AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
San Francisco na nGael II
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Tá Brian Ó Broin i ngrá le Cathair San Francisco go fóill agus é ag rothaíocht amach ar Dhroichead an Órgheata an turas seo. Ní dócha go bhfuil bláthanna fite aige ina chuid gruaige áfach.

Íomhá
Terry a tharraing, ar Picasaweb
Íomhá
Jim Collier a cheap an radharc draíochtúil seo, ar Picasaweb
Íomhá
Le clapsholas, Josh a tharraing, ar Picasaweb

Ní hé Russian Hill an cnoc is airde i San Francisco, ach go deimhin, tá ceann de na radharcanna is áille sa chathair uaidh, seanduganna na cathrach, an Embarcadero, le feiceáil thíos, chomh maith leis an oileán cáiliúil Alcatraz, leath míle amach sa chuan.

(http://www.youtube.com/watch?v=n6EnVsfSBdI) Téann seantramanna na cathrach thar bharr an chnoic seo, agus thar ceann de na radharcanna is cáiliúla sa chathair, déarfainn: an chuid sin de Lombard Street a lúbann siar is aniar le fána an chnoic. Nuair a bhíonn tóir charranna i scannán ar bith le taifeadadh i San Francisco, rachaidh siad síos an tsráid seo! Ba ar an Embarcadero a bhí mo thriall, agus mé meáite ar rothar a thógáil amach ar cíos agus rothaíocht thar Dhroichead an Órgheata, féachaint céard atá le feiceáil i Marin County, an leithinis ar thaobh eile an droichid. Is tír nua é Meiriceá go fóill, agus is annamh, mar sin, go bhfeictear cathracha le foirgnimh agus radharcanna deasa, ach is eisceacht é San Francisco. Bhí lamairní plódaithe le báid seoil, siopaí beaga deasa ag díol giuirléidí, bialanna le gach uile shórt bia acu, agus tábhairní beaga ina rabhthas in ann suí amach faoi chrainn ag ól. Is cathair mhór chultúir na réchúise é San Francisco, agus tá an-bhéim ar an rothaíocht mar sin. Tá roinnt siopaí rothair timpeall an Embarcadero inár féidir le turasóirí rothair a thógáil amach ar cíos íseal, agus bhíos lánsasta mo phinginí a íoc le bheith ar ais sa diallait arís. Ar dtús, b’éigean dom na róin a fheiceáil. Má tá Fungie ag an Daingean, tá Clann ’ic Conghaola, na mór-róin, ag San Francisco. Sna hochtóidí, gan choinne, thosaigh na sluaite mór-rón á gcaitheamh féin aníos ar na lamairní ag déanamh bolg-le-gréin, agus ó shin i leith tá na sluaite turasóirí tagtha ina ndiaidh chun breathnú orthu. Bhí an t-ádh ar lucht ghnó Piara 39, an áit ina bhfuil na róin, mar bhí an piara á fhorbairt an an am mar cheantar do thurasóirí. Tá sé beo beathaíoch anois, le siamsallán, siopaí, agus iliomad rudaí eile. (An Daingean: http://www.youtube.com/watch?v=gYArakPXJ6M&feature=fvw; http://www.youtube.com/watch?v=PZTfI0TzifY&feature=related) (Dúgaí ar Thoraigh: http://www.youtube.com/watch?v=1OzPIjSE8T0&feature=related) Ach bhí turas fada romham inniu. D’fhágas slán leis na róin agus leis na turasóirí agus thugas aghaidh ar an droichead, ceithre mhíle siar uaim, crochta i mbrat scamaill, ainneoin teas an lae.

an Iascaire

Ar aghaidh liom mar sin, trí na sluaite turasóirí thar Fisherman’s Wharf, atá ina leagan eile de Lamairne 39, agus a bhfuil a chóilíneacht féin aige de róin, go dtí gur shroiseas Orgán na dTonnta, structúr aisteach as coincréad ag deireadh bábhúin. Tá píopaí i ngach áit sa structúr seo, agus, de réir mar atá an taoide ag trá nó ag líonadh, déanann sé ‘ceol’ tríothu. Deamhan mórán ceoil a chuala mé, ach ba dheas glugar agus plobarnach na farraige a chloisteáil sna píopaí agus mé ag breathnú ar na báid seoil ag imeacht leo agus a spionacair ildaite amach rompu. (http://www.youtube.com/watch?v=MJAozHdsHM8)

