AR NA SAOLTA SEO
Eanach Cuain, Peggy Seeger, agus Mícheál Ó Coincheanainn
Diarmuid Johnson Diarmuid Johnson

Bhuail Diarmuid Johnson le bean mhór le rá a raibh lámh aici i stair cheoil na hÉireann agus a raibh suim dá réir aici. Bhuail sé le fear beag le rá chomh maith ag an am céanna.

Íomhá
Peggy Seeger
Íomhá
Caisleán Mhionlaigh, gar don Chaisleán Nua
Íomhá
Peggy ar na saolta seo anois
Íomhá
Seosamh Ó hÉinniú

I mbliain an 2000, d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta The Road from Connemara le Joe Éiniú. Tá Eanach Cuain ar an gceirnín, caoineadh a scríobh Raftery don slua a báthadh ar abhainn na Coiribe in 1828. Agus nuair a tharla i gcomhluadar mé le Peggy Seeger le deireanas, shíl mé nár mhiste cúpla ceathrú den amhrán a rá di, mar is ise agus Ewan Mac Coll a rinne an buntaifeadadh do Topic Records sna seascaidí.

Cén scéal a bhaineann leis an amhrán sin?” arsa Peggy an oíche sin. D’inseoinnse an scéal ó thús deireadh go fial, fonnmhar, ach bhí daoine eile sa gcomhluadar, cuntasóir Béarlóra as Baile Átha Cliath, agus beirt as Londain, rud a thug orm freagra gonta a thabhairt ar an gceist ar fhaitíos go gcuirfinn bréantan ar an gcóisir le saineolas. Chuimhnigh mé ó shin ar phíosa seanchais a thóg RTÉ thart ar 1960 ó Mhícheál Ó Coincheanainn láimh le hEanach Cuain i gContae na Gaillimhe. Seo anois sleachta ón bpíosa sin agus iad tógtha ón taifead agam focal ar fhocal.

Cuntas san Áit

Deir fear na háite i dtosach gur le muintir Uí Fhearchair as Mucros an bád. Seo tuilleadh dá chuid cainte:

‘Bhí siad ansin idir dhá bhruach ag gabháil isteach go Gaillimh in áit an dtugann siad an Caisleán Nua air, gar go maith ansin do dhroichead an railway, an railway a bhíodh ag gabháil go Clifden. Agus chuir an chaora seo a cos amach faoi chlár rodthaí a bhí i dtóin an bháid. Agus tháinig ansin fear a bhí in aice na háite, a raibh meabhair ar bháid aige i mbruach Loch Coirib’. Bhain sé dhó a chasóg, agus leag sé ar an bpoll é agus bhí sé ag coinneáil amach an uisce go breá. Ní raibh acu tarraingt isteach sa mbruach ar ndóigh, bhí siad i ndáil a bheith i nGaillimh, idir dhá bhruach san abhainn, sa gCaisleán Nua.’

Bhí an poll líonta de réir an scéil más ea, agus an chontúirt maolaithe go maith, murach rud a rinne an dara fear, duine ó cheantar Chor an Dula, dar leis an scéalaí, agus gan aon tuiscint aige ar chúrsaí bádóireachta. Seo í caint Mhichíl Uí Choinceanainn arís:

‘Tháinig sé agus bhuail sé a sháil in aghaidh an chasóg ag iarraidh i a theannadh níos fearr mar bhudh ea, agus chuir sé an clár amach bunáite ó sháil go rinn, agus ansin ar ndóigh nuair a chuir, seod isteach an t-uisce, agus mar a dúirt an t-amhrán, sloigeadh an bád ansin, agus báthadh na daoine agus scaip na caoirigh anonn ‘s anall.’

Bean Inste Scéil

Bhí an méid sin thuas sa gcaint againn féin i nGaillimh le mo linnse, ach téann an míniú a bhí ag Mícheál Ó Coincheanainn i bhfad níos faide leis an scéal. An cheist atá ann: má báthadh an slua, cé a mhair leis an scéal a aithris? Tá an freagra i seanchas na háite. Bean de mhuintir Uí Mhíocháin de réir cosúlachta. Bhí sé cloiste aici más fíor nach dóigh go mbáifí bean a bhí ag iompar clainne, a dála féin, ach a cloigeann a choinneáil os cionn an uisce. Bhí máilín olann ar iompar ag an mbean seo, rud le díol i nGaillimh nuair a bheadh ceann scríbe bainte amach aici. Arsa an scéalaí anois:

‘Fuair sí an máilin olann a bhí aici agus chuaigh sí amach ar stuaicín an bháid. (Sin é an rud atá amuigh i dtosach an bháid a dtugann muide an stuaicín air.) Agus thug sí í féin ansin agus an máilín olann fúithi ar stuaicín an bhaid...Nuair a chuaigh an bád síos agus scaip na caoirigh anonn ‘s anall, agus mar a dúirt mé cheana, choinnigh an máilín olann suas í, nuair gur chuir Dia bád chuici a thóg í. Agus tháinig sí sin as slán. Agus sin í ansin a thug scéal abhaile, céard a d’éirigh den bhád ó thús deireadh agus tosaí. Ach murach í sin ní bheadh aon tuairisc orthu. Bheadh siad ar fad báite idir dhá bhruach.’

Chuir Peggy Seeger ceist orm ansin faoi cheol an amhráin.

“Sin fonn nár chuala mise ach le hEanach Cuain,” arsa mise.
“Tá sé agamsa le Love is Teasing,” arsa Peggy, agus dúirt sí dhá líne.

Shíl mé go mbeadh dreas nádúrach cainte ansin ann faoi chúrsaí ceoil agus eile. Ach bhí an cuntasóir as Baile Átha Cliath ag seanmóireacht.

There are no sad songs in Ireland”, arsa sé.
“Meas tú?” arsa duine eile.
“Ar ndóigh, ní in Éirinn atá muid!” arsa an tríú duine.

Anonn agus anall ansin, agus is gearr go raibh Eanach Cuain agus Raftery fuaraithe orainn. Irene Good Night Irene an chéad rud eile.

Bíodh sin mar atá, is iontach an léargas atá sa bpíosa cainte a rinne Mícheál Ó Coincheanainn, céad tríocha bliain tar éis na tubaiste ar abhainn na Coiribe, ar an gcuimhne a bhíonn ag na daoine go ceann glúnta fada ar rud a tharla ina gceantar féin. An fhaid ‘s a bhí an tSean-Ghaeltacht ann, bhí leanúnachas ann. Agus is i gcaint na ndaoine a bhí an leanúnachas sin.

“Feicfidh mé ag an mbricfeasta thú,” arsa Peggy Seeger liom agus an chóisir ag scaipeadh. Ach níor éirigh mé in am don bhagún maidin lá arna mháireach. B’fhearr liom an t-ocras ná a bheith ag éisteacht le cuntasóir Bhaile Átha Cliath arís.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.