig bliana fichead ina chuid de Mheicsiceo go dtí gur sciob na Stáit Aontaithe í ina gcogadh le Meicsiceo. Thit Éireannaigh ar dhá thaobh an chogaidh seo chomh maith. (http://en.wikipedia.org/wiki/California_Republic) (http://www.youtube.com/watch?v=HNY8uyycPPI&feature=related) Aicíd an Óir Ór ba chúis leis an sciobadh. In 1848 bhuail an Fiabhras Buí California nuair a fuarthas ór sna haibhneacha agus sna sléibhte. Tháinig na céadta míle thar muir is thar talamh ar lorg an mhiotail, agus rinneadh cathair de bhaile beag San Francisco thar oíche. Leaba ancaire thar barr a bhí sa chuan taobh thoir den leithinis, agus d’fhéadfaí taisteal isteach sna sléibhte go héasca ón gcathair.

Fiú nuair a tháinig deireadh leis an "Gold Rush", ní raibh San Francisco ag iarraidh filleadh ar na seanlaethanta. Mar cheann de dhá mhórchathracha Mheiriceá ar an gcósta thiar, bhí a haghaidh caite go tréan amach ar an Teiscinn Chiúin, agus rinneadh cathair agus calafort trádála mór di. Ba sa Presidio, dún míleata ar cheann thuaidh na leithinse, a eagraíodh cosaint chósta thiar Mheiriceá ó 1848 go dtí 1989.

Amach ón Embarcadero, ceantar na nduganna ar chuid thoir-thuaidh na leithinse, chuaigh na mílte long cogaidh agus trádála ar ancaire le linn na tréimhse céanna. Tá an Presidio dúnta anois, agus í iompaithe ina páirc turasóireachta, agus an Embarcadero ina ceantar spaisteoireachta agus spraoi, ach is beag a athraíodh sna ceantracha sin go fóill, agus nuair a fheiceann tú long seoil ag bualadh tharat isteach i gCuan San Francisco, ba mhó ba chosúil le 1909 é ná 2009.

Áit sách sléibhtiúil is ea an leithinis, fiú i lár na cathrach, agus úsáidtear tramanna speisialta, mar sin, a tharraingíonn iad féin suas síos na sráideanna, seachas fuinneamh rotha a úsáid. (http://www.sfcablecar.com/) Tar éis dom fanacht i scuaine ar feadh deich nóiméad, nó mar sin, léimeas ar bord agus suas liom go barr chnoic i lárchathair San Francisco. Má bhí ainm air, tá sé dearmadta anois, ach is iontach an radharc uaidh mar sin féin, anuas ar chuan San Francisco agus oileán Alcatraz go soiléir os do chomhair. Míle nó dhó thiar Droichead an Órgheata faoina bhrat scamaill. Go tobann rith sé liom nár mhiste rothaíocht thairis go dtí Marin County, an leithinis shaibhir atá ceangailte le San Francisco ag an droichead. (http://www.youtube.com/watch?v=QeC1__gqxzI&feature=fvw) (http://www.youtube.com/watch?v=hwnKy1mOnM4&NR=1) (fan le deibhil roimh thrasnú: http://www.youtube.com/watch?v=Iw9R6YSlH6s) (Tacoma: http://www.youtube.com/watch?v=j-zczJXSxnw&NR=1&feature=fvwp)

[Foilseofar an dara leath den alt seo ar BEO mí na Nollag]

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.