Lean mé orm cúpla míle eile siar cois farraige tríd an bpáirc náisiúnta atá déanta den cheantar anois, agus d’itheas mo lón faoin droichead. Ní féidir le grianghraf ar bith cur síos ceart a dhéanamh ar an rud ollmhór seo. Muna mbeadh sé ann, bheadh an ceann tíre mór agus suimiúil go leor, ach ansin, thar an gceann tíre, tá rud ábhalmhór a dhéanann bréagáin de gach rud ina fhianaise. Agus b’éigean dom rothaíocht suas chuige, 227 méadar anois! (http://noolmusic.com/youtubevideos/freetibetgiantbannersongoldengatebridgeapr7-2008.php) Ní mise an t-aon duine a bhí ag rothaíocht thar an droichead, ach ba chosúil gur mise an t-aon duine a bhí fós sa diallait ar an mbóithrín beag géar do choisithe agus rothaithe a chuaigh suas go dtí an réise. Timpeall orm bhí na scórtha ag scaoileadh na mionnaí móra, ag dealú leis an diallait agus á shiúl! Bhí cuid eile ag éirí as ar fad agus ag casadh timpeall! Nuair a thagann tú amach as an mbóithrín arís (atá faoi chrainn), bíonn radharc iomlán nua romhat. Anois tá tú ar an arrachtach ollmhór, ag breathnú anuas ar an domhan. Níl sna luaimh ildaite sin sa chuan anois ach spotaí beaga ar an uisce i bhfad thíos. Má bhí sé róthe thíos, tá sé anois rófhuar, le gaoth sheasmhach ag síobadh tríd an mbearna seo idir an dá leithinis. Agus tá an ghrian faoi smúid. Mar gheall ar aer fliuch na farraige a bheith á tharraingt tríd an mbearna, déantar scamaill mhóra ann, a scaipeann arís chomh uain is a thagann siad amach ar an taobh eile. (http://noolmusic.com/youtubevideos/cycleoverworldfamousgoldengatebridge.php)

Rothaíocht i Measc na Scamall

Tá an droichead é féin 2.7 Km ar fhad. Samhlaigh droichead ag dul ó bhun Shráid Uí Chonaill go hAscaill Uí Ghríofa! B’aoibhinn liom a rá gurbh é seo an chuid ba shuimiúla den turas, ach chaitheas an t-am ar fad faoi scamaill chomh fuar sin go mb’éigean dom stopadh agus cóta a chur orm. Níl ionad ar domhan níos minice d’fhéinmharú ná an droichead seo, mo léan. D’éirigh sé chomh dona sin gur cuireadh guthán práinne gach leathmhíle ar an droichead dóibh siúd a raibh féinmharú ar intinn acu. Faraor, an lá a raibh mé ann, bhí fógra mór ar cheann acu ag tabhairt le fios go raibh sé briste!

iontais go leor ar thaobh eile an droichid, ámh. Cúpla céad slat ó dheireadh an droichid, tagann an ghrian amach arís agus éiríonn an teas. Agus má tá 227 méadar le dreapadh agat ar thaobh amháin den droichead, tá 227 eile anuas agat ar bhóithre ciúine Mharin County. Chaitheas deich nóiméad ar an rothar gan chos a bhrú ar throitheán! Baile álainn beag cuan is ea Sausalito, atá ag deireadh an bhóthair anuas ón droichead, a chaladh lán le luaimh, carranna luachmhara Gearmánacha ag tiomáint timpeall go mall, agus roinnte siopaí uachtar reoite a chuireas suaimhneas ar dhuine ar bith atá tar éis cúpla uair an chloig a chaitheamh ar sheandiallait. Bhí an t-uachtar reoite de dhíth orm, mar go tobann rith sé liom go mbeadh orm rothaíocht ar ais arís! Ní ar saoire a bhí mé an turas seo, ámh. Tráthnóna, agus mo thóin dubh le brú diallaite, d’fhilleas ar Lárionad na nÉireannach i dTír an Fhuinidh arís chun cúrsa Gaeilge a theagasc. (http://www.grafxsource.com/Gaeilge/DeireadhSeachtaine-uimhir-10.html) Eagraíonn Nikki Ragsdale, saineolaí ríomhairí agus amhránaí ar an sean-nós, cúrsa deireadh seachtaine gach bliain sa Lárionad do na scórtha i "gCeantar na Bá" gur suim leo an Ghaeilge. Bhí na scórtha i láthair, ina measc foghlaimeoirí as Texas agus New Hampshire, agus múinteoirí as Éirinn agus Ohio! Agus thuigfinn dóibh go léir - is beag duine a thugann cuairt ar San Francisco uair amháin!

Físeáin bhreise: http://www.youtube.com/watch?v=MBHp9-BqsrU&feature=related http://www.youtube.com/watch?v=AiuzYvScbnY&feature=related http://www.youtube.com/watch?v=ngT99oihLNo&feature=related http://www.youtube.com/watch?v=bXvGx_-boX0

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.