AR NA SAOLTA SEO
Glórtha an Drochshaoil.
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Clár raidió a thug ar Tony Birtill súil a chaitheamh ar cheisteanna an Drochshaoil le déanaí. Ba mhaith leis aitheantas cuí a thabhairt don mhilliún Éireannach a tháinig i dtír ina chathair féin, Learpholl, i rith an Drochshaoil.

Íomhá
Bríd Uí Dhomhnaill is a cúram
Íomhá
Pictiúr de Jonathon Swift a tharraing Charles Jervas
Íomhá
Sir Charles Edward Trevelyn in am an Drochshaoil
Íomhá
Cuid den ollsléacht i gcampa Lager Nordhausen

Athcraoladh an tsárshraith raidió ‘Glórtha ón Gorta’ le Cathal Póirtéir (1997) an mhí seo caite, mí na Samhna, agus chuir na guthanna agus na scéaltaí a chuala mé ar an chlár, an leabhar ’Irish, Catholic and Scouse, The History of the Liverpool Irish 1800-1939’ le John Belcham (Ollscoil Learphoill, 2007) i gcuimhne dom. (Beo, Eagráin 80 agus 103)

Is é tuairim chiotach Belcham nach raibh ach Béarla ag na mílte Éireannach a tháinig i dtír i Learpholl, ach thaispeáin Frank Neal ina leabhar ’Black ‘47’ nach raibh sin fíor, agus tacaíonn an taighde a rinne an tUrramach Abraham Hume i Learpholl i 1850 le tuairim Neal. Ach níl fianaise ar bith níos láidre ná focail na ndaoine iad féin agus is trua nach bhfuil Gaeilge ag an Ollamh Belcham chun íobartaigh an Drochshaoil a thuiscint ina dteanga féin. Mar a dúirt Cornelius Buttimer sa sárleabhar ar an Drochshaol, ‘Gnéithe denGhorta’, s foilsíodh i 1995.

Bunaíodh formhór na gcuntas ar an nGorta Mór dar foilsíodh go fóill ar dhoiciméid Bhéarla, ainneoin gur chainteoirí Gaeilge go leor acu sin ar bhuail an t-imeacht úd a bhuille marfach féin orthu. Thaispeáin an tOllamh Cormac O Gráda agus Cathal Póirtéir le déanaí go bhfuil léargas ar an tubaiste le fáil i bhfoinsí béaloidis a bhfeictear seanteanga mháthartha na tíre go láidir iontu.’

Mar a deir Cathal Póirtéir sa leabhar: ‘Rinne an Gorta scrios i bhfad níos measa ar na ceantair Ghaeltachta in iarthar agus in iardheisceart na tíre ná mar a rinne sé sa chuid eile den tír.’ Agus deir Máirín Nic Eoin: ‘ nach raibh sna cainteoirí Gaeilge ach an cheathrú cuid den líon daoine a sholáthair eolas faoin nGorta do Choimisiún Béaloideasa Éireann sna tríochaidí agus sna daichidí, is díol spéise gur i nGaeilge atá daichead faoin gcéad den ábhar a bailíodh an uair sin agus mar a deir Cormac Ó Gráda: ' Má thugtar glance">sracfhéachaint ar na freagraí, is léir go raibh caighdeán eolais an ábhair i nGaeilge i bhfad nios saibhre ná mar a bhí sa Bhéarla’.”

De réir ‘The Atlas of Irish History’ (Seán Duffy, Coláiste na Trionóide 1997): ‘1 million people died, of which an estimated 40 per cent came from Connacht, 30 per cent from Munster, 21 per cent from Ulster and 9 per cent from Leinster, Inevitably the crisis was most severe in the poorest areas....

Sin an fáth go bhfuil ceist an teanga a bhí ag na dídeanaithe a tháinig i dtír i Learpholl chomh tábhachtach, mar aibhsíonn sé an fhíric gurb iad dream dúchais na hÉireann a fuair bás sa tragóid seo, íobartaigh de chinedhíothú a bhí mar dhúnghaois ag Rialtas na Ríochta Aontaithe.

Cinedhíothú as Dúchan?

Dhearbhaigh John Mitchel é seo ina leabhar ‘The Last Conquest of Ireland i 1858.’ Mar a scríobh Joe Lee sa leabhar céanna ‘Nuair a chuir an Mistéalach cinedhíothú i leith Shasana, séard a mhaigh sé ná gur bhain an rialtas feidhm d’aon ghnó as smoladh an bharr prátaí chun líon na nÉireannach a laghdú agus an náisiún Éireannach a scriosadh, oiread ab fhéidir leo. In ionad tréaniarracht a dhéanamh na daoine a tharrtháil trí ghníomhaíocht stáit, chuireadar a muinín i laissez faire.”

glactha leis an tuairím seo go forleathan anois, ainneoin iarrachtaí lucht an athbhreithnithe. Mar a dúirt Tony Blair i litir a scríobh sé sular nocht muid leacht cuimneacháin i Learpholl i 1998: ‘That one million people should have died in what was then part of the richest and most powerful nation in the world is something that still causes pain as we reflect on it today. Those who governed in London at the time failed their people through standing by while a crop failure turned into a massive human tragedy. We must not forget such a dreadful event.’

