AR NA SAOLTA SEO
Benvenuti, Giro d’Italia go hÉirinn
Gráinne Campion Gráinne Campion Gráinne Campion

Níl ann ach mí go leith go mbeimid ag amharc ar rása mór Iodálach ag scinneadh bealaigh ar bhóithre na hÉireann. Bhí Gráinne Campion ag breathnú isteach sa scéal.

Íomhá
An rothaíocht, go maith do chách
(Cycling Ireland a tharraing)
Íomhá
Ag fógairt an Giro
(Valerie Campion a tharraing an grianghraf)
Íomhá
Bearna Falzarego i Sliabhraon na Dolomaite
(le Rüdiger Krat, St. Ingbert ar Vicipéid)
Íomhá
An Giro ag teacht chugainn
(Valerie Campion a tharraing)
Íomhá
Dár gcur ar an eolas
(Cycling Ireland a tharraing)

Den chéad uair riamh, beidh Giro d’Italia— ceann de na rásaí is mó clú agus cáil ag teacht go hÉirinn chun tús spleodrach a chur le comórtas na bliana seo. Beidh tús á chur leis an Giro d’Italia leis an ‘Grande Partenza’, nó an ‘Tús Mór’ i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath idir an 10ú agus an 12ú lá de mí na Bealtaine 2014.

Fógraíodh an dea-scéala seo ag dhá imeacht speisialta a bhí á reáchtáil i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. I láthair i mBaile Átha Cliath bhí an tAire Michael Ring agus an tArdmhéara Naoise Ó Muirí. Agus ag an imeacht i mBéal Feirste bhí an tAire Arlene Foster agus an tArdmhéara Alderman Gavin Robinson.

Ó Bhéal Feirste go hArd Mhacha & go Baile Átha Cliath

Beidh an rás lonnaithe i mBéal Feirste dhá lá i dtosach agus beidh an tríú lá rásaíochta ag síneadh ó Ard Mhacha go Baile Átha Cliath don chríoch mhórthaibhseach, lonrach, shiamsúil.

Céim a haon - 9 Bealtaine - 22 ciliméadar. Trí Bhéal Feirste: bóthar Nua na hArda, Cnoc an Anfa, Droichead na Banríona, Bóthar Ormeau, An Sruthán Milis agus trí lár na cathrach féin.

• Céim a dó - 10 Bealtaine - 218 ciliméadar. Ó Bhéal Feirste go hAontroim. Beidh an rás ag dul go Baile Meánach, Baile Monaidh, Muileann na Buaise, Clochán an Aifir ag dul timpeall an chósta trí Bhun Abhann Dalla, Latharna, Carraig Fhearghais agus ag pilleadh ar Bhéal Feirste ansin.

• Céim a trí, 11 Bealtaine - 187 ciliméadar. Ag imeacht as Ard Mhaca go dtí Cnoc Rua, Baile Úr, Foirceal, Dún Dealgan, Baile an Ghearlánaigh, Droichead Átha agus go Baile Átha Cliath ansin.

Baint an Giro in Éirinn

baint lárnach ag an Giro le hÉirinn cheana féin mar gur bhuaigh Stephen Roche an ‘Maglia Rosa’, nó ‘Geansaí Bándearg an bhuaiteora’, i 1987. Cuireadh tús le ceiliúradh bua Stephen ag Mórshiúl Naomh Pádraig i mBaile Átha Cliath agus é mar fhear eagair ar an mhórshiúl. Bhí neart rothaithe de chuid na hÉireann ag caitheamh léinte bándearga agus iad ag rothaíocht chun aird a thabhairt ar an Giro.

Rothaí cáiliúil eile de chuid na hÉireann ná Sean Kelly a bhuaigh Milan-Sanremo faoi dhó agus an Giro di Lombardia faoi thrí.

