AR NA SAOLTA SEO
Cad a Dhéanfaidh Siad Feasta Gan Shinji?
Pat Butler Pat Butler

réalta mór Western Sydney Wanderers F.C. ar tí an club a fhágaint ag deireadh na míosa.... Amharcann Pat Butler siar ar ré órdha an tSeapánaigh i bPríomh-Roinn Sacair na hAstráile.

Íomhá
Shinji Ono ag teilgean ceann as an gcúinne, Samhain 13
(le Eric Berry aka Efcso ar Vicipéid)
Íomhá
Bainisteoir na Wanderers, Tony Popovic
(le Macktheknifeau ar Vicipéid)
Íomhá
Adhraitheoir óg Shinji Ono
Íomhá
Tús na Western Sydney Wanderers
(le Macktheknifeau ar Vicipéid)

Seapánach peileadóra le Western Sydney Wanderers is ea Shinji Ono – laoch chosmhuintir Iarthar Sydney. Is ar éigean má tá éinne ionchurtha leis i bpríomh-shraithchomórtas sacair na hAstráile. Fear umhal, snoíodóir spórt-aislingí na muintire.

I bhfianaise scileanna síoda Ono, níorbh fhada óm’ bheola lear mór ceisteanna nuair a chéad chaitheas súil air, sa bheo, mar a déarfá, Aoine an Chéad Lá Samhna seo d’imigh. Bhí Staid Pirtek i Parramatta ag cur thar maoil. 16,279 leantóir mire istigh. Roimh dheireadh chluiche an tráthnóna sin bhíos ar mo dhá chois féin ina n-éineacht…..

Fógróir (le meigeafón) - ‘Who do we sing for?

Lucht Leanúna - ‘WE SING FOR WANDERERS.

Conas nach bhfuil ainm draoi seo na caide in airde sa leathsféar thuaidh, arsa mise liom féin? Conas nár chaith sé sealanna fada ina dhia beag ag Rossoneri an San Siro, ag Madridistas an Bernabéu – nó ag Culés an Camp Nou fiú? Gan trácht ar lucht fulaingthe (déanaí) Old Trafford - an dea-mhéin idir Manchester United agus pobal na Seapáine curtha san áireamh?

Bearna le Líonadh

I gcead di, tá Parramatta fós sna garbhchríocha sacair. Ach is fada inniu an baile céanna ón mball míogarnúil ar chéad leag mé cos cuairteora inti sa bhliain 2007. Feictear le déanaí eirbeall an Tíogair Astrálaigh ina choilgsheasamh anseo. Tá na comharthaí sóirt i ngach áit; an t-ollfhuadar tógála, an t-airgead scaoilte, an sruth leanúnach inimearceach ón Áis ag cur fúthu, iarrachtín míchompordach, b’fhéidir, le hais seanphór na hIodáile, na Gréige, na bhFilipíní, agus, ar ball, na Liobáine – iad siúd a tháinig anonn rompu, tonn i ndiaidh a chéile, ó na naoi déag tríochaidí ar aghaidh.

Dá fheabhas í Parramatta mar cheann scríbe gastronomique, a bhuíochas san d’ealaín chócaireachta na bpobal éagsúla, nua agus sean, ba bheag eile anseo a thláthaigh dlúth iad. Ní raibh aon fhoireann sacair sna bruachbhailte thiar i bPríomhsraith na hAstráile, mar shampla. Cuireadh an t-easnamh sin ar shúilibh an Phríomh-Aire Julia Gillard, le linn laethanta buile luatha a réime ghairide. B’fhacthas di, is cosúil, go raibh géarghá socheolaíoch lena leithéid. Chothófaí mórtas cine is ceantair. Thabharfadh cumann mór sacair pobail scaite uilig na dúichí, nua agus sean, le chéile.

D’aithin Julia deis polaitiúil. Chuir sí ciste $8m d’airgid an Rialtais ar fáil. Saolaíodh Western Sydney Wanderers agus chuadarsan caol díreach sa tóir ar shíniú Shinji Ono.

