AR NA SAOLTA SEO
Constaicí a Bheas le Sárú ag an Nuachtán Nua
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Tá próiseas ar bun ag Foras na Gaeilge an mhí seo le conradh a bhronnadh chun nuachtán Gaeilge ar líne a fhorbairt. Amharcann Breandán Delap ar sé dhúshlán a bheas le sárú ag buaiteoir an chomórtais.

1. Easpa díolacháin, easpa léitheoirí, easpa fógraíochta, easpa scríbhneoirí... easpa suime:

Ní haon áibhéil a rá ach gur ghoill cuid de na heaspaí thuasluaite ar réamhtheachtaí an nuachtáin nua, a bheagán nó a mhórán. Beidh sé de bhuntáiste ag an táirge úr ar ndóigh nach mbeidh aon fhadhb dáiliúcháin aige, rud a bhí ina chrá croí ag nuachtáin Ghaeilge le blianta fada anuas. Ní bheidh aon díolachán i gceist ach an oiread (“Not Gaelic merely but free as well”) ach beidh líon na mbuillí (.i. na cnaganna luchóige) agus na léitheoirí fíorthábhachtach nuair a bheas fógraí á lorg. Is fíorannamh anois a bhíonn níos mó ná trí leathanach de fholúntais i bhforlíonadh gnó an Irish Times ar an Aoine. Tá an tobar áirithe sin tráite. Mar sin de, beidh úinéirí an nuachtáin nua ag súil go dtiocfaidh bláth faoi na buinneáin ghlasa a mhaítear atá le feiceáil i ngeilleagar na tíre. Ina éagmais sin, beifear i dtuilleamaí an deontais de €300,000 sa bhliain atá á thairiscint ag Foras na Gaeilge. Is leor sin le triúr a fhostú go buan (idir iriseoirí, eagarthóir, fo-eagarthóir, dearthóirí srl.) agus obair eile a chur amach ar conradh. Ach is beag forbairt a bheas i ndán don nuachtán gan sruth ioncaim breise a aimsiú ón fhógraíocht.

Ní bheidh aon easpa scríbhneoirí ar fáil chun colúin agus píosaí tuairimíochta a sholáthar don nuachtán úr ach cá bhfaighfear na hiriseoirí a rachaidh ag tochailt le haghaidh scéalta te bruite? Tá líon fairsing iriseoirí Gaeilge ann atá fostaithe ag leithéidí TG4, RTÉ, RnaG, BBC srl. Níl aon dabht ach go mbeidh siadsan ábalta ábhar a chur ar fáil ach is chuig na heagraíochtaí a íocann a gcuid tuarastail a bheas a gcéad dílseacht i dtólamh. Má bhíonn scéal maith acu, ní thabharfar don nuachtán nua go heisiach é. Is dócha ná a mhalairt mar sin, go mbeidh ar bhuaiteoir an chomórtais tosacht as an nua agus iriseoirí ar beagán taithí a fhostú agus a oiliúint.

Is ar Fhoras na Gaeilge atá sciar mhaith den locht nach mbeidh iriseoirí le taithí ar fáil. Ní gá ach ceist a chur ar iar-iriseoirí le Gaelscéal, Foinse agus Lá Nua le fáil amach nach rogha gairme róbhuan í an iriseoireacht chlóite trí mheán na Gaeilge. Tá foirne na nuachtán sin scaipthe fud fad na tíre anois agus iad fostaithe i réimsí éagsúla den saol. Chuir cinnidh an Fhorais (agus úinéirí na nuachtán) go gcuirfí deireadh leis na teidil thuasluaite, seachas iad a leasú faoi struchtúr úr úinéireachta, caipín an bháis ar thraidisiún nach raibh ach ina thús. Luífidh toradh na gcinntí sin go trom ar lucht riartha an nuachtán ar líne agus iad ag iarraidh glúin úr iriseoirí a earcú a bheas in inmhe scéalta a bhriseadh. Agus maidir le heaspa suime, bhuel sílim go mbeidh sé sin ag brath go hiomlán ar chaighdeán na scéalta úd.

