AR NA SAOLTA SEO
Gaeilg Oileán Mhanann – Y Ghaelg
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Chas Tony Birtill le ceoltóir agus cainteoir Manainnise, Paul Callister agus thug cluas dá dhea-scéala faoin teanga bheag oileáin sin.

Íomhá
Paul Callister ag bualadh an bhanjo i gClub Naomh Peadar is Pól, Learpholl, deireadh Márta 2014
(Tony Birtill a tharraing)
Íomhá
An luchtán, mianach caorach Mhanainn
(le Chris Bramhall ar Vicipéid)
Íomhá
Sráidbhaile Cregneash 1988
(le RuthAS ar Vicipéid)
Íomhá
An Caolas & an Cholú
(le Eric Bobson ar Vicipéid)
Íomhá
Bunscoill Ghaelgagh
(le Simon Ager ar Flickr)

Bhuaigh an bhuíon cheoil traidisiúnta as Oileán Mhanann ‘Barrule’ an gradam ‘An dlúthdhiosca nua is fearr’ sa vótáil i Mí an Mhárta ar an tsuíomh idirlín www.spiralearth.co.uk. Bunaíodh an suíomh seo, atá lonnaithe i Suffolk, Sasana, i 2005, agus tá sé dírithe ar cheol traidisiúnta, ceol fréamhacha agus ar cheol athraigh.

Is iad Jamie Smith (cairdin), Tom Callister (fidil) agus Adam Rhodes (bouzouki) an triúr i mBarrule, agus tagann an t-ainm as an chnoc Baarool Jiass (Barúl Deas), áit a raibh Mannanan beg y Leir (Manannán mac Lir) ina chónaí, de réir na finscéalaíochta . http://www.barruletrio.com

Bhí suim ar leith ag Gaeilgeoirí i Learpholl sa bhua seo mar rugadh Tom Callister sa chathair sin agus thosaigh sé ag foghlaim na fidle i measc an chomhphobail Éireannaigh ansin, áit a raibh a athair Paul ina bhall de Chonradh na Gaeilge. Ba as Oileán Mhanann a athair agus bhog an teaghlach isteach ar an oileán sa bhliain 2000, nuair a bhí Tom seacht mbliana d’aois agus bhí a thuismitheoirí an-bhródúil as nuair a bhain sé an phríomhdhuais, Sciath Mhanann, ag Yn Chruinnaght, an fhéile bhliantúil, i 2003. http://www.ynchruinnaght.com

An Dea-Scéala

Is ceoltóir é féin Paul Callister (nó Mac Alasdair) agus bhí deis agam labhairt leis faoi chúrsaí ceoil agus teanga nuair a bhí sé ag seinm ag seisiún i Learpholl le déanaí.

“Tá Manainnis ag déanamh go maith na laethanta seo. Tá 71 dalta ag Bunscoill Ghaelgagh anois. Ní raibh ach dáreag ann nuair a thosaigh m’iníon Isla ansin i 2002 . Beidh sise 16 i mbliana agus tá a deirfiúr Maeve, 9 bliana, ag freastal ar an Bhunscoill anois,” arsa Paul liom.

Chomh maith leis an bhunscoil, tá cúig naíonra faoi stiúir Mooinjer Veggey (muintir bheag) ar fud an oileáin anois. www.mooinjerveggey.org.im . Níl an Mhanainnis ag an chuid is mó de na tuismitheoirí agus foghlaimíonn na daltaí an teanga ag an naíonra trí amhrán, dánta agus trí bheith ag súgradh.

“Tá dea-thoil ag a lán daoine ar an Oileán don teanga, cé nach bhfuil Gaelg acu féin,” mhínigh Paul dom.

