Chaith Ciarán Mac Aonghusa a shúil ar thír a bhí corraithe go mór is go dona anuas na blianta, tír a throid in aghaidh na Naitsithe agus na Rúiseach anuas go 1956, An Úcráin.
Naisc:
Ba bheag nár thosaigh cogadh ar thairseach na hEorpa an mhí seo caite. Chlis ar dhaonlathas leochaileach na hÚcráine. Doirteadh go leor fola agus tá teannas fós sa tír. Tá deighilt ghránna sa tír sin idir iad siúd atá báúil leis an Rúis agus iad siúd atá ar son dlúthnasc a chothú leis an AE. Ar an drochuair, tá bunfháthanna níos doimhne taobh thiar den chliseadh agus tá an baol ann nach bhfuil sa tsocrú is deireanaí ach sos.
Is cuimhin liom féin an faoiseamh a fuarthas nuair a chríochnaigh géarchéim na bliana 2004 sa Úcráin ina muirthéacht shíochánta. Tugadh an mhuirthéacht fhlannbhuí air as siocair na bratacha oráiste nó flannbhuí a chroch na daoine le linn na mórshiúlta. Bhí siad ag cur in aghaidh na caimiléireachta agus mí-úsáid cumhachta. Cuireadh i gcoinne Yanukovich, polaiteoir ó oirthear na tíre atá báúil leis an Rúis, gur chóirigh sé torthaí an toghcháin le go dtoghfaí é ina uachtarán. D’éirigh leis na daoine an toghchán a atheagrú agus toghadh Viktor Yushchenko mar uachtarán (fear a ndearnadh iarracht é a mharú le nimh le linn an fheachtais). Chaill Yanukovich an lá sin ach choinnigh sé leis gur toghadh é mar uachtarán sa bhliain 2010. Cé gur chríochnaigh an ghéarchéim úd go síochánta, bhíothas a rá go raibh deighilt mhór sa tír i rith an ama agus nach raibh sé cinnte go n-éireodh le ceannairí na tíre an dá thaobh a shásamh agus an tsíocháin a choinneáil.
An Té atá Thuas, Óltar Deoch Air
Idir an dá linn chuaigh gnóthaí in olcas. Ar an drochuair tá an Úcráin ina duais straitéiseach idir dhá chumhacht mhóra, mar atá an tAE agus an Rúis. Tá sé mar aidhm ag an AE tionchar a imirt ar a chomharsanacht ar mhaithe le cúrsaí trádála, cúrsaí síochána, agus, le bheith fírinneach, cúrsaí geopholaitíochta. Ach go hiondúil imríonn an tAE go fadtéarmach, malltriallach. Baineann sé úsáid as an “bhog-chumhacht”. Ní mar sin a imríonn an Rúis. Tá an Rúis níos crua agus níos fuarchúisí. Is fíor a rá fosta gur i dtreise a chuaigh cumhacht na Rúise le deich mbliana anuas (a bhuíochas don mhéid foinsí fuinnimh atá inti agus don ardú praghais a tháinig ar an fhuinneamh sin). Anuas ar sin, tá ceannaire na Rúise, Vladimir Putin, crua neamhghéilliúil agus tá sé mar sprioc ina chroí istigh an lámh in uachtar a fháil ar an Iarthar chomh minic agus is féidir.
Le blianta beaga anuas tá teannas idir an AE agus an Rúis. Rinne an Rúis ionradh ar an tSeoirsia sa bhliain 2008 in ainneoin an gearán láidir a rinne an tAE. Ag an am chéanna tharla an cliseadh airgeadais an bhliain chéanna agus ón am sin i leith thosaigh roinnt ceannairí Eorpacha ag iarradh an caidreamh leis an Rúis a fheabhsú ar mhaithe le cúrsaí gnó. De réir mar a chuaigh geilleagar na hEorpa in olcas is cosúil go ndeachaigh gearáin an AE i dtaobh na Rúise chun ciúnais. Níor cheil Putin a shásamh nuair a chonaic sé na tíortha Eorpacha ag streachailt.
Cuireann an teannas ón taobh amuigh leis na fadhbanna móra atá ag an Úcráin féin. Tá cultúr polaitiúil na tíre seanbhlasta agus lofa. Tá an ceannach agus an bhreabaireacht fite fuaite i saol polaitiúil agus oifigiúil na tíre. Anuas air sin tá geilleagar na hÚcráine ina olagarcacht (ar aon dul leis an Rúis). Agus tá cuid mhaith den tír beo bocht.
Socrú Airgid
Is mór í an deighilt chultúrtha idir oirthear na tíre, áit a labhraítear an Rúisis, agus iarthar na tíre, áit a labhraítear an Úcráinis. Tá beagnach 20% de mhuintir na tíre ina Rúisigh eitneacha. Cé go bhfuil Yanukovich báúil leis an Rúis, thoiligh sé le haontú a shíniú leis an AE roimh an Nollaig. Bhí gach rud socraithe roimh ré ag oifigigh ar an dá thaobh. Ní raibh le déanamh ach an conradh a shíniú. Nuair a bhain idirghabhálaithe an AE an Chív amach, áfach, fuair siad drochscéal ó Yanukovich. Bhí na Rúisigh i dteagmháil leis idir an dá linn agus gheall siad $15 míle milliún don Úcráin dá gcuirfí an t-aontú leis an AE ar ceal.
B’ansin a thosaigh an chíréib. Ina dhiaidh sin chaith na fórsaí slándála go brúidiúil le lucht na hagóide agus rinneadh iarracht iad a chur faoi chois le lámh láidir. Chríochnaigh sé ina slad ar na sráideanna. Maraíodh beagnach céad duine.
Ar feadh tamaill, ba chosúil go rachadh an dá thaobh chun cogaíochta. Ag an bhomaite dheireanach, d’éirigh le hidirghabhálaithe ón AE an dá pháirtí a mhealladh chun cainte agus shínigh siad socrú a chinnteodh go mbeadh toghchán roimh dheireadh na bliana agus go saorfaí na daoine a cuireadh i gcarcair le linn na n-agóidí. Bhí sé ar intinn ag Yanukovich an fód a sheasamh mar uachtarán, ach faoin am sin bhí cúrsaí imithe óna smacht. Vótáil Parlaiminte na tíre ar son é a bhriseadh as a phost agus d’fhág sé an Chív.
Agus mé ag scríobh tá uachtarán sealadach ceaptha ag an Pharlaimint agus tá sé beartaithe acu toghchán a reáchtáil i mí na Bealtaine. Faoi láthair tá ceann de na tíortha is mó agus is straitéisí san Eoraip idir dhá cheann na meá. Tá síocháin na tíre ag brath ar céard a dhéanfaidh Yanukovich. An bhfanfaidh sé ciúin nó an ngríosóidh sé a lucht tacaíochta? Agus tá an tsíocháin ag brath ar cheannairí polaitiúla na tíre. An bhfágfaidh siad an mhangaireacht polaitíochta ar leataobh ar mhaithe leis an chogadh a sheachaint? An bhfuil sé de mhisneach acu a bhunreacht a chosaint, nó mar a dúirt Des Ó Máille blianta ó sin, an seasfaidh siad an fód ar son na Poblachta? Beidh súile na hEorpa – agus na Rúise – ag faire orthu go géar.