2. Freastal ceart ar an sprioc lucht léitheoireachta:

Níor cheart don nuachtán úr talamh slán a dhéanamh de go mbeidh lucht léitheoireachta na teanga á léamh ar an bhonn go bhfuil sé saor in aisce agus gur i nGaeilge atá sé. Tar éis an tsaoil, tá neart ábhar léitheoireachta saor eile ar fáil ar an idirlíon. Caithfidh cúis a bheith acu dul isteach ar an suíomh ar bhonn rialta. Réiteach amháin a bheadh ar seo ná a chinntiú gur suíomh idirghníomhach a bheadh ann. Ar an drochuair, is iondúil gur fóram maslaithe (faoi chosaint bhréagainm) a bhíonn ina leithéid. Mar sin de, bheadh modhnóir de dhíth le scagadh a dhéanamh ar na postálacha agus drochsheans go mbeadh sé d’acmhainn ag an nuachtán úr ball foirne a chur ar leataobh don chúram sin. Anuas ar sin, níl oiread rath ar chláracha plé a thuilleadh mar gur ar Twitter a tharlaíonn formhór na ndíospóireachtaí ar líne anois. Mar sin de, nílim cinnte an fiú an tairbhe an trioblóid.

I ndeireadh ama, is ar chaighdeán a gcuid scéalta a dhéanfar an nuachtán úr a mheas. Tá sé cloiste agam míle is céad uair gur cheart gur nuachtán i nGaeilge a bheadh ann seachas nuachtán faoin Ghaeilge.Tá a leithéid de smaointeoireacht inmholta i dteoiric. Níor cheart go mbeadh nuachtán ró-indíritheróchúng ina gcur chuige. Ach caithfear an cheist a chur cén ghlór sainiúil a bheas ag an nuachtán úr agus é i gcomórtas leis na céadta míle suíomh eile atá ar fáil chomh furasta céanna? ’Sé an t-aon dóigh go n-éireoidh leis an nuachtán nua meas an phobail a bhfuil sé dírithe air a chothú ná trí ardán a thabhairt do scéalta atá ag dó na geirbe acu. Ciallaíonn sé sin go mbeifear ag súil le cíoradh géarchúiseach (seachas geisfhocal na bpreasráiteas) ar imeachtaí a bhaineann go sonrach leis an Ghaeilge nó leis an Ghaeltacht. Ba mhó an fhearg a bhí ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta faoin chuimsiú shleamchúiseach a thug na meáin Bhéarla do chinneadh an Choimisinéara Teanga éirí as oifig ar bhonn prionsabail ag deireadh na bliana anuraidh. Ba léargas é sin ar an ghéarghá a bhí le foilseachán cuimsitheach Gaeilge.

Ní hionann sin le rá gur cheart neamart a dhéanamh de príomhscéalta na seachtaine nó scéalta maithe a chur ó dhoras siocair nach bhfuil aon bhaint acu le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. A mhalairt glan. Ach níor mhór a chinntiú i dtús ama go bhfreastalódh an nuachtán ar a chroí-lucht léitheoireachta. Is chuige sin atá sé ann. Ach ní gá go mbeadh sé sin teoranta do chathanna inmheánacha sna heagrais Ghaeilge, nach mbeadh ina ábhar suime ach do dhornán beag daoine. Tá an canbhás i bhfad níos leithne ná sin. Níl aon easpa ábhair nuachta ‘crua’ sa réimse seo faoi láthair idir easpa dul chun cinn na Straitéise, postanna á gcailliúint i nGaoth Dobhair, leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla srl. Bíonn tóir i gcónaí fosta ar thuairiscí faoi na clubanna Gaeltachta agus ar léirmheasanna teilifíse, raidió, leabhair srl. Bheadh taifeadadh sóisialta i gceist chomh maith mar gur mian le daoine marbhnaí a léamh ar dhaoine a d’fhág a rian ar shaol na Gaeilge nó na Gaeltachta ach nach mbeadh luaite go deo ar leathanaigh na mórmheán Béarla. Gan phobal léitheoireachta dílis ní bheidh aon raison d’être ag an nuachtán úr.

3. Tuiscint ar na laincisí:

I mbeagán focal caithfidh nuachtán beag le foireann bheag a bheith réadúil ina gcuid spriocanna. Cad is fiú don eagarthóir duine den bheirt nó triúr iriseoir atá aige a chur ar leataobh le príomhscéal an lae ó RTÉ nó thejournal.ie a aistriú go Gaeilge? ‘The great unread’ a thugtar ar a leithéid de chur chuige ins an tionscal agus ní fiú acmhainní teoranta a chur amú le dul ina bhun. Ná ceap gur féidir an dubh a chur ina gheal ar na léitheoirí. Tuigeann siad go maith an difir idir scéal te bruite agus aistriúchán ar ábhar a bhí i gcló cheana féin ar shuíomh eile.