An ‘Maglia Rosa’

Tá lúcháir ar dhaoine go bhfuil dearthóir de chuid na hÉireann – Fergus Niland ag obair mar cheann roinne táirge agus dearaidh leis an chomhlacht Santini i mBergamo, san Iodáil atá i mbun na ngeansaithe a dhearadh don Giro d’Italia. Tá neart freagrachta air maidir leis na geansaí speisialta seo ach in éineacht leis na freagrachtaí tá onóir ann dó mar dhearthóir, deir sé. Míníonn Fergus, “ní hé go bhfuil ort an ‘Maglia Rosa’ a dhearadh as an nua” ach go mbreathnódh sé ar a ról féin mar “an ‘Maglia Rosa’— an meafar spóirt cáiliúil seo a chur tríd atriail eile agus tagairt a dhearadh air do ‘Grande Partenza’ na bliana seo in Éirinn, m’áit dúchais.”

Cuireadh an dath bándearg ar an gheansaí mar sin é dath an nuachtáin Gazzetta dello Sport atá mar phríomhurraí.

Ní hamháin go bhfuil geansaí bándearg ann don bhuaiteoir sa Giro ar fad, ach tá geansaí gorm ann don rothaí a chríochnaíonn céim na sléibhte i dtosach. Tá geansaí bán ann don rothaí is sciobtha faoi 25 bliain d’aois agus tá geansaí dearg don rothaí a ghnóthaíonn an méid is mó pointe sa ráib. Stair an Giro

Is é an taobh stairiúil a bhaineann leis an Giro d’Italia ná gur reáchtáladh an chéad cheann i 1909 chun an nuachtán Gazzetta dello Sport a chur chun cinn. Anois tá suntas chomh mór sin ag baint leis go bhfuil clú agus cáil air mar cheann de na himeachtaí spóirt is mó ar domhan in éineacht leis an Tour de France agus Vuelta d’Espana. Bíonn 12.5 milliún de lucht féachann aige thar na trí seachtaine.

Cé go n-athraíonn an cúrsa chuile bhliain, tá leagan amach an rása mar an gcéanna - ar a laghad dhá thriail ama, an bealach trí na Sléibhte Dolaimíte agus trí na hAlpa agus an chríoch i gceann de na cathracha is tábhachtaí san Iodáil.

Bíodh gur tosaíodh an Giro 105 bliain ó shin, is i mbliana atá an 97ú rás áfach. Anuas ar seo, níor thosaigh an rás taobh amuigh den Iodáil ach faoi deich! An chéad uair i 1965, tosaíodh é i San Marino, agus idir seo agus sin bhí an Grande Partenza ar siúl sa Bheilg, i gCathair na Vatacáine, sa Ghréig, i Monacó, san Ísiltír agus sa Danmhairg i 2012.

Gliondar Roimh Theacht an Giro

Ag caint ag an seoladh i mBÁC dúirt an tAire Turasóireachta, Spóirt agus Áineasa Michael Ring: “...Beidh teacht an Giro go hÉirinn ag cur na tíre ar fad, thuaidh agus theas ar ardán idirnáisiúnta... Tá an rialtas seo dírithe ar thurasóireacht a mhealladh le himeachtaí mar seo.”
Bhí an tAire Fiontair, Trádála agus Infheistíochta Arlene Foster den tuairim chéanna gur mó an buntáiste a bheadh ann do thurasóireacht na tíre ach ní hamháin sin ach go mbeadh deis iontach ann don phobal a bheith páirteach in imeacht idirnáisiúnta ar leibhéil éagsúla. Dúirt an tAire Foster:

“Is ceann de na rásaí rothaíochta is ceannasaí é an Giro d’Italia, an turas ab íocónaí do rothaithe na cruinne agus lucht leanúna an spóirt…mar thoradh ar an ócáid seo a reáchtáil beidh muid ag neartú feidhm iomaíoch na turasóireachta agus ag cur leis an gheilleagar san am i láthair agus san am atá amach romhainn.”

Beidh an Giro ag pilleadh ar an Iodáil agus ag tosú an chéad cuid i nGiovinazzo i ndiaidh na tréimhse gairide in Éirinn. Ar an iomlán beidh 3,449.9 ciliméadar a dhéanamh ag na rothaí idir an dá fheacht in Éirinn agus san Iodáil.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Mac léinn MA sa Chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge is ea Gráinne Campion.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.