Ghlac Brian Ó Broin staidéar ar ghné thruamhéalach a bhaineann le SAM, gnóthaí cine. Má tá cead suí ar bhus agus cead vótála faighte, tá obair ollmhór shóisialta le déanamh go fóill.
Tá sé ina raic arís i Meiriceá, agus is é cine is cionsiocair leis an dráma. Go déanach i mí Aibreáin cuireadh taifead ar fáil de roinnt glaonna gutháin a rinne úinéir na foirne cispheile, na “Los Angeles Clippers”, Donald Sterling, lena chailín V. Stiviano. “Cuireann sé as dom”, arsa seisean (i measc rudaí eile) “go bhfuil tú ag guairdeall thart le daoine Gorma.” Cúpla lá i ndiaidh foilsiú an scéil, d’éiligh Cumann Náisiúnta na Cispheile ar Sterling éirí as a úinéireacht agus leag siad fíneáil $2.5 mhilliún air. Cuireadh olc ar go leor daoine, an t-uachtarán Obama ina measc, a thug “ciníochas thar a bheith maslach” ar an méid a dúirt Sterling. D’fhéadfadh sé “amaidí” a chur ina leith freisin. Daoine Gorma is ea 13 as 15 ball na foirne, agus ba léir go rabhadar go léir fraochta.
In ainneoin uachtarán Gorm a bheith sa Teach Bán, is léir go bhfuil ciníochas beo beathaíoch i Meiriceá go fóill. Cónaíonn an chuid is mó de dhaoine Gorma i bplódcheantair sna cathracha anois, áit a bhfuil bochtanas agus dífhostaíocht go forleathan. Faraor, i súile an phobail Ghil, is ionann craiceann Gorm coirpeachas.
Iarsma na Plandála
Deir 8.8% de Mheiriceánaigh gur de bhunadh Afraiceach iad. Cé as a dtáinig na hAfraicigh seo go léir? Faraor, is é “sclábhaíocht” freagra na ceiste sin. Ón seachtú haois déag amach bhí sé ag éirí níos éasca taisteal idir an Eoraip, an Afraic, agus na Meiricí, agus thug baill den lucht gnó faoi deara go bhféadfaí daoine a thógáil ón Afraic go Meiriceá le cur ag obair sna plandálaithe ar bhairr mar thobac, rís, agus cadás. D’fhéadfaí sclábhaithe a dhéanamh de na neacha seo mar nár Shasanaigh iad agus nár Chríostaithe iad, rud a chiallaigh nár bhain cearta an ghnáth-Shasanaigh leo.
Ceadaíodh sclábhaíocht i ngach ceann de na cóilíneachtaí Sasanacha i Meiriceá Thuaidh, ach ba shoiléire í sa deisceart in áiteanna mar South Carolina agus Virginia, áit a raibh níos mó ná a leathchuid den phobal ina sclábhaithe ag obair ar phlandálaithe móra. I ndiaidh Muirthéacht 1776 d’éirigh na stáit ó thuaidh as sclábhaíocht ar fad, ach cuireadh go mór leis ó dheas, áit ar leathnaigh sclábhaíocht amach i gcríocha nua Alabama agus Mississippi. Faoi 1861, nuair a bhris Cogadh Cathardha Mheiriceá amach, bhí Meiriceá deighilte go maith idir na stáit ó thuaidh nár ceadaíodh sclábhaíocht iontu agus na stáit ó dheas, inár ceadaíodh sclábhaíocht go forleathan. Go dtí 1865 (nuair a cuireadh deireadh le sclábhaíocht sna Stáit Aontaithe i gcoitinne), allmhairíodh breis agus leathmhilliún sclábhaithe Afraiceacha go dtí ceantar na Stát Aontaithe. Agus is as an leathmhilliún sin a gineadh na 40 milliún “Afra-Mheiriceánaigh” atá i Meiriceá sa lá atá inniu ann. Níor athraigh cúrsaí mórán tar éis an Chogaidh Chathardha. Bhí na hiarsclábhaithe beo bocht, agus don chuid is mó d’fhanadar ar na plandálaithe ag obair mar oibrithe íoctha. Go deimhin is sna ceantair sin is mó a fhaightear Afra-Mheiriceánaigh go fóill i gcorrán mór leathan a shíneann ó oirthear Texas soir go Georgia agus ó thuaidh as sin go Virginia. Feirmeoirí beaga is ea na daoine seo, ina gcónaí i mbailte beag faoin tuaith.
Ach bhí cúrsaí ag athrú go tapa. Ó lár an 19ú haois bhí an Réabhlóid Tionsclaíoch ag claochlú na gcathracha. Bhí oibrithe ag teastáil go géar ar fud Mheiriceá, ach go háirithe sna cathracha ó thuaidh. Bhog an-chuid de phobal Afra-Mheiriceánach as an deisceart ó thuaidh chun postanna a thógáil in áiteanna mar Nua-Eabhrac agus Siceágó. Níos déanaí arís, le teacht an ghluaisteáin, bhogadar go háiteanna mar Detroit chun postanna a thógáil sna monarchana cairr. Ach níor lig don chiníochas, a bhí sách forleathan sna Stáit go fóill, dóibh cur fúthu áit ar bith ba mhian leo. B’éigean dóibh cur fúthu ina gceantair féin, mar dheisceart Siceágó agus deisceart Los Angeles.
Bánú agus Gormú Ceantar
Go híorónach, b’é teacht na ngluaisteán céanna a thug seans do lucht an Chine Ghil an pobal Gorm a fhágáil ina ndiaidh. Agus an Cine Gorm ag bogadh isteach sna cathracha, thosaigh an Cine Geal, go háirithe sa tréimhse i ndiaidh an dara chogadh domhanda, ag bogadh amach go dtí na fobhailte, a bhuíochas leis na gluaisteáin nua a cheannaíodar. Ní raibh an t-airgead ag an gCine Gorm an t-aistriú céanna a dhéanamh, agus d’fhanadar i lár na gcathracha. Ó na seascaidí amach thosaigh na monarchana, faoi bhrú ó dhéantúsóirí thar lear, ag dúnadh, agus fágadh an pobal Gorm in áit na leithphingine i lár cathracha ar fud Mheiriceá.
Sin mar atá cúrsaí ó shin i leith. Is beag cathair tionsclaíoch a tháinig chuige féin go fóill, agus fágann sin áiteanna mar Paterson, Nua-Gheirsí, cathair bhríomhar Éireannach tráth, mar cheantair iarchogaidh. Gan obair iontu, níl airgead iontu, agus fágann sin na scoileanna ar caighdeán íseal, rud a chinntíonn nach mbeidh oideachas ag an gcéad ghlúin eile ach oiread. Gan dóchas ar bith, téann pobail na gceantar seo, Afra-Mheiriceanaigh a mórchuid, i muinín drugaí, deoch mheisciúil, agus foréigean sráide.
Ní fios céard is féidir a dhéanamh chun an ghéarchéim seo a leigheas. Táthar ag déanamh tréaniarrachtaí cabhair a thabhairt do ghnónna agus d’oideachas sna ceantair Ghorma, ach faraor téann go leor den airgead amú mar gheall ar éillitheacht, neamhinniúlacht, agus gadaíocht. B’fhéidir go bhfeabhsóidh cúrsaí amach anseo, mar a tharla cheana fein i gcathracha athbheoite mar Pittsburgh, Pennsylvania, ach i ndáiríre tógfaidh sé roinnt glún eile sula bhfeicfear athrú ar bith.