AR NA SAOLTA SEO
Athrú Aeráide: Aontú Chóbanhávain
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Feictear do Chiarán Mac Aonghusa go bhfuil gach éinne, an tÉireannach san áireamh, ag seachaint a dhualgais i dtaca le gearradh siar ar an charbóin.

Íomhá
Loscainn coirbthe le truailliú in Oregon, ag Paul Langting (B a tharraing ar Picasaweb)
Íomhá
Cora na dTrí Chaise (Theron B. a tharraing ar Picasaweb)
Íomhá
Guangzhou sa tSín (Romain a tharraing ar Picasaweb)

teip iomlán a bhí sa Chomhdháil um Athrú Aeráide a tionóladh i gCóbanhávan an mhí seo caite, ach léirigh sé a dheacra is a bheidh sé aontú mór cuimsitheach a fháil a chuirfidh deireadh le Ré an Charbóin.

Bhí conradh idirnáisiúnta de dhíth ach ní bhfuarthas ach aontú ar na bunphrionsabail.

Níl aon sprioclá luaite i dtéacs an aontaithe; ní chuireann sé dualgas dleathach ar aon tír níos lú carbóin a astú; nó ní chuirfear pionós ar bith ar aon tír as neamhaird ghlan a dhéanamh den aontú nua. Ní iontas ar bith é mar sin nach bhfuil an lucht agóide róshásta leis mar aontú.

Ar bhealach, ba phraiseach ceart í an chomhdháil ar fad. Bhí sé eagraithe go dona. Dúradh go raibh ar dhaoine, eolaithe móra le rá ina measc, fanacht i scuainí ar feadh ocht n-uaire a chloig sa bhfuacht nuair a bhí siad ag clárú ar an chéad lá. Ach níos measa fós, is cosúil gur theip ar an phróiseas féin. Bhí cainteanna idirnáisiúnta ar siúl ar feadh bliana roimh an ollchruinniú féin agus ba chóir go mbeadh dréachtphlean curtha le chéile roimh ré. Sa deireadh, is ionann an t-aontú deireanach agus brollach an chonartha a ba chóir a bheith ann. Sé sin, níl san aontú nua seo ach mianta, tá mionsonraí agus plean cuimsitheach in easnamh.

Mian, gan Cur Leis

Déarfaidh go leor daoine gur beag is fiú Cóbanhávain i gcomórtas le Kyoto mar aontú. Ar a laghad, ba chonradh ceart é Kyoto: chuir sé dualgas ar na sínitheoirí agus bhí córas éirice ag baint leis. Ach ní mór smaoineamh nach raibh i gceist ag Kyoto ach 42 náisiúin, fad is a bhí 192 (beagnach gach tír ar domhan) páirteach i gCóbanhávan. Anuas ar sin, síníodh Kyoto le linn borradh geilleagair, ach ní raibh ach bliain idir titim an Bhainc Lehmans agus comhdháil Chóbanhávain, agus tá an geilleagar domhanda fíorlag go fóill. Chomh maith le sin, ní foláir smaoineamh nár cuireadh Kyoto le chéile go gasta ach oiread. Thosaigh an próiseas sin sna hochtóidí agus leagadh amach cuid mhaith de na spriocanna ag ‘Cruinniú Mullaigh Rio’ sa bhliain 1992.

Bhíothas ag súil áfach, go mbeadh conradh cuimsitheach mar dheireadh ar Chomhdháil Chóbanhávain. Ach is léir anois go rabhthar ag súil leis an iomarca. Tháinig athrú ar dhearcadh roinnt náisiún mór ó bhí Kyoto ann (Na Stáit Aontaithe agus an tSín ach go háirithe) ach is dócha go nglacfaidh sé tamall eile sula mbí siad ar aon intinn leis na dreamanna atá chun cinn ó thaobh na díospóireachta seo (An tAontas Eorpach agus an tSeapáin, cuir i gcás).

Cuireadh an milleán ar an Uachtarán Obama nach ndearna sé a dhícheall agus é i gCóbanhávan. B’fhéidir nach ndearna, ach ní mór cuimhneamh gur iomaí srian atá air mar uachtarán. Tá athleasú mór conspóideach beartaithe aige do chóras sláinte na Stát Aontaithe (féach Alt Bhriain Uí Bhroin san eagrán seo); tá sé i ngleic leis an ghéarchéim airgeadais go fóill, agus tá cogadh á stiúradh aige san Afganastáin. Anuas air sin, is dócha gurb í Meiriceá an tír shaibhir is mó a bhfuil ceist na haeráide fós ina cnámh spairne inti.

D’fhéadfaí an milleán a chur ar an Aontas Eorpach freisin. Tá an tAE chun cinn ar thíortha eile maidir leis an cheist seo: tá tús maith curtha aige leis an obair seo agus bhíothas ag súil go mbeadh guth láidir údarásach an AE ag brú na dtíortha eile chun tosaí sna cainteanna sa Danmhairg. Ach ní mar sin a bhí.

