Is é Pádraig Domhnaill fíor-rí Dhún Windsor dar le Balor agus níl gar ná gaobhar ag Mícheál Domhnaill air.
Naisc:
“Nach iontach an fear é Michael Dee Ó Daighdeal Dum?” a d’fhiafraigh Balor an Bligeard an mhí seo a chuaigh thart, i ndiaidh do Rí na Leipreachán pilleadh ar a fhód dúchais. Murab ionann is an gobadán, bíonn sé in ann an dá thrá a fhreastal. Tá Béarla na hÉireann agus Béarla na Banríona ar a thoil aige, agus thig leis tiontú ó cheann go chéile fiú san abairt chéanna. “May I, as President of Eyeaaland, tank you most sinceeeally,” a dúirt sé go minic thall, agus arís “My most sinceeeeaaa tanks.” Shíl muintir bhocht na Breataine gur tancanna míleata a bhí i gceist aige, go dtí gur mhínigh duine de thráchtairí Sky Sports dóibh gur mar sin a ghabhtar buíochas i mBéarla na hÉireann, ach gur minic a luaitear Mac Dé san abairt: “Ah! Jazus, tanks!”
Thiontaigh Michael Dee ar an tuiseal ginideach uimhir iolra agus é ag tagairt do mhuintir na Breataine i nGaeilge sa Royal Albert Hall. “Don’t we all love na gcomharsan, our neighbours?” a d’fhiafraigh sé den scaifte ollmhór a bhí bailithe isteach sa halla mór. Níor ghá dó an cheist a chur, i ndáiríre. Tá muid ar fad i ngrá leo anois, agus iad siúd linne, ó tháinig Beití Windsor ar cuairt chugainn cúpla bliain ó shin.
Fearadh na múrtha fáilte roimh Mhichael Dee nuair a shroich sé Caisleán Windsor. Mhínigh an Bhanríon Beití dó go raibh an Rolls Royce as feidhm agus nach raibh ar fáil ach an seancharbad capaill. Níor chuir sé sin isteach ná amach ar Mhichael Dee ná ar Bheití féin ach oiread, agus as go brách leis an bheirt acu sa chóiste, le Pilib na Gréige ag gíománaíocht ar suíochán ard taobh amuigh.
Is é Rí an tÉadach
Níor luaithe an bheirt acu thar thairseach an chaisleáin nuair a thosaigh siad ag moladh chuid éadaí a chéile agus thuin chainte a chéile agus sheodra a chéile. Ansin thosaigh siad ag moladh thíortha a chéile go hard na spéire. “Nach sibh a bhí cineálta, lách, séimh nuair a bhí sibh i réim in Éirinn!” a dúirt Michael Dee. “Ó nach bhfuil muid fós i réim ann?” a d’fhreagair sí féin. Cén fáth a mbíonn na haontachtaithe sin i Stormont i gcónaí ag iarraidh brat na Breataine a chur ar foluain? Shíl mé go raibh muid fós i réim ann. Oh dear!”
Ansin thosaigh siad ag babhtáil bronntanas. An chéad cheann a thug Beití do Mhichael Dee ná Rory Mc Ilroy. “Arú fan bomaite anois, a Bheití,” arsa Michael Dee. “Bhí mise chun Rory Mc Ilroy a thabhairt duitse. Nach Éireannach é! Ní féidir leatsa Éireannach a thabhairt domsa!” “Oh dear,” a dúirt sí féin arís. “Shíl mise gur Bhriotanach a bhí ann. Moladh dúinn gan an cheist a chur air féin nó bheimis ag fanacht le freagra go Lá Philib an Chleite. Cluinim nach bhfuil sé ag dul rómhaith ar na cúrsaí gailf ar na saolta deireanacha seo. Tá a fhios agam cad é a dhéanfaidh muid: tabharfaidh muid do na Poncáin é an chéad uair eile a bheidh Obama anseo nó in Éirinn. Anois cén bronntanas eile atá agat dom?”
“Bhuel, cé gur Poblacht atá againne sa chuid sin den tír nach libhse é, tá rí dár gcuid féin againn fosta; ach tá mé sásta é a bhronnadh ortsa ionas go mbeidh Rí agaibh i Sasana chomh maith le Banríon. Thug mé liom Patsaí Dan Mac Ruairí, Rí Oileán Thoraí.” Amach as an bhosca mhór le Patsaí Dan, Rí na nDearg le Feirg, fíor-Rí Ráth na Ríogh, Dhún Bhaloir agus Dhún na Gliondála ar fad, Imperator Scottorum, Fomoraigium et Windsororum.