Coinnigh Cuimhne ar an nGorta Mór’ atá greanta ar an leacht cuimhneacháin i Learpholl i dteanga nach raibh/bhfuil againn, de réir an Dochtúra Belcham. Bhí gorta sa tír roimh 1845, ceann i 1729, fágaim, an bhliain inar fhoilsigh Jonathan Swift ‘A Modest Proposal’, leabhar inar mhol sé cinedhíothú ar Éireannaigh bhochta. Shíl mé gur aoir a bhí ann, go dtí gur chuala mé na saineolaithe John Mullan, Ian McBride agus Judith Hanley ag plé an leabhair ar an chlár ardléannta ’In Our Time’ le Mervyn Bragg ar BBC Radio 4 (28.1.09). “He uses satire to put forward his own views....He put into words what everyone else was thinking,” a dúirt Judith Hanley. Ní tírghráthóir a bhí ann, ach fear a bhí glan in aghaidh shaíocht agus theanga na nGael. “A barbarous culture,” thug sé air. “He castigated the Irish poor, describing them as beggars, thieves and wife beaters in his sermons,” a dúirt Hanley. “He was a member of the Irish Parliament which passed a bill to castrate Irish priests in 1719,” a dúirt sí fosta.

An tUileloscadh

Bhí bolscaireacht mar seo le cloisteáil in aghaidh na nGiúdach sa Ghearmáin sna 1930s agus déanann Buttimer comórtas idir cinniúint na nGael agus na nGiúdach. “Ar ámharaí an tsaoil, táthar ag comóradh shaoradh na gcampaí géibhinn i gcaitheamh an dara cogadh domhanda leathchéad bliain ó shin faoi láthair ar Mhór-Roinn na hEorpa le linn don Drochshaol céad caoga bliain ó shin a bheith á thabhairt chun cuimhne abhus” a deir sé.Mheabhródh an tuairisc íogair seo a leanas le hoifigeach in arm Shasana, an Captaen Robert Daniell, faoina thaithí sa Ghearmáin, go leor eachtraí de chuid na hÉireann do dhuine:

There were at least 3,000 inmates still just alive. They were all starving, and skeletons to look at. The irony of the whole thing was that outside the wire lay the most fertile parts of the German Rhineland, with fields of potatoes and green vegetables of every kind. Inside the wire the only thing to eat was a pile of rotting potatoes.’- Meán Fómhair 1846, scríobh Routh chuig Trevelyn as Sligeach nach raibh sé in ann a bharraíocht tuige a raibh easpa bia chomh mór san áit nuair a bhí ‘the fields teeming with crops. ... It is impossible there can be this total want, this extinction of every supply in the midst of the harvest.’ (Woodham-Smith, 122) (Tagairt do ‘Trevelyn’s corn’: Bhí an fear céanna, Routh, i gcoinne na n-onnmhairithe barr mine as an tír mar ‘serious evil’. (ibid. 123)

Ní hé Buttimer an chéad staraí a thug na cosulachtaí faoi deara, ar ndóigh. Scríobh an staraí cáiliúil AJP Taylor (1906-1990) léargas faoin teideal ‘Genocide’ ar an leabhar ‘The Great Hunger’ le Cecil Woodham- Smith sa New Statesman, Samhain 1962. Thosaigh sé mar seo: ‘*When British forces entered the so-called ‘convalescent camp’ at Belsen in 1945, they found a scene of indescribable horror: the wasted bodies of 50,000 human beings who had died from starvation and disease. Kramer, ‘the beast of Belsen’, and his assistants were hanged for this atrocious crime. Only a century before, all Ireland was a Belsen. Nearly two million Irish people died of starvation and fever within five years; another million fled, carrying disease to Liverpool and the New World.’ *

Ar ndóigh, táthar ann a deir nár tharla a leithéid. “Did Six Million Really Die?” an cheist a chuir an staraí David Irving agus Nick Griffin MEP, ceannaire an BNP faoi na Giúdaigh, agus de réir Mary Daly agus Tom Garvin, ní bhfuair ach 500,000 bás le linn an Drochshaoil. Bhí an chonspóid seo os comhair an tsaoil ar Question Time ar BBC TV (22.10.09) nuair a chuir Giúdach óg, le bairéad cúil air, an cheist seo ar Nick Griffin MEP: “How could you say such things about the holocaust?"

Seo mar a scríobh an tOllamh Marianne Elliott as Roinn an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Learphoill faoin Drochshaol:

No one could have predicted the calamitous harvest failures of the 1840s, but with almost eight million people, Ireland was considerably over-populated and having difficulty feeding itself.’ (2005) Taobh amuigh den aineolas a léiríonn tús na habairte sin, is macalla ráiteas an Ollaimh Elliott ar theoiric ‘political economist’ na bliana 1848, Nassau Senior a dúirt le Benjamin Jowett, ‘the celebrated Master of Balliol’, go raibh eagla air ‘the famine of 1848 would not kill more than a million people, and that it would scarcely be enough to do much good.’ (Woodham-Smith, 375-6)

Dá dtosófainn ar an phlé faoin Uileloscadh le “bhí barraíocht daoine san Eorpa i 1939”, thabharfaí ‘Faisistí’ orm, mar ba cheart a thabhairt.

Naisc breise: http://www.youtube.com/watch?v=f-gvAvyPJSs&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=M2VNHZRzveQ&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=vEz5mS_XQcQ&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=9ks9e7GaORA&feature=related

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.