Seanphort a chuala mise go minic nuair a bhíodh daoine ag caitheamh anuas ar Foinse le linn mo sheal mar eagarthóir ar an nuachtán, ná nach bhfeicfí an príomhscéal a bhí againn ar chéad leathanach an Irish Times. Ghlac mé leis i dtólamh mar mholadh seachas mar mhasla, cé gur dócha gur sin a bhí ar intinn ag an té a dúirt. Ní thig le nuachtán le beirt iriseoirí dul in iomaíocht leis na mórnuachtáin Bhéarla. Tá sé míréadúil a bheith ag súil lena leithéid. Tá sé soineanta fosta a bheith ag ceapadh go mbeidh an léitheoir ag dul lom láithreach chuig an nuachtán nua Gaeilge leis an chor is deireanaí faoin eitleán atá ar iarraidh san Aigéan Indiach a aimsiú. Mar sin de, níor mhór na hacmhainní a úsáid go barainneach. Shílfeá gur chum gúrú caidreamh poiblí éigin an seanfhocal úd ‘mura bhfuil agat ach pocaide gabhair bí i lár an aonaigh’ go speisialta do na meáin Ghaeilge. Ní droch-chomhairle é.

Comhairle eile nár mhiste ceann a thabhairt dó ná an mhéid atá greannta i gcloich ar bhallaí Pharlaimint na hAlban: “abair ach beagan is abair gu math e.” Is é nádúr an idirlín ná gur smailceanna beaga seachas béile cúig chúrsa a chuirtear ar fáil. Bheadh sé doiligh agus místuama iarracht a dhéanamh an gnás léitheoireachta sin a athrú.

4. Tuiscint ar na láidreachtaí:

Is meán é an t-idirlíon a bhfuil bua na neasachta agus na gaisteachta aige. Níl aon ní le dul chuig an phriondálaí mar a bhíonn i gceist le nuachtán clóite agus níl aon fhothú i gceist mar a bhíonn le tuairiscí teilifíse. Mar sin beidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag dréim le huasdátú rialta agus luath ón nuachtán nua ar líne. Má bhíonn agóid mhór ar bun sa phríomhchathair le cearta teanga a éileamh ar an Satharn, mar shampla, ní gá a rá nach mbeadh sé sásúil tuairisc a phostáil an Luan dár gcionn nó fá cheann seachtaine. Beifear ag súil (agus ag éileamh) go mbeidh pictiúirí le feiceáil agus scéal le léamh ar líne taobh istigh de uair an chloig (ar a dheireanaí). Arís eile, titfidh sé ar eagarthóir an nuachtáin nua a chinntiú go n-úsáidfear a chuid acmhainní teoranta go siosmaideach le go ndéanfar freastal ceart ar riachtanais na léitheoirí.

5. Súil a choinneáil ar an bhunchúram:

Buntáiste eile a bheas ag an nuachtán ar líne ná go mbeidh sé in ann ábhar físeáin agus closamhairc a phostáil fosta. Ba cheart fáilte a chur roimh a leithéid ón phobal, ach a n-iontaofacht a phromhadh. É sin ráite, tá an baol ann go dtitfeadh an nuachtán idir trí stól má bhronntar dualgaisí ilfhíse ar na hiriseoirí. B’fhearr i bhfad go mbeidís ag díriú ar an bhunchúram .i. scéalta maithe nuachta a sholáthar i bhfoirm scríofa. I ndeireadh ama, is mó na hacmhainní agus an scil atá ag Nuacht TG4 agus ag RnaG chun freastal ar ábhar físe agus éisteachta.

6. Cumas athrú:

Chuir David Cameron i leith iar-Phríomh-Aire na Breataine, Gordon Brown, tráth gur “analogue politician in a digital age” a bhí ann. Thiocfadh an rud céanna a rá faoi go leor de na foilseacháin Ghaeilge le dornán blianta anuas. Tionscal é na meáin chumarsáide a thagann an t-athrach ar an athrach i bhfaiteadh na súl agus is mairg don té a bhíonn ina chodladh go headra ó thaobh na teicneolaíochta de. Caithfidh buaiteoirí an chomórtais a bheith in innimh a dtáirge a chur i bhfóirstean do ré úr agus d’ardáin úra, cuid acu nach ann dóibh go fóill.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.