Cuidíonn an teicneolaíocht linn níos mó a léamh in am níos lú, ach de réir Roseanne Smith, spíonfar sinn agus íocfaimid as an léitheoireacht ghasta céanna ar mhodhanna eile.
Is minic a smaoiním ar an áit atá ag an teicneolaíocht i mo shaol, i saol mo theaghlaigh agus i saol an phobail is na cruinne. “Iontas na n-iontas” a deir sibh ós rud é gur colúnaí is comhfhreagraí teicneolaíochta mé. D’fhás mo ghairm bheatha ar dhroim an idirlín. Tá spéis as cuimse agam i dtionchar na teicneolaíochta ar an staid dhaonna. Ní hionadh mar sin gur scríobh mé faoi Ray Kurzweil and Joseph Weizenbaum an mhí seo chaite. Ní hionadh mar sin go bhfuil mé ag athléamh Arthur C. Clarke leis an mac is sine liom faoi láthair.
Ach bíonn ionadh orm a laghad tionchair is atá ag teicneolaíocht i réimsí ar leith den saol. Réimse amháin a chreid mé a d’fhanfadh slán le tamaill ón teicneolaíocht ná an léitheoireacht. Ní ar na leabhair iad féin atá mé ag caint ach ar ghníomh na léitheoireachta. Ar ndóigh tá neart e-léitheoirí ann a ligfeas duit leabharlann iomlán a iompar thart i do mhála. Ach is cuma cé chomh iniompartha atá an leabharlann sin: níl ach ceithre uair is fichead sa lá fós.
Tá borradh as cuimse faoin líon ‘ábhair’ atá ann le léamh. Tráth dá raibh ní bhíodh ach nuachtáin, leabhair agus litir nó dhó le léamh. Ní hamháin go raibh níos lú ábhar ann, bhí siad scaipthe óna chéile. Tháinig billí agus litreacha tríd an doras, bhí mo leabhar in aice na leapa, bhí an t-aon nuachtán amháin a fuair an teaghlach ar an mbord cistine. Anois tá gach aon ceann díobh sa phóca. Is féidir do bhillí a fháil sa leaba, an leabhar a léamh ar an mbus, agus nuachtáin ar bith ó aon chearn den domhan a léamh ar an leithris!
Sa Bhreis ar an Méid sin, an Spritz
Agus sin iad na foinsí ‘oifigiúla’. Céard faoi gach uile smaoineamh fánach atá roinnte ag ár ‘gcairde’ ar Facebook, Twitter, LinkedIn srl?
Braithim uaireanta go bhfuil rud éigin as riocht agus go bhfuil réiteach de dhíth orainn. Tá comhlacht amháin atá, tar éis tréimhse fada rúndachta, ag fógairt réiteach ar an léitheoireacht.
Bhí an-chaint ar an ngréasán nuair a fógraíodh Spritz le déanaí. Seo feidhmchláirín atá le seoladh leis an leagan nua den ghuthán Samsung Galaxy S5 agus a mbeidh feidhmchláirín le fáil air don iOs agus Android go luath. Tá fianaise ann go gcaitheann an léitheoir an-iomarca ama ag cuartach na bhfocal nuair atá siad ag léamh. Tá ionad ar leith i ngach focal, de ghnáth rúinín beag ar chlé ón lár, a ligeann dúinn an chuid eile den fhocal a aithint go tapaidh agus a léamh. Sin an fáth go moltar do mhéar, peann nó eile a úsáid chun léamh níos tapúla gan bhotúin. Bíonn ár súile ag lorg an ball sin ar an leathanach agus tugtar “sacchades” ar an ngluaiseacht shíoraí sin. Tugtar an ‘ball barraitheantais’ nó BB (an ‘optimal recognition point’ nó ORP) ar an litir sin a ligeann dúinn an focal a léamh.
Taispeánann Spritz an litir is tábhachtaí don leitheoir le dath dearg, rud beag ar chlé ar an scáileán. Níl ach líne agus focal amháin ar an gcomhéadán acu ag aon am. Dá réir cabhróidh Spritz le daoine léamh ag ráta de 600 focal sa nóiméad. D’fhéadfá Harry Potter and the Philosopher’s Stone a léamh taobh istigh de sheacht n-uaire an chloig. Agus muna gcuireann sin ina luí ort fiúntas na teicneolaíochta seo, go deimhin, ní lá fós é.