Ón Mallmhuir go Rabharta

Tugadh léas nua beathaigh don Seapánach - imreoir ‘marquee’ idirnáisiúnta an chlub. D’imir sé i gcluiche maighdeanais Wanderers sa tSraithchomórtas, Deireadh Fómhair 2012. Má bhí ardáin agus céimeanna Staid Pirtek gann ar lucht féachana an lá céanna, níorbh fhada amhlaidh. Chomáin Wanderers orthu agus bhaineadar sméar mullaigh an tSraithchomórtais anuraidh. Níor bheag é tionchar Ono ar an éacht san. Tá Pirtek ag cur thar bruach ar laethanta na gcluichí baile ó shin i leith.

’Siad Emile Heskey (Newcastle Jets) agus Allesandro del Piero (Sydney FC) an bheirt is cáiliúla san A-League, gan dabht ar bith. Ach, i léamh tráchtairí áirithe – Greg Foster, Les Murray, Andy Harper agus Mark Bosnich san áireamh, gach seans gurb é Ono an t-imreoir is mó thionchar díobh ar fad. Is fiú smaoineamh go dtagann an sacar sa cheathrú áit in ord chluichí peile na hAstraile. Tá AFL agus an dá chóras rugbaí go mór chun tosaigh air.

Rugadh Ono sa tSeapáin. D’aithin Feyenoord a chuid scileanna go luath agus chaith sé cúig bliana torthúla leo (2000 – 2005). Bhuadar Corn an UEFA i 2002, cúl an bhua á sholáthar aigesiúd. Ach ba mhinic gortaithe é, agus d’fhan mórchlubanna na hEorpa siar óna dhoras. Ansin, agus an ghrian ag dul faoi ar a ghairmré, siúd Western Sydney Wanderers thar táirseach chuige isteach le tairiscint conartha ná féadfaí a dhiúltiú agus pinginí an Phríomh-Aire taobh thiar di. Tá athscríobh déanta ag Ono ar a scéal féin, ar Western Sydney Wanderers, agus ar éabhlú A-League na hAstráile ó shin.

Athrú Sheán na Scuab

Ach is fairsinge go mór ná cúrsaí peile an fear seo. D’aithníos tréith ann ná faca i mórán imreoirí eile, tráthnóna Lá Fhéile na Marbh 2013. Bhí brú leanúnach á chur ar an fhoireann chuairteora, Adelaide United. Gar don mbratach chúinne a bhíos, im’ shuí i measc mo mhuintire. N’fheadar cé mhéid cic chúinne a fuair Western Sydney Wanderers an oíche sin, ach b’é Shinji Ono a thóg iad uile. Gártha molta an tslua bhaile ina chluasaibh, níorbh é an fuadar báire, ná an buaileam sciath, ná an féinghlóire, ná an cruas fearaíoch, tréithe is dual don a lán, a bhí le sonrú ann. Ní raibh aon rian díobh siúd ina ghothaí – ach rud má bheinn ag súil leis, saghas tost inmhéanach.
Sin bua atá gann ar aon pháirc pheile. Bua a bhí ag Mick O Connell, abair, Cuan Bhéal Inse, Oileán Dairbhre, Uibh Ráthach.

Bás polaitiúil lena faobhar féin, fuath ban agus iliomad míléamh ar chuisle an phobail - b’iad a scuab Julia Gillard chun siúil ar deireadh. Níor tugadh an dara áiméar di. Bhí sé de rogha ag bainistíocht WSW conradh nua a réiteach le Ono, ach theip orthu an deis sin a thapú. Ní dá rogha féin a fhilleann Ono ar an bhfód dúchais go luath.

Cad a dhéanfaidh Western Sydney Wanderers ina éagmais? Sin ceist nach bhfuil freagra ag éinne uirthi.

‘Who do we sing for’?

‘We sing for SHINJI!!’…..

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.