Dúirt 25 % de na freagróirí i bpobalbhreith Mori sa bhliain 2001 go mba spéis leo an Mhanainnis a fhoghlaim agus de réir taighde ar chultúr agus oidhreacht, shíl 75% go raibh teanga agus cultúr tábhachtach don ionannas náisiúnta. Shíl 86% acu fosta gur chóir níos mó spreagadh a thabhairt do pháistí chun an Mhanainnis a fhoghlaim.

Roghnaíonn níos mó ná 1,000 páiste gach bliain le staidéar a dhéanamh ar an Mhanainnis mar ábhar bunscoile nó sa mheánscoil faoi láthair agus tá seachtar múinteoirí Manainnise ag obair i mbunscoileanna. Tar éis bunscoil, is féidir le daltaí cuid a n-oideachas a fháil tríd Mannainnis sa mheánscoil i bPort na hInse (Purt ny Hinshey) agus tá an teanga le fáil mar ábhar roghnach in dhá cinn de na chúig mheánscoil ar Oileán Mhanann. Tógann roinnt daltaí Manainnis mar ábhar ag GCSE agus Ardleibhéal agus leanann cuid acu ar aghaidh leis an teanga ag Ollscoil mar chuid de chéim sa Léann Cheilteach nó sa teangeolaíocht.

Tuilleadh le Déanamh

Ach tá easpa deiseanna ann do pháistí Manainnis a úsáid ar an Oileán.

“Bunaíodh Grúpa Oige Manainnise i bPort na hInse, ár mbaile féin, i 2009 agus mar sin is féidir le páistí Gaelg a úsáid le cairde taobh amuigh den scoil. Fosta, bhí an t-ádh orainn go raibh ár n-iníon Isla in ann taithí oibre a fháil i mbliana le Culture Vannin,” dúirt Paul liom.

Chomh maith le líofacht sa Ghaelg, is amhránaí agus ceoltóir í Isla (fidil agus consairtín), taithí fóirsteanach do Culture Vannin, an eagraíocht stáit a spreagann gach gné de chultúr an oileáin, idir theanga, cheol, rince, stair agus ailtíreacht. www.culturevannin.im :

‘Given that less than 50 % of the island’s population was born here, the teaching of Manx can ensure that children educated in the Island’s schools are aware of the different history and culture of the island. In this sense, the teaching of the language can be seen as culturally inclusive.’

Oifigeach Forbartha Gaelg ann chun úsáid an teanga a spreagadh agus tá cúrsa idirlín ann www.learnmanx.com. Ghlac Isla agus Maeve páirt ann.

D’fhoilsigh Culture Vannin ‘Gaelg son Dellal’ ar na mallaibh mar leabhrán eolais don lucht ghnó ar Oileán Mhanann. Tá an tionscal na túrasóireachta an-tábhachtach do gheilleagar an oileáin agus tuigeann an rialtas go bhfuil an bhéascna áitiúil den mhórthábhacht don tionscal sin.

Mar a dúirt Adam Rhodes ó Bharrule, nuair a bhuaigh siad an vóta ar Spiral Earth, tá borradh faoi cheol traidisúnta faoi láthair agus tá neart grúpaí in iomaíocht lena chéile chun ‘gigs’ a fháil. Beidh an gradam an-áisiúil dóibh le ceol Oileán Mhanann a chur chun cinn.

Tá Tom Callister ar oileán eile anois, Beinn a Bhaoghla, ag déanamh staidéir ar an cheol traidisúnta ag Oilthaigh na Gàidhealtachd agus nan Eilean www.uhi.ac.uk agus is léir go bhfuil nascanna idir ceolteóirí sna tíortha Ceilteacha ag fás an t-am uilig. Is as An Bhreatain Bheag é Jamie Smith, ceoltóir eile le Barrule, atá pósta le Gráinne Joughin, ceoltóir as Oileán Mhanann. Tá sé féin agus Adam Rhodes ina mbaill den ghrúpa Mabon, a bhuaigh an gradam ‘an grúpa is fearr’ sa vótáil Spiral earth.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.