Phill Balor ar an tseandúchas gaelach thoir i Scidia lena sheanchas a mheilt le hImpire an Oirthir, eascara mór Killery Clinton agus Seosamh Bidet, an fear nár loic is nár lúib, Flathmhar Poitín.
Nuair nach raibh an Bhanríon Angela nó an Rí Barack, nó fiú Tánaiste na hÉireann, sásta dul chun cainte le hImpire an Domhain Thoir, dúirt Balor Calma Curata go rachadh sé féin chun na Rúise le bleid a bhualadh ar Vladimir Poitín ar bhruach na Mara Duibhe.
Chroch Balor Mairnéalach suas a mhisneach, agus ina dhiaidh sin chroch sé suas a chuid seolta móra geala go barr na gcrann. Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir…
Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama)
“In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
Chrom sé a chionn idir a dhá chois agus chuaigh sé ag smaoineamh go raibh sé i bhfad óna mhuintir, nach raibh a fhios aige cá raibh Poitín ag baint faoi agus gan duine ar bith le heolas a thabhairt dó nó nach raibh focal ar bith den Rúisis aige.
Bhí an tUasal Poitín ag fanacht leis os cionn an chuain. Bhí na seacht dteanga aige, agus an Ghaeilge ina measc. “A Bhaloir, a chara mo chroí,” a scairt an Poitíneach, amhail is go raibh croí aige, “do chéad fáilte chun na Rúise, a chomrádaí!” Agus sheas Poitín suas ar a bharraicíní agus shín sé a lámh suas le é a chroitheadh le Balor. D’amharc Balor síos thar mhéid a bhoilg agus chonaic sé uaidh Impire an Domhain Thoir thíos i measc an fhraoigh.
Rug Poitín greim sciatháin ar Bhalor agus tharraing anonn é chuig caisleán a bhí chomh mór agus chomh geal agus chomh galánta le bungaló nuathógtha i gConamara. “Seo é dacha s’agamsa, a Bhaloir,” a dúirt sé, “agus tá greim bia réidh istigh fá do choinne.” Anonn leis an bheirt acu, agus d’ith siad agus d’ól siad a sáith sular chrom siad ar an chaint a thug le chéile iad.
“Bhuel, a Bhaloir, caidé an seachrán a thug an bealach seo thú?” a d’fhiafraigh an tImpire.
“A Impire Ó Poitín,” a dúirt Balor, agus an tríú pionta de vodca na Rúise á chaitheamh siar aige mar digestif beag. “Níl ann ach go bhfuil an domhan ar fad ina chíor thuathail agat agus tú i ndiaidh An Chrimé a tharraingt isteach sa Rúis. Ag Crom Dubh atá a fhios caidé an chéad tír eile a rachaidh bealach do chomharsan béal dorais. Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil tú i ndiaidh Angela agus Barack agus Dáithí Camshrón agus Enda s’againne a chur le báiní?”
Sin É an Bóchaill
“Bhuel, a Bhaloir, ná bímis ag caint faoin triúr eile sin, ach faoi Enda s’agaibhse. Caithfidh go bhfuil muintir na hÉireann imníoch go ndéanfaimis ionradh ar Éirinn iathghlais álainn, rud nach ndéanfaimis riamh. Ar mhiste leat é sin a chur ar a shúile d’Enda, le do thoil, a Bhaloir? Fiú má théann muid isteach sa Ghearmáin, sa Fhrainc nó sa Bhreatain féin, leanfaidh muid nós na Rómhánach fadó agus fanfaidh muid glan amach as tír na hÉireann. Níor mhaith liom smaoineamh ar an toradh a bheadh ar ionradh mar sin.
“Nuair a bhí ceannairí eile an domhain ag bagairt smachtbhannaí agus sócmhainní calctha agus rudaí den sórt sin, is é Enda an t-aon duine a bhagair rud éigin a chuirfeadh isteach go mór orm féin agus ar mhuintir bhocht na Rúise. An bhfuil a fhios agat gur bhagair sé clár raidió Derek Mooney a chur fríd na cainéil satailíte anseo ceithre huaire fichid, seacht lá na seachtaine? Agus níl ansin ach an tús. Thug sé liosta dom de na haíonna a bheadh ar chlár Mooney gach lá.
Cnámhó á Bhagairt
“Bheadh Garth Brooks ann ar dtús agus é ag ceol If Tomorrow’s Concert Never Comes agus Friends in High Executive Boxes. Má shíleann tú go bhfuil sé sin go dona, éist leis seo. Bhagair sé Bono a chur ar an tseó ag caint faoi dhaoine saibhre nach bhfuil sásta a gcuid airgid a úsáid mar is cuí. Ansin bheadh Charlie Bird ann ag caint faoina chuid gaiscí ar fud an domhain. Ansin bheadh Alan Shatter ann ag caint ar feadh uair an chloig, agus ní bheadh a fhios ag duine ná deoraí caidé a mbeadh sé ag caint faoi. Ina dhiaidh sin bheadh fiche duine anaithnid ann ag caint gan stad gan staonadh faoi Brian O Driscoll agus faoina shaol agus a shaothar agus a chuid cluichí agus a bhean chéile agus a iníon agus a… Agus, a Bhaloir, ar mhiste leat dul abhaile anois go gasta – maith an fear – agus a rá le hEnda nach bhfuil sé ar intinn againn dul in aice libh. Ar thíortha uilig an domhain, tá sibh slán.”
“Ach, a Impire, a chara,” arsa Balor, “tá dul amú ort. Is ag iarraidh go dtiocfaidh sibh isteach atá Enda. Tá sé ag bagairt na rudaí sin – agus níos measa oraibh – mura dtagann sibh. Deir sé nach mbeidh sibh leath chomh holc leis na Cumannaigh sin atá ag roinnt cumhachta leis sa Rialtas. Sláinte.”