Agus tuairiscí nuachta ann go bhfuil daoine in Inis Eoghain ag fanacht sé mhí le coinne a fháil leis an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid, pléann Niamh Ní Shúilleabháin obair na seirbhíse agus cruachás a cliant.
Sé bliana ó thit an tóin as an ngeilleagar domhanda, bíonn na gutháin de shíor ag bualadh in oifig bheag i mBaile Blainséir agus fágtar faoi naonúr treoir a thabhairt maidir leis na roghanna atá ar fáil do dhaoine atá báite i bhfiacha. D’fhreagair an fhoireann bheag atá fostaithe leis an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (SBCA), ceisteanna ó bhreis is 23,000 duine anuraidh, nó thart ar an daonra céanna is Baile Átha Luain.
Tá líne chabhrach SBCA, mar is fearr aithne air, ar fáil don phobal mar chuid de sheirbhís shaor neamhspleách atá ar bhfód ó 1992, tráth a bunaíodh í le dul i ngleic le hiasachtú mídhleathach. Tá 53 oifig ag an tseirbhís ina dtugann comhairleoirí treoir do dhaoine maidir le buiséadú agus conas dul i ngleic lena bhfiacha pearsanta. Ar an gcéad amharc, is í an cheist is mó a bhíonn á plé ar an líne chabhrach ná riaráistí morgáiste, a deir Carol Dunne, Bainisteoir Gnó leis an tseirbhís. Ach nuair a dhéantar cíoradh ar fhiacha pearsanta na gcliant, is minic go n-aimsítear fadhb i bhfad níos casta le hiasachtaí agus fiacha a bhaineann le soláthróirí éagsúla idir fhiacha fóntais, fhiacha ó chártaí creidmheasa, iasachtóirí airgid, fhiacha imeartha agus mhorgáistí.
Is Tábhachtaí Ceist an Ocrais ná Aon Ní
Tugann na staidrimh léiriú níos doimhne ar ghéarchéim na bhfiacha pearsanta agus ar acmhainní an teaghlaigh. Le blianta beaga anuas, tá cúrsaí imithe chun donais do theaghlaigh nach bhfuil ioncaim a ndóthain acu chun íoc as a bhfiacha pearsanta agus mar thoradh, tá 54% dá gcliaint céasta ag tearc-rochtain fuinnimh. I gceantar uirbeach i mBaile Átha Cliath 10, tá fiacha fóntais ag 60% dá gcliaint, formhór na ndaoine sin ag fanacht i dtithe nach bhfuil morgáistí ar bith acu, de réir tuarascáil a d’fhoilsigh an taighdeoir Dr Stuart Stamp i Mí Iúil 2013. Áitíonn Stamp gur bhain cuid mhaith den díospóireacht le ceist na riaráistí morgáiste ach gur bheag an plé agus réiteach a ndearnadh dóibh siúd atá ag streachailt le bunchostaisí ó lá go lá. Tacaíonn na staitisticí scanrúla is déanaí ón ECFE ón tuarascáil, Society at a Glance 2014 leis an tuairim seo. Tá an deighilt idir daoine bochta agus saibhre ceithre uaire níos mó in Éirinn ná mar is ghnáth i dtíortha ECFE. Níos measa fós, tá duine as deichniúir in Éirinn anois nach bhfuil in ann bia a cheannach.
Anuas air sin, tugann an tuarascáil le fios gur thit ioncam teaghlaigh ar an meán go €18,500 an duine sa bhliain 2012. Tá teaghlaigh tar éis gearradh siar go mór ar chaiteachas riachtanach: bia, leictreachas agus breosla, gan trácht ar chaiteachas breise.
Is cosúil go dtiteann ualach na faidhbe ar mhná agus sa bhliain 2013, ba mhná iad 55% de na cliaint nua. I gceantair faoi mhíbhuntáiste i mBaile Átha Cliath 10, tá an uimhir sin chomh hard le 64%.
Feitheamh Sé Mhí in Inis Eoghain
Braitheann tapúlacht an chógais ar chúiseanna tíreolaíocha. Go hiondúil, ní mór don duine coinne a chur in áirithe le comhairleoir ón tseirbhís agus ar an meán bíonn cliaint nua ag feitheamh ceithre seachtaine le coinne a fháil. Ainneoin sin, tá ceantair áirithe ina mbíonn daoine ag fanacht suas le sé mhí le coinne, mar is amhlaidh in Inis Eoghain. Is ábhar imní do Mhatt Carthy ó Shinn Féin an mhoill ar an mbonn, “go gcuideoidh sé le teaghlaigh atá faoi bhrú ag na bainc glacadh le socruithe neamh-iniompartha maidir le haisíocaíochtaí.”
Aontaíonn Dunne go bhfuil éileamh ollmhór, ach deir sí go ndéantar eisceachtaí, “i gcásanna go mbíonn práinn ag baint leo go háirithe má bhíonn cás cúirte i gceist.”
Tá ceisteanna ann maidir leis na háiseanna agus maoiniú atá tugtha don tseirbhís a fhaigheann tacaíocht ón Bord um Fhaisnéis Shaoránaigh faoin Roinn Coimirce Sóisialaí. I 2013, tugadh €19 milliún don tseirbhís, ach i bhfianaise na géarchéime is fiú a cheistiú an leor an maoiniú agus na hacmhainní atá á gcur ar fáil ag an stát.
Bhí an tuairim ann go gcuideoidh an córas nua a tugadh isteach faoin Acht um Dócmhainneacht Phearsanta 2012 le teaghlaigh ach ó thaobh na forála is mó a bhíonn SBCA ag plé leis - fógraí faoisimh fiachais a bhaineann le fiacha faoi €20,000 - is beag an líon daoine atá ag dul ar aghaidh faoin gcóras nua chun faoisimh fiachais a bhaint amach.
Rinneadh leasú ar an reachtaíocht cheana féin ag deireadh na bliana seo caite agus déanfaidh SBCA tuilleadh taighde ar na constaic atá ag cur bac le dul chun cinn i mbliana.
B’fhéidir nach bhfuil daoine ag iarraidh socrú a dhéanamh leis na bainc agus na creidiúnaithe. Tá tuairim ag Carol Dunne gur mhian le tromlach dá gcliaint a gcuid bhfiacha a ghlanadh. “Níl siad ag lorg socrú nó faoiseamh fiachais. Déarfaidís i gcónaí go bhfuair siad an iasacht agus go bhfuil siad ag iarraidh í a aisíoc,” a deir sí. Idir an dá linn, leanfaidh an guthán ag bualadh i mBaile Blainséir, is ríchosúil.