AR NA SAOLTA SEO
Van Morrison & an Ré-Dhamhsa
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Ná fan leis an mhuirthéacht Ghaeilge a chairde. Tá Robert McMillen den tuairim gur thoisigh sé cheana féin agus tá sé ar bun ar áit gar duit féin más ar thalamh ghlas na hÉireann atá tú.

An tseachtain seo chugainn, beidh lucht canta Salm ag teacht aduaidh as Eilean Leòdhais sna hInnse Ghall le bheith ag ceol i nDroichead Átha ar an 4 Bealtaine san Eaglais Agaistíneach i Sráid an tSiopa, ag toiseacht ar a 7.00pm.

Chuala mé féin na cantairí blianta ó shin in Iarsmalann Uladh (an chéad chuairt acu ar an tuaisceart, in 2005 más buan mo chuimhne). Bhí an áit plódaithe agus b’éigean tuilleadh suíochán a thabhairt isteach sa seomra don scaifte. Bhí Tríonóid sa lucht éisteachta - lucht labhartha na Gaeilge a bhí ag iarraidh an Gàidhlig a chluinstin; Preispitéirigh a bhí ansin leis an chantaireacht a chluinstin agus baicle nár Ghaeilgeoirí nó Phreispitéirigh iad ach a bhí ann leis an ealaín shaoithiúil andúchasach seo a chluinstin.

Tá ceol na salm i gcroílár an adhartha i dtraidisiún Gaidhlig na bPreispitéireach in Albain agus ag deireadh na coirme, ba bheag duine nach ndeachaigh an ceol lom, dian, spioradálta seo i bhfeidhm go mór orthu ba chuma cén creideamh a bhí acu nó mura raibh creideamh acu ar chor ar bith. Chruthaigh sé caidreamh idir an Tríonóid thuasluaite fríd an imeacht comhroinnte. An Ghaeilge mar nasc.

An Ré-Dhamhsa

Bhí mé ag coirm cheoil i nDún Laoghaire i mí Dheireadh Fómhair anuraidh, Ré-Dhamhsa: Tionscadal Van Morrison inar cheol Liam Ó Maonlaí, David Blake, Hilary Bow agus an Brad Pitt Light Orchestra amhráin de chuid Van an Fear, aistrithe go Gaeilge ag Gabriel Rosenstock agus Cathal Póirtéir. D’éirigh thar barr leis an choirm seo fosta mar gheall ar fheabhas na n-amhránaithe, áilleacht na n-aistriúchán (tá cuid Rosenstock le feiceáil ag roghaghabriel.blogspot.com), lucht éisteachta tuigseach, báúil, agus scoth cheoltóirí sa bhuíon. Ó, agus amhráin Van Morrison é féin. Oíche lúcháireach a bhí ann agus an lucht éisteachta ar a gcosa ag screadaigh amach G.L.O.R.I.A - Gloria ag deireadh na hoíche.

Shíl mé gur smaoineamh breá é an seó a mhealladh ó thuaidh agus mhínigh mé do Claire Kieran ón Droichead ar Bhóthar Ormeau chomh maith is a bhí an seó ach bhí fáth eile taobh thiar den rud. Rinne sise éacht i gcuideachta lucht Fhéile Ealaíon Cheathrú na hArdeaglaise agus beidh an seó le feiceáil i mBéal Feirste an mhí seo.

Oirthear Bhéal Feirste

Is as oirthear Bhéal Feirste do Van Morrison agus bhí suim mhór aige sa spioradáltacht riamh anall agus an spioradáltacht Cheilteach (cibé an rud é féin!) ach go háirithe. Chomhoibrigh sé leis na Chieftains tráth a thaifead siad Celtic Heartbeat, (a bhí go hainnis ach sin scéal eile) ach leis féin, tá sé ar scríbhneoirí amhrán chomh cumasach is a rugadh riamh in Éirinn.

Ach bhí mé chomh tógtha sin go léireofaí Ré Dhamhsa i mBéal Feirste mar gheall ar an obair atá ar siúl ag Linda Ervine agus a comhghleacaithe ag an East Belfast Mission agus iad ag cur na Gaeilge chun cinn ansin, beag beann ar an chontúirt fhisiciúil atá ann dóibh a leithéid a dhéanamh. Cad é chomh maith is a bheadh sé go mbeadh amhráin fir a tógadh ina measc agus a scríobh amhráin fána cheantar dúchais - Cyprus Avenue. Cleaning Windows - aistrithe go Gaeilge agus iad á gceol cois Lagáin. Ní dócha go raibh sé seo ar intinn lucht a eagraithe (an Béal Feirsteach Liam Carson agus a fhéile IMRAM) nuair a choimisiúnaigh siad an chéad lá riamh é ach tabharfaidh an choirm seo teachtaireacht láidir faoin Ghaeilge, measaim - gur áis í a dtig le gach duine sult a bhaint aisti beag beann ar chreideamh nó ar pholaitíocht.

Ar chúiseanna pléisiúir amháin, tá mé ag dúil do mór le Ré Dhamhsa a bheas ar siúl sa Bhosca Dubh i mBéal Feirste mar chuid d’Fhéile Ealaíon Cheathrú na hArdeaglaise ar an Domhnach, 11 Bealtaine ar a 2pm.

Inné, cuireadh agallamh orm do Blas, clár raidió BBC Raidió Uladh ar an taispeántas The Art of the Troubles atá ar siúl in Iarsmalann Uladh go dti mí Mheán an Fhómhair.

I ndiaidh an agallaimh le Tomaí Ó Conghaile, chuir sí fear in aithne dom, Ian Mac a Phearsain, Ceanadach Gaelach. Gaeilge (na hÉireann) amháin a labhair muid.

Mar sin, duine ar bith atá ag iarraidh go mbeadh réabhlóid ar bun maidir le cúrsaí Gaeilge, tá teachtaireacht agam dóibh. Ta sé tosaithe cheana féin!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.