Is lú ná fríd máthair an oilc, deirtear. Tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil gurbh iad na botúin bheaga thar aon ní eile a ghoill go dona is a chuir olc ar na daoine.
Ní dóigh liom féin go raibh an dearg-ghríosáil a fuair an rialtas tuilte acu. Ar bhealach tá an liúradh a fuair siad ar aon dul leis an liúradh a tugadh d’Fhianna Fáil thiar sa bhliain 2011. I gcás an Lucht Oibre is féidir a rá gur caitheadh ní ba mheasa leo ná mar a caitheadh le Fianna Fáil an t-am sin. Ach ní sheasfadh an t-áitiú gurb ionann an dochar a rinne Fine Gael agus an Lucht Oibre le trí bliana agus an dochar a rinne Fianna Fáil i mblianta deiridh an tíogair. Cén fáth mar sin a fuair an rialtas seo an leadradh a fuair siad?
Chuir an rialtas seo tús maith leis an obair – faoi cheann céad lá bhí tuarastail na n-airí rialtais gearrtha acu, bhí reifreann fógartha ar thuarastail na mbreithiúna, agus bhí an ráta íosphá ardaithe acu ar ais go dtí an luach ag a mbíodh sé sular ghearr rialtas Cowen é.
Le dhá bhliain anuas d’éirigh leo roinnt beart tábhachtach a chur i gcrích. D’éirigh leo an ráta úis ar iasachtaí na Triúrachta a ísliú. D’éirigh leo fosta aisíocaíochta na nótaí gealltanais a chur siar. Agus níos tábhachtaí fós, le linn na tréimhse seo thosaigh ráta na dífhostaíochta ag ísliú. Cúpla bliain ó sin bhí sé thart ar 15% fad is atá sé íslithe go dtí 11% inniu. Mar a tharlaíonn sé, tá an ráta sin beagáinín níos ísle ná meánráta na hEorpa faoi láthair. Le sé mhí anuas tá na figiúirí éagsúla geilleagair ag teacht lena chéile agus gan aon amhras ann ach go bhfuil an cúlú thart agus go bhfuil téarnamh beag geilleagair faoi lán tseoil. Cheapfá ón méid seo go mbeadh meas éigin tuillte ag an rialtas.
Is Lú na Fríd
Ach mar a dúirt Ailbhe Mac Raghnaill tá fiche bliain ó shin, is minice gurb iad na rudaí beaga a dhéanann an dochar i gcúrsaí polaitíochta. Is iomaí botún a rinne an comhrialtas. Rinne siad praiseach den fheachtas chun deireadh a chur leis an tSeanad. Léirigh an feachtas sin nach raibh plean soiléir nó beartais chruinne acu i dtaobh leasuithe polaitíochta. Rinne siad praiseach fosta de na táillí uisce. Níor leag siad amach an dóigh cheart le cinntiú go mbeadh na táillí cothrom don chéad uair. Chaith siad go leor caipiteal polaitiúil amú air seo, agus ar bhealach níor éirigh leo fós an scéal seo a réiteach mar bhí orthu an plé faoina rátaí a chur ar ceal go dtí tar éis na dtoghchán áitiúil. Ansin tá cúrsaí sláinte. Bhí scéal na n-ionad um chúram príomhúil, agus, le tamall anuas, an dóigh ar caitheadh le daoine tinne a raibh cárta leighis acu. Ní fheicim féin siocair ar bith nach bhféadfaí na scéalta seo uilig a chur i gcrích ar bhealach nach ngríosódh fearg na tíre agus, ag an am chéanna nach scriosfadh an téarnamh geilleagair.
Ina dhiaidh seo, chothaigh Fine Gael fadhbanna daoibh féin nuair a scoilt roinnt Teachtaí uatha i ngeall ar an reifreann ar ghinmhilleadh. Ach b’fhéidir níos measa fós, ó thaobh an toghcháin is deireanaí de, an bealach ar chaill Alan Shatter smacht ar scéal na ngardaí. Ar feadh na míonna, bhí sé ag tarraingt aird na meán agus sa deireadh bhí air éirí as nuair a bhí feachtas toghcháin faoi lán seoil.
Is fíor go raibh cuid mhaith de na ciorruithe is mó curtha i bhfeidhm ag Fianna Fáil sular tháinig Fine Gael agus an Lucht Oibre i gcumhacht. Ach ní mór cuimhneamh go bhfuil na blianta ag sleamhnú thart agus de réir a chéile d’éirigh an tír bréan de na ciorruithe agus den tsíoranró. Ba chuma cé a bhí i gcumhacht, a fhad is a bhí an ceartúchán ar chaiteachas agus ar cháin ar siúl, bhí daoine chun buille a thabhairt dóibh ar lá an toghcháin.
Ag Maolú na Déine
Is cinnte gur éirigh leis an Lucht Oibre roinnt beartas de chuid Fine Gael a mhaolú. Cuirim i gcás go raibh Fine Gael ag iarraidh 3 mhíle milliúin a ghearradh an uair dheireanach fad nár ghlac an Lucht Oibre ach le 2.5 míle milliúin. Agus táim cinnte go ndéanfadh Fine Gael tuilleadh ciorruithe ar an Leas Sóisialach murach an Lucht Oibre. Ach níor éirigh leis an Lucht Oibre a pháirt sa rialtas a mhíniú agus a chur in iúl. Agus is cinnte nach maitheann daoine iad as na gealltanais neamhionraice a thug siad le linn an fheachtais dheireanaí.
Tá fadhb eile ag an rialtas maidir leis an gheilleagar, mar atá, go bhfuil an téarnamh an-éagothrom. I dtús, is sna cathracha is mó atá cúrsaí ag feabhsú fad is atá an cúlú fós ar bun sna ceantair iargúlta. Agus sna cathracha féin tá sé míchothrom. Sílim go bhfuil ag éirí measartha maith le gairmeacha éagsúla, go háirithe i measc iad siúd a bhfuil cáilithe maith orthu, fad is atá rudaí deacair go leor ag daoine nach bhfuil oideachas maith nó oiliúint ar leith orthu. Ar an drochuair, ní chreidim go dtiocfaidh ach athrú fíormhall ar an scéal seo.
Chuala mé fear a rá gurb é seo an rialtas is measa a bhí againn riamh. Cheapfá ó thorthaí na dtoghchán go raibh go leor daoine ag teacht leis. Ach má bhí, bhí an chuimhne s’acu lochtach. Tar éis an tsaoil, má chuaigh an rialtas seo amú in amanna, agus má bhí sé míchumasach go minic, ní féidir a rá faoi gur chuir sé an tír ar bhealach a scriosta. Ina áit sin, rinne siad lear maith oibre a chuirfidh le leas na tíre sna blianta beaga atá amach romhainn. Is mór an trua áfach, nár chuir siad lena bhfocal agus nár chuir siad cruth úrnua ar an pholaitíocht féin sa tír seo – rud a bhí, agus atá, de dhíth orainn. Dá gcuirfeadh, ní dóigh liom go bhfaighidís an scriosadh fuilteach a fuair siad.