An tSín agus SAM

Dheimhnigh comhdháil Chóbanhávain go bhfuil athrú mór tagtha ar chúrsaí geopholaitíochta, mar atá, go bhfuil an tSín i measc na gcumhachtaí is mó tionchar ar dhromchla an domhain anois. De réir a chéile ó bhí tús na mílaoise ann, tháinig sé chun solais go bhfuil roinnt tíortha móra atá faoi fhorbairt (An Brasaíl, an tSín, an India) ag teannadh suas leis na tíortha saibhre ó thaobh neart geilleagair agus polaitíochta de. Thuair saineolaithe go leor go mbeadh roinnt de na tíortha seo céim ar chéim leis na Stáit Aontaithe faoi lár na haoise seo, ach is í an tSín is mó atá ag fíorú na físe seo, geall leis.

Nuair ba chosúil go dtitfeadh an tóin as na cainteanna i gCóbanhávan, ba iad na Stáit Aontaithe agus an tSín ba chúis leis. Iadsan a bhí in adharca a chéile, agus sa deireadh thiar thall, b’iadsan a mhúnlaigh an t-aontú deireanach. Ba bheag aird a fuair an Eoraip (nó na tíortha móra eile). Tugann an t-aistriú cumhachta seo le fios go bhfuil an ré seo ina hidirthréimhse idir an ré ina raibh na Stáit Aontaithe ollchumhachtach agus ré nua ina mbeidh trí no ceithre de chumhachtaí móra ann (tíortha a bhí an-lag ó thús na nua-aoise i leith). Mar thoradh air seo beidh sé fíordheacair aon réiteach a fháil a dhéanfadh dochar geilleagair d’aon cheann de na tíortha móra seo. Sin é an fáth nach síneoidh an tSín (nó na Stát Aontaithe) aon chonradh a mbeidh costas mór ag baint leis.

Agus sin é croílár na faidhbe: ní athrú beag (ar nós dhíobhadh na CFCs) atá i gceist. Séard atá i gceist, go n-athrófaí an córas geilleagair ón bhun aníos. Ó aimsir na Réabhlóide Tionsclaí i leith, tá na geilleagair is mó bunaithe ar an charbón. Tógadh na sochaithe saibhre le carbón (ola agus gáis á gcur sna hinnill) agus tá siad á gcothú le carbón (ola agus gáis ag cur aibhléise agus córais iompair ar siúl). Ba í an bharúil a bhí ag lucht pleanála na gcathrach ná go mbeadh cumhacht aibhléise agus breosla measartha saor i gcónaí. Níl ach aon bhealach chun caitheamh an charbóin a ísliú: sé sin, tríd an chostas a bhaineann leis a ardú. Agus bheadh ardú mór de dhíth.

Cén Súisín a Íocfas an Téileireacht?

Mura bhfuil na polaiteoirí sásta glacadh leis an ardú seo i gcostas an bhreosla, ní féidir an locht a chur orthu. Tuigeann siad go bhfuil an lucht vótála eolach ar cheist na haeráide agus go bhfuil daoine báúil do bhearta a rachadh i ngleic leis an fhadhb. Ach tuigeann siad freisin go labhraíonn daoine as dhá thaobh a mbéil. Tá daoine sásta athruithe beaga a dhéanamh (na bolgáin a athrú) ach níl aon chuma ar an scéal go bhfuil siad sásta na hathruithe móra a dhéanamh (staonadh ó eitiltí thar lear).

Le linn an tíogair cheiltigh, tréimhse a raibh aithne ar cheist na haeráide ag méadú i measc phobal na hÉireann, choinnigh daoine orthu ag ceannach cairr mhóra, cuisneoirí móra, tithe móra agus mhéadaigh líon na n-eitiltí ag muintir na tíre thar lear as cuimse. Bhíomar an-mhórtasach as cúl a thabhairt leis an mhála phlaisteach, ach bhíomar tugtha don rúid ó dheas ar thóir na gréine.

Is cosúil gur deacair leis an duine rathúnas atá píosa amach roimhe a roghnú thar shástacht an lae inniu. Is mó an luach a chuireann an duine air féin agus ar an aimsir láithreach ná mar a chuireann sé ar dhream éigin eile tráth éigin amach roimhe. Sin é nádúr an duine, agus beidh ceannaireacht den scoth de dhíth chun é a shárú.

Cóbanhávain http://www.youtube.com/watch?v=6DMDo9Kmcbk&feature=related Bus folamh http://www.youtube.com/watch?v=Mp18LlWWSBw&feature=related Le Greenpeace http://www.youtube.com/watch?v=z4XKahn1hkU

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.