Údarás na Gaeilge a dhéanamh de Údarás na Gaeltachta, atá beartaithe ag an rialtas de réir An Stráitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. Céim mhór ar gcúl a bheadh ann, dar le Donncha Ó hÉallaithe.
Díomá atá orm leis an Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus iontas orm gur cuireadh oiread fáilte roimhe. Cinnte, tá corr-rud maith ann faoi chúrsaí oideachais ach chun na moltaí uaillmhianacha oideachais a chur i bhfeidhm, cá bhfuil an Bord Oideachais a bhí molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta?
Ina áit, beifear ag brath ar an Roinn Oideachais: an Roinn Stáit chéanna a raibh ar an gCoimisinéar Teanga, imscrúdú a dhéanamh air anuraidh, faoi Alt 21 de Acht na dTeangacha Oifigiúla mar nach raibh an Roinn sin sásta a ghéilleadh go raibh aon dualgas orthu treoirlínte faoi mhúineadh an churaclam scoile a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta, ná do na Gaelcholáistí in aon teanga eile seachas i mBéarla. B’é an chosaint a chuir an Roinn suas, go bhfuil a ndóthain Béarla ag na hoidí sna scoileanna Gaeltachta agus sna Gaelcholáistí leis na treoirlínte i mBéarla a thuiscint. Faoin Roinn cheanann chéanna a bheas feidhmiú na stráitéise a fhad is a bhaineann sé le hoideachas.
Ach ní hé sin an chúis is mó a bhfuilim díomúch leis an Stráitéis. Níl aon cheo sa stráitéis chun dul i ngleic leis an ngéirchéim teanga atá sna ceantracha Gaeltachta sin ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid? Caithfear airgead amú ag réiteach pleananna teanga ar chostas mór do cheantracha oifigiúla Gaeltachta a bhfuil an Ghaeilge imithe sa gcill iontu, mar ghnáth-theanga labhartha, le glúin nó dhó. Go deimhin, tá níos mó sa dréachtdoiciméad faoi na meáin agus faoin teicneolaíocht ná mar atá faoi ghéarchéim na Gaeltachta. An rud is measa uilig ná go bhfuil sé ráite ann go ndéanfar Údarás na Gaeilge de Údarás na Gaeltachta agus gur mar áisíneacht náisiúnta Ghaeilge a bhéas sé ag feidhmiú, agus beidh an cúram air breathnú i ndiaidh cúrsaí Gaeilge ar fud an stáit!
Dochreidte
Is deacair é seo a chreidiúint: tá sé ar intinn an Rialtais eagraíocht Ghaeilge a dhéanamh den aon fhoras stáit atá ann, a bhfuil fócas Ghaeltachta aige. Ó bunaíodh Gaeltarra Éireann, os cionn 40 bliain ó shin, glacadh leis gur theastaigh eagras stáit faoi leith chun forbairt geilleagair, cultúir agus sóisialta na gceantracha Gaeltachta a chur chun cinn.
Cé as a dtáinig an smaoineamh contúirteach seo, deireadh a chur le hÚdarás na Gaeltachta? Níor tháinig sé ó Choimisiún na Gaeltachta a chuir neart moltaí fiúntacha faoi bhráid an Rialtais sa bhliain 2002? Níor tháinig sé ón Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta, ar caitheadh am, dúthracht agus airgead leis. Níor moladh, ach in aon áit amháin, go mba cheart áisíneacht teanga don tír ar fad a dhéanamh de Údarás na Gaeltachta: san aighneacht a chuir an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar fáil don Bhord Snip. Sa cháipéis sin ó Roinn Uí Chuív, moladh Údarás na Gaeilge a chur in áit Údarás na Gaeltachta agus go bhféadfadh Údarás na Gaeilge na feidhmeanna atá ag Údarás na Gaeltachta a choinneáil, nó, ‘transfer its enterprise functions to Enterprise Ireland’. In ainneoin a ndúirt an tAire ar Raidió na Gaeltachta le gairid, bhí sé molta ag a Roinn go mb’fhéidir go mbeadh Enterprise Ireland freagrach i dtaobh fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht! Tá an chuma ar an scéal go bhfuil Roinn atá ceapaithe a bheith freagrach as an nGaeltacht ag sá na scine go feirc san aon áisíneacht Ghaeltachta atá againn.
Gan amhras, theastaigh athstructúrú a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta. Theastaigh an modh faoina thoghtar is a cheaptar an Bord a leasú. Theastaigh deireadh a chur le forlámhas na gComhairleoirí Contae ar an mBord. Theastaigh obair an Údaráis a roinnt idir cúrsaí teanga sa Ghaeltacht agus cruthú fostaíochta, le béim níos treise ar an bpríomhchúram faoin Acht atá ar an Údarás: an Ghaeilge a chaomhnú is a leathnú sa Ghaeltacht mar ghnáth-theanga an phobail sna ceantair Ghaeltachta.
Teanga Phobail sa Ghaeltacht
Nuair a foilsíodh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch dhá bhliain ó shin fógraíodh go mbeadh Coiste faoi Chathaoirleacht an Taoisigh ag cur stráitéis le chéile, bunaithe ar na moltaí ó na saineolaithe “chun todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chinntiú." A mhalairt atá déanta.
Tá an Straitéis seo le cíoradh os comhair an Chomhchoiste Oireachtais a bhíonn ag plé le Spórt, Turasóireacht, Ealaíon, chomh maith le Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus deirtear go mbeidh an deis ag an gComhchoiste leasaithe a mholadh ar an Stráitéis 20 Bliain.
Faoi chathaoirleacht Tom Kitt atá an coiste ag feidhmiú.Tá beirt as Gaeltacht Dhún na nGall air: Dinny Mc Ginley (FG) agus Pearse Doherty (SF). Is maith an scéal go bhfuil. Cé tá chun a chur faoi ndeara an Chomhchoiste sin gur céim mhór ar gcúl a bheadh ann, deireadh a chur leis an aon áisíneacht stáit, ag a bhfuil fócas Gaeltachta faoi láthair.
Dhá scór bliain ó shin, tháinig an smaoineamh chun cinn faoi Údarás na Gaeltachta agus throid Cearta Sibhialta na Gaeltachta feachtas fada len é a bhaint amach. Bunaíodh é tríocha bliain ó shin ach is Gaeltarra Éireann faoi ainm eile, a cuireadh ar bun. Dá dhonacht é, is fearr ann ná as é. Tá ceist na teanga sa Ghaeltacht fite fuaite le forbairt geilleagair, fostaíochta is sóisialta. Ní eagraíocht náisiúnta Ghaeilge a theastaíonn le beatha na Gaeilge sa Ghaeltacht a chinntiú do na glúnta atá le tíocht, ach Údarás ceart Gaeltachta a bheadh níos feidhmiúla, níos cumhachtaí agus ag a mbeadh na hacmhainní cuí. Má ghlactar leis an gcáipéis seo gan é a leasú, tá faitíos orm gur stráitéis mharfach don Ghaeltacht a bheas ann.