AR NA SAOLTA SEO
Ilchultúr Québec i mBaol nó Cosaint ar Chearta an Cheantair?
Eoin Ó Catháin Eoin Ó Catháin

fíbín vótála ag teacht ar mhuintir Québec faoi reifreann tábhachtach atá ar na bacáin agus tá Eoin Ó Catháin thall ina measc. Tá gnéithe go leor ann a mhodraíonn an scéal ar an lucht féachana lasmuigh den áit.

Íomhá
Chas siad leis na scoláirí, ag Ollscoil Mc Gill
(le QUΔΠ ΠGUΨΣΠ ar Flickr)
Íomhá
Thomas Ó Maoil Chéire, Ceannaire an Fhreasúra, an NDP
(le Jonathan Allard ar Vicipéid)
Íomhá
Pauline Marois, Ceannaire a páirtí, le hAmbasadóir na Seapáine
(le Parti Québécois ar Flickr)
Íomhá
Taoiseach Cheanada, Stephen Mac a' Chruiteir
(le Remy Steinegger ag WEFAM Davos ar Flickr)

Tá Québec sách lárnach i gCeanada agus is ann is líonmhaire cainteoirí Fraincise sa tír. Ar an iomlán, cónaíonn beagnach 8 milliún duine sa chúige is mó seo, agus de réir taighde a rinneadh in Ollscoil McGill, is de sliocht Éireannaigh 40% den chúige seo. Is mó an aird atá tarraingthe ar Québec le déanaí, go háirithe le toghcháin rialtas mionlaigh ar a bhfuil an Parti Québecois i gceannas, leis an bpolaiteoir conspóideach Pauline Marois mar Thaoiseach.

Creideann an páirtí seo gur cheart neamhspléachas a bhaint amach do Québec leis an teanga agus leis an gcultúr ‘pure laine’ - dóibh a dtáinig a muintir ón bhFrainc, agus gur ‘leo’ mar fíréin Québec - a chosaint, agus ba mhaith leo go gcuirfí an cheist seo faoi reifreann gan mhoill. Ina theannta sin, cuireadh ‘cairtos comhair an rialtais anuraidh darb ainm “Charte des valeurs québécoises” nó ‘Cairt na Luachanna Québec’, agus é á mhaíomh acu gur mhaith leo stop a chur le caitheamh ‘comharthaí creidimh’ sa tseirbhís phoiblí. Caitheadh lasadh sa bharrach leis an bhfógra seo, agus d’eascair díospóireacht fhíochmhar eatarthu siúd a d’aontaigh leis an gcairt, na Franca-Cheanadaigh (scarúnaíthe agus lucht na tuaithe don chuid is mó), agus an chuid eile a d’easaontaigh leis (muintir na cathrach agus lucht an Bhéarla don chuid is mó).

Iamhchríoch Chultúir nó Iamhchríoch Báine?

Ach céard atá i gceist leis an bplean seo? An cosaint chultúrtha é, mar atá á rá ag an PQ, ar son na luachanna uathacha a fhaightear sa chúige, nó an uirlis chiníochais é a chuirfí i bhfeidhm chun an ruaig a chur ar an mionlach a roghnaíonn an Béarla a labhairt seachas an Fhraincís - na Giúdaigh, na Moslamaigh agus na Sícigh ach go háirithe? Chun beagán de chúlra a thabhairt don scéal seo, ba shochaí faoi ordóg na hEaglaise Caitlicí í Québec go dtí deireadh na seascaidí. Bhí cumhacht ollmhór aici agus ba chuma leis an sagart baint a bheith aige i gcúrsaí pobail nó baile. Ba choitianta leis an Eaglais comhairle a chur ar an bpobal faoi chúrsaí clainne, faoin bpolaitíocht agus faoin tsochaí. Bhí caidreamh láidir idir an Eaglais agus an pholaitíocht ó na 30idí, am a chualathas an mana “le ciel est bleu, l’enfer est rouge” (Tá an spéir gorm, tá ifreann dearg) chun a chur ina luí ar daoine a vóta a chaitheamh ar son an pháirtí choiméadaigh.

Thosaigh Québec ag déanamh iarrachta an caidreamh seo a bhaint díobh agus scaradh an Stát leis an Eaglais i rith na 90idí. Fágadh an Stát ag bainistiú na scoileanna agus na n-otharlann ar fad. Chuaigh an líon daoine a d’fhreastail ar an aifreann i laghad, agus taobh istigh de dheich mbliana chuaigh an ráta beireatais ón gcúige is airde i gCeanada go dtí an ráta is ísle sa tír. Maíonn an rialtas PQ go bhfuil siad ag leanúint ar aghaidh le beartas seo na cairte, a chuirfeadh cosc ar chaitheamh na croise móire, an burqa, an hijab, agus an yamalke d’éinne a oibríonn sa chóras poiblí - státsheirbhísigh, múinteoirí, altraí agus dochtúirí san áireamh. Deirtear go bhfuil cur i gcéill leis sin, áfach, mar gur mhaith leis an rialtas mionlaigh na grúpaí a chaitheann na suaitheantais chreidimh seo a dhíbhirt as an gcúige. Labhraíonn na buíonta seo Béarla don chuid is mó agus mar sin is beag seans go gcaithfidís vóta ar son páirtí gur mhaith leis neamhspléachas don Stát Francach a bhaint amach, agus cearta teangan daigne ar son na Fraincíse a chur i bhfeidhm.

Doicheall Québec, Leas Ontario

Is mór an chonspóid a tharraing an cheist seo. Tacaíonn tromlach an phobail leis an gcairt ar fud an chúige, ach tháinig dreamanna mionlaighuachtarán Otharlann na nGiúdach, Dr. Lawrence Rosenberg, fágaim, amach go mór ina choinne go háirithe sa chathair is mó, Montréal. Mhaígh an polaiteoir Thomas Mulcair, gur as Québec ó dhúchas dó, nach bhfuil sé ‘inghlactha’. Tuairiscíodh go ndearnadh ionsaí ar bhean a bhí ag caitheamh an hijab in ionad siopadóireachta i mBaile Québec go gairid tar éis don rialtas an chairt a chur os comhair an phobail. D’éisigh cúige mór eile i gCeanada, Ontario, an áit a bhfuil Toronto agus Ottawa, poiblíocht ag mealladh dochtúirí óga Québec a chaitheann suaitheantas mar seo chun obair ann leis an ráiteas ‘We don’t care what’s on your head, but what’s in it’. (Is cuma linn céard a chaitheann sibh, ach faoi céard a cheapann sibh?). Déanann beartais mar seo cinnte de go mbíonn Québec agus an pholaitíocht go mór i mbéal an phobail na laethanta seo. Níl a fhios an éireoidh leis an gcairt nó an gcaithfí i leathaobh é, ach is cinnte gur ardaigh sé ceist spéisiúil faoi chultúr agus faoin tsochaí nua-aimseartha ina bhfuil Québec.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Tá Eoin ag teagasc Gaeilge in Ollscoil Ottawa, Ceanada faoi choimirce an ICUF faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.