Níl mé chomh dona sin
Nuair a rinne mé triail ar líne https://www.staples.com/sbd/cre/marketing/technology-research-centers/ereaders/speed-reader/iframe.html tá mé féin in ann 281 focal a léamh sa nóiméad agus sin 12% níos tapúla ná an meán. Chuir sin ionadh orm mar braithim go bhfuil mé an-mhall ag léamh de ghnáth. Leis an fhirinne a dhéanamh, ní rud a chaithim mórán ama ag machnaimh air. Is duine cuíosach iomaitheach mé ach ní ar bhonn luas mo chuid léitheoireachta! Ach braithim ciontach uaireanta nuair nach bhfuil mé eolach go leor ar ábhar ar leith nó nuair atá mé go hiomlán aineolach faoi nuacht mhór náisiúnta nó idirnáisiúnta tar éis dom lá a chaitheamh ag léamh is ag scríobh faoi conas mionmhíreanna a chur chun cinn ar na gréasáin http://www.pixeldesign.ie/news/article/promoted-posts-strategy-for-using-sponsored-updates-on-linkedin-facebook-an. Dá mbeinn in ann an t-ábhar go léir a alpadh dhá oiread nó trí oiread níos tapúla, bheinn chun cinn ar cách. Nach mbeinn?
Níl cinneadh déanta ag an gcoiste go fóill faoi Spritz. Cé go raibh na giolcairí an-tógtha go deo le Spritz ní raibh an grá seo forleathan. Tá cúpla áiteamh ina gcoinne.
Áitimh i gCoinne Spritz
● Tá fianaise ann nach ionann an tuiscint nuair a léann tú ar do ghnáthluas is nuair a léann tú faoi ardluas. Sin ráite, muna bhfuil tuiscint iomlán tábhachtach (!), lean ort.
● Tuairiscíonn léitheoirí ardluas go bhfuil léamh ardluas an-tuirsiúil. Cé go mbeadh siad in ann, mar shampla, ábhar a léamh i 10 nóiméad a thógfadh 30 noiméad ar ghnáthléitheoir, b’fhéidir go mbeadh orthu sos 20 noiméad a thógáil ina dhiaidh!
● Tá fianaise ann go léimid ag luasanna éagsúla ag brath ar an saineolas atá againn ar an ábhar, nó mar a chuir Harvard Press le déanaí é: “There is an “app” that has been proven to allow faster reading and complete comprehension. It’s called expertise.” https://twitter.com/Harvard_Press/status/446294248309403648
● Tá neart plé sna hirisí ar líne agus ar bhlaganna faoin sult a bhaintear as an léitheoireacht. Céard is fiú léamh ardluasa muna mbraitheann tú nasc leis an ábhar? Tá seo tábhachtach i gcomhtheacs ficsin nó scríobh ardchaighdeán go háirithe. Mar a scríobhann Ryan Holiday ina Thought Catalog http://thoughtcatalog.com/ryan-holiday/2014/03/hey-reading-isnt-a-race-how-speed-reading-and-spritz-completly-miss-the-point/ má tá tú ag iarraidh leabhar a léamh go tapaidh, nó a bheith réidh lena léamh, b’fhéidir go mb’fhearr do spéis san ábhar nó caighdeán an leabhar a cheistiú in ionad cabhair a fháil ón teicneolaíocht.
● Le linn taighde don alt seo, léigh mé scríbhneoirí níos cumasaí ná mé féin ag tabhairt faoi bhunús na teicneolaíochta seo. Is é sin conas gur féidir machnamh is anailís a dhéanamh ar an méid atá léite agat má tá an t-ábhar á alpadh agat cosúil le hiomaitheoirí i gcomórtas itheadh piógaí. An dóigh leat go mblaiseann siad na torthaí atá sna piógaí? Mar a scríobh Christopher Davies sa Guardian i 2006 http://www.theguardian.com/commentisfree/2006/aug/17/collateraldamageinthebroad (sea, réamhstair an idirlín!) is é ag machnaimh ar a nósanna brabhsála:
“I’ve found that, for me at any rate, it’s not more information but more thinking that satisfies.”
Is fiú go mór blagmhír John F. Henderson, ollamh san Fhoras um Mheabhar is Intinne, http://jhenderson.org/vclab/Blog/Entries/2014/3/7_Am_I_Reading_This_Right.html ina bhfuil comórtas iontach déanta aige idir an léamh agus siúl trí choill.
Is féidir triall a bhaint as Spritz tú féin ar a suíomh féin.
N’fheadar conas mar a éireoidh leo siúd atá ag léamh i dteanga seachas a dteanga dhúchais cosúil liomsa agus an Ghaeilge? Leis an mbealach a bhfuil cúrsaí ag gabháil http://www.gaelport.com/nuacht/An-tua-le-titim-ar-iriseoireacht-scriofa-na-Gaeilge/ ní dóigh go mbeidh a dhóthain ábhar ar fáil dúinn chun an cheist a chíoradh go luath...