AR NA SAOLTA SEO
Gealltanas gan Luach
John Paul McCarthy John Paul McCarthy

Chaith John-Paul Mc Carthy súil ar bhreith thábhachtach a tugadh sa Chúirt Eorpach Daonna ar na mallaibh. Cás cumhaíúil a thionscain Louis O Keeffe.

Íomhá
Céim Oinigh ar David H. Souter, Breitheamh 2010
(le Chensiyuan ar Vicipéid)
Íomhá
Meá na Córa, Caisleán BhÁC
Íomhá
An Chúirt Uactharach
(le Jtdirl ar Vicipéid)
Íomhá
Cúirt Cearta Daonna na hEorpa
(le Cherry X ar Vicipéid)

Éist anseo leis an alt á léamh ag Caitríona Budhlaeir, Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Is ó Bhaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí í Caitríona.

Foilsíodh iniúchadh náisiúnta 1996 a rinneadh ar Bhunreacht na hÉireann. Cáipéis fhada ab ea tuarascáil an Constitution Review Group, ach ní foláir a admháil gur cáipéis mhímhacánta ab ea é freisin. Agus na forálacha a bhaineann le roinnt cumarsáidí idir an Stát agus creidimh éagsula in Éirinn á scagadh ag na cigirí bunreachtúla mór le rá, scríobh said:

“Broadly speaking, the existing provisions of Article 44 are satisfactory and have worked well. The key aspects of Article 44 − the guarantees of free practice of religion and the twin prohibitions of non-endowment and non-discrimination − are far- reaching and comprehensive.”

Dearbhaíonn Airteagal 44.2.2 go borb: “Rathaíonn an Stát gan aon chóras creidimh a mhaoiniú.”

Cé go dtugann dhá fhoráil eile (42.4, agus 44.2.4) cead don Stát cabhair a thabhairt do ghrúpaí creideamhacha i riocht airgid san earnáil oideachais, is deacair éalú ó théarmaíocht lom ríshoiléir an ghealltanais bhunúsaigh sin a chuireann cosc ar chánacha ginearálta an Stáit a aistriú go dtí forais chreidimh. Má dhéanann breithiúnas na Cúirte Uachtaraí i 2008 i Louise O’Keeffe vs Leo Hickey, The Minister for Education and Science, Ireland and the Attorney General rud fiúntach ar bith, tugann sé le fios dúinn gur gealltanas bréagach é an gealltanas sin a chur i gcoinne maoiniú creidimh. Bhain O’Keeffe vs Hickey et al le hionsaithe gnéis a rinneadh ar Louise O Keefe i mbunscoil i gCorcaigh le linn a hóige i 1973. Ba dheacair di labhairt mar gheall ar na hionsaithe seo le ceithre bliana fichead, ach fé dheireadh i 1997 thug sí na sonraí go léir don Ghardaí Síochána tar éis do iardhalta eile as an scoil chéanna gearán a dhéanamh freisin ó thaobh iompar múinteora amháin sa scoil. I ndeireadh na dála, thug binse fiosraithe a bhí ag plé le gortaithe coiriúla £53,000 di mar chúiteamh agus mar fhaoiseamh.

Is Beag Liom Cúiteamh Airgid

Ba chuma, áfach, leis an mBean Uasal O Keefe faoin airgead de réir dealraimh, agus ós rud é go raibh dlúthbaint ag an Stát féin leis na hionsaithe, chuaigh sí fé bhráid na gcúirteanna ionas go gcruthódh sí fuarchúis agus faillí an Stáit féin. Is ionann O’Keeffe vs Hickey et al agus diúltú na Cúirte Uachtaraí cead a thabhairt di faoiseamh a dh’fháilt ón Stát féin ós rud é ná raibh an Stát sin i bhfeighil de facto ar an gcóras bunscolaíochta a cruthaíodh le cabhair cánacha ginearálta. Aiste fhada is ea breithiúnais an Bhreithimh Hardiman ar an nasc a cheangal an Stát agus na scoileanna Caitliceacha ó ré Uí Chonaill go dtí na blianta i ndiaidh neamhspléachais.

Agus an aiste seo á léamh, caithfear áiteamh mímhacánta na gcigirí bunreachtúla i 1996 a choinneáil os do chomhar amach. Dúradar siúd gur éirigh go maith leis an gcosc dleathach sin ar mhaoiniú córas creideamhach. A mhalairt den scéal is ea an fhírinne de réir an bhreithiúnais seo. Ó 1921 ar aghaidh thug an Stát na mílte punt dos na scoileanna Caitliceacha sa Stát i riocht pá agus tuarastal na múinteoirí a bhí fé smacht ag na bainisteoirí Caitliceacha. (Sagairt Chaitliceacha ab ea a bhformhór anseo). “Maoiniú” creideamhach ó chánacha ginearálta an Stáit ab ea an cur chuige seo, ach níorbh é maoiniú amháin a bhí i gceist sa nexus polaitiúil-seicteach seo.

Cuma na Córa

Cé go raibh Hardiman sásta go raibh airgead faighte ag scoileanna neamh-Chaitliceacha freisin ó 1921, rud a bhéimníonn an éagóir a rinneadh ar ghealltanas ginearálta Airteagal 44, thuig sé gur cruthaíodh “a largely State funded but entirely clerically administered system of education” mar thoradh. Ní dhearna Hardiman aon ghéarscagadh ar an gcoimhlint ghlan seo idir Airteagal 44 agus na hairteagail ilghnéitheacha eile i mBunreacht na hÉireann a luaití go minic chun an cosc ar mhaoiniú creideamhach a scriosadh.

“It has not to my knowledge been suggested, and certainly not suggested in this case that the State’s operation and discharge of its obligations under Article 42.4 [a thugann cead ginearálta don Stát ‘cabhrú go réasúnta’ le scoileanna seicteacha] has resulted in unfairness to any one religious denomination in comparison with others…”

Nuair a úsáideadh áiteamh cosúil leis an gceann seo, .i. má fhaigheann gach creideamh cúpla pingin le chéile, ní féidir cos ar bolg a chruthú. I gcás Meiriceánach cúpla bliain ó shin, mhaígh an Breitheamh David H. Souter go feargach nár chóir flúirseacht an Stáit a lua chun ionsaí a dhéanamh ar ghealltanas gan córas creidimh a mhaoiniú:

“direct public funding of core sectarian activities, even if accomplished pursuant to an evenhanded program, would be entirely inconsistent with the Establishment Clause [sé sin an cosc ginearálta Meiricéanach ar mhaoiniú creideamhach sa Chéad Leasú de chuid Bhunreacht na Stát Aontaithe], and would strike at the very heart of the Clause’s protection”. [Rosenberger v. Rector and Visitors of the University of Virginia, 515 U.S. 819 (1995) (Souter, J., dissenting)].

D’éirigh le Louise O Keefe faoiseamh de shaghas éigin a dh’fháilt ón gCúirt Cearta Daonna Eorpach le déanaí. Is maith sin ós rud é gur mhúin sí ceacht tábhachtach dúinn le linn a haistear dlí Éireannach mar gheall ar ár mímhacántacht bhunreachtúil.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